Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cailín Beag na Lasóg

Title
Cailín Beag na Lasóg
Author(s)
Liam Ó Domhnaill,
Translator
Ó Domhnaill, Liam
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cailín Beag na Lasóg.



(ó'n Fhrainncis bunaidh)



Lá deireannach na bliadhna do bhí ann. Bhí an
sneachta ag tuitim agus dorchadas na hoidhche
ag teacht. Bhí nimh sa ghaoith. I lár an fhuachta
chidhfá go doiléir, cailín beag bídeach ag
dul thart sa tsráid, a ceann gan caidhp
a cosa gan bróg, gan stoca. Ag díol lasóg
do chaith sí an lá; agus bhí a praisgín lán de
bhosgaibh anois; óir níor ceannuigheadh oiread
is aon bhosga amháin uaithi an lá soin. Badh
a dubhach doilbh aici é is gan leith-phingin i n-a
póca dá éis.



Bhí an fuacht ag goilleamhain uirthi go mór
agus an t-ocras. Ní hiongnadh gan an séan
do bheith ar lasadh i n-a súilibh, an cailín bocht!
Bhí na sláma sneachta ag tuitim ar a folt cas;
acht ní ag smaoineamh ar a folt cas do bhí sí.
Bhí soilsí ar lasadh i bhfuinneogaibh na dteach
agus boladh cumhra an bhídh le fághail ag lucht
siubhail na sráideann.



Do shuigh sé síos i gcúinne idir dhá thigh agus
í go faon, lag, tinn. Bhí an fuacht ag dul i
ngéire agus é ghá claoidh acht ní leigfeadh an
eagla dhi dul a bhaile. Ní raibh na lasóga
díolta. Ní raibh aon airgead aici de bhárr an
lae. Do ghabhfadh a hathair uirthi. Agus rud
eile, ní raibh sa mbaile acht fuacht agus ocras,
freisin. Ní raibh acu acht droch-sheomra fá
dhíon an tighe agus dob olc an díon é. Bhí
an bhraon anuas ann is séideán gaoithe isteach.
I n-ionad gloine do bheith is na fuinneogaibh
is amhlaidh bhí tuighe is ciortacha... D'fhanfadh
sí lasmuigh. B'fhéile na sráideanna 'na an
teach.



Acht nach fuar do bhí a lámha beaga caola!
B'fhéidir go ndéanfadh lasóigín an fhuil do
cur ag preabadh ionnta arís! An mbeadh de
mheisneach aici aon lásóg amháin do tharraing
as a cuid earraí agus í chuimil de'n bhalla?
Do las sí ceann acu. Cárbh aoibhinn réaltach
do shoilsigh an solus sa dorchadas! Choinnigh
sí a dhá láimh timcheall ar an lasóig agus do
dhearc sí ar an solas isteach. Do shamhluigheadh
di mar do bheadh oighean mór iarainn ann is
cnaipí ornáideacha air agus clúdach práis go
glé taitneamhach agus teine bhreagh ag cur
teasa ar gach ní. Do shín an cailín bocht a cosa
fuara chun na teineadh d'fhonn na cosa do
ghoradh chomh maith leis na lámhaibh. Do múchadh
an lasóg. D'imithigh an t-oighean as amharc. Bhí
sí i n-a suighe sa bhfuacht agus gan aici i n-a
láimh acht smut beag de'n lasóig dóighte.



Do las sí an dara ceann. Do shoilsigh an
lasóg go lonnrach glégeal ar an mballa.
Chuaidh an solas tré'n mballa amhail is dá mbudh
ghloine é. Do chonnaic an leanbh beag seomra
taobh thiar de'n “ghloine” agus bórd fá éadach
cláir chomh geal le brághaid na heala. Bhí gach
aon chineál méise ag taithneamh ar an mbórd
agus gé rósta agus gal aisti ar mhéis acu.
Bhí boladh na gé ag teacht chuici. Acht thug an
ghé léim go hobann i dtreo an chailín bhig. Bhí
gabhal is sgian ar mhuin na gé. Bhí béile blasta
le bheith aici. Acht do múchadh an lasóg. Ní
raibh os a comhair acht an balla agus é go dorcha
fuar.



Do las sí an tríomhadh ceann. Do-chidh sé gan
mhoill í féin i n-a suidhe fá árd-chrann aoibhinn
Nodlag. B'fhearr de chrann é agus budh dheise
ná an crann Nodlag do chonnaic sí tré
fhuinneóig siopadóra shaidhbhir an lá fá
dheireadh. Bhí na mílte coinneal iol-dathach ag
spréacharnaigh ar chraobhacha glasa an chrainn.
Bhíodar ag mion-gháire go fial fáilteamhail,
dar léi. Do shín sí a lámh i n-áirde. Do
múchadh an lasóg agus do múchadh na mílte
coinneal. Ní raibh os cionn an leinbh bhoicht
acht an spéir go glan, gorm, árd is réalta
ar lasadh chun seaca tar éis an tsneachta. Do
thuit réalt díobh is earball soilseach leis.



“Sin duine atá ag fághail bháis,” ar an cailín
bocht léi féin. Fuair sí an t-eolas soin ó n-a
sean-mháthair, an t-aon duine do bhí i n-a ceann
maith dhi. Sul d'imithigh sí sin ar shlighe na
fírinne adubhairt sí leis an leanbh: “Nuair
a thuiteann réalt anuas ó' spéir comhartha
é sin go bhfuil anam duine ag dul suas chun
Dé atá sa bhFlaitheas.”



Do las sí lasóg eile fós. Do lonnruigh an
solus go haoibhinn taithneamhach soilseach. Bhí
a sean-mháthair i n-a seasamh i lár an tsoluis
is í ag dearcadh ar an gcailín beag go caoin,
glórmhar. “A shean-mháthair dhílis,” ar an
cailín bocht, “glac chugat mé. Nuair múchfar
an lasóg ní bheidh tú ann. Imtheochaidh tú mar
d'imthigh an t-oighean, agus an ghé rósta, agus
an crann aoibhinn úd na Nodlag.”



Do las sí annsin a raibh de lasógaibh sa
bhosga mar budh mhian léi cuideachta na sean-
mháthar do bheith aici agus do thug na lasóga
solus lonnrach chomh geal leis an lá.
Níor chuimhin léi am ar bith cheana an
tseamháthair do bheith chomh maiseach soin.
Thóg sí an cailín beag i n-a baclainn,
dhuadar ag eitill i n-aoinfheacht i lár an tsoluis.
D'éirigheadar is d'éirigheadar go hárd sa spéir
agus níor stadadar gur shroicheadar an
Ríoghacht i nach bhfuil fuacht ná ocras ná triob-
láid. Bhíodar i láthair Dé.



Ar dteacht na maidne fuaire bhí an cailín
bocht in-a luighe sa chúinne idir an dá thigh.
Dath gorm liath-ghlas i n-a gruadhnaibh agus
mion-gháire ar a beolaibh… Bhí sí tar éis
báis agus an chéad lá de'n áith-bhliadhain ann.



D'éirigh an lá go dubhach ar an gcorpáinín
bocht sínte sa tsneachta is bosgaí lasóg i n-a
thimcheall. Bhí aon bhosga amháin is a raibh ann
i n-a luaithreadh. “Budh mhaith léi a goradh
do dhéanamh!” arsa duin' éigin… Ní
raibh a fhios ag an saoghal na neithe áluinne
do chonnaic an cailín bocht agus an tosnughadh
glórmhar do-rinne sí i gcóir na bliadhna
nuaidhe.



Liam Ó Domhnaill.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services