Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgeula ó Ameiriocá
Title
Sgeula ó Ameiriocá
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgeula ó Ameiriocá. Atá feidhm ceud capall dhá dheunamh ag Micheul Ó Flannagáin agus ag Fionán do'n nGaedhilg annso (do bheifidhe dall ar cad do bheadh ar siubhal agat annso anois dá ndeurfá “An t-Athair Micheul Ó Flannagáin” agus “Fionán Mac Coluim” — acht tuigfear nach le drochmheas acht le neart ceana gairmthear na hainmneacha atá id dtosach díobh). Ní theidheann sos ortha. Is ar éigin do bhí an Nodlaig thórsta nuair ba so ar shiubhal arís iad. Agus dá dhéine oibrighid ní measaide a sláinte é. Atáid go buacach bríoghmhar luthmhar láidir greannmhar groidhe. Dorighne muinntir an Philo-Celtic Society feusta agus céilidh oidhche deireannach na bliadhna seo caithte againn agus do bhí gáire agus greann, sult agus subhachas sgléip agus sgeulaidheacht, rinnce agus ceol aca. Do bhí comórtas aca .i. an té innseochadh an sgeul ba ghreannmhaire agus gan a bheith acht chúig nóimeant ar a thí, agus an t-iomaidhe is mó bhainfeadh de gháire amach, an duais do dhul chuige. Gach éinne agus a sgeul féin aige agus gáire “'na mhálaíbh” againn agus mo sgeul féin agam-sa annso síos agus is dóigh nach bhhfuigheadh aon duais ar a innsint! Fionán d'innis domh é. Níl aon sgeul greannmhar dár ceapadh leis na ciantaibh i nEirinn ó Dhún na nGall go hInbhear Sgéine ná fuil 'na mhála ag Fionán. Do bhí Fionán taréis casadh ó Boston, “agus” ar sé “ós ag trácht ar Boston dam é, do chuala sgeul uair i dtaoibh sagart san Mhumhain d'fhógair ó'n altóir Domhnach go dtáinig leitir chuige do'n a leithéid seo de dhuine. Leitir ó Boston í agus bastún do sgríobh í, ar sé!” Do chas Seaghán Leslie ó Washington le dhéidheanaighe agus níor luaithe do shrois sé cathair Nua Eabhraigh ná do thug muinntir na Cuallachta Caitlice cuiridh dinnéir do. Dorighn- eadh an fhleadh istoidhche Diardaoin an t-aonmhadh lá deug di mí Eanair agus b'áluinn agus b'uasal an dream do bhí do láthair ann le 'na chaitheamh. Do labhair Seaghán leó d'fhoclaibh “léigheanta laideanta” agus do mhinigh dóibh fáth a thurais anonn annso. Baineann sé le deallramh go mbeidh na tosgairí roinnt gnóthach go cionn tamaill. An mhéid seo síos dá — imtheachtaibh:— Micheul Ó Flannagáin — Dorighne an Vera Cruz Council of Knights of Columbus fleadh agus feusta dho ar an cúigmhadh lá de'n mí agus do mhínigh sé dóibh obair na Gaedhilge agus fáth a thurais. Do chuireadar na mílte fáilte roimhe, agus do thaithnigh a ndubhairt sé go mór leo. Dorighne an De Soto Council fleadh agus feusta eile dho ar an dara lá deug agus do labhair sé ós a gcomhair agus ba mhóide a spéis i gcúrsaíbh na Gaedhilge a ndubhairt sé leó. Do chuaidh sé go Sprinfield Mass. an cúig- meadh lá deug chum Aonach mór do thionnsgnamh do chuallacht mór Gaedheal .i. na Hibernians, agus ní ghádh dhamh a rádh go ndearna óráid bhríoghmhar. Atá sé taréis cuireadh dinnéir d'fhagháil ó mhuinntir an American Irish Historical Society i gcomhair an seachtmhadh lá deug; agus atá cuireadh eile faghtha aige ó dhuine de bhreitheamhnaibh na hÁrd-Chúirte an séamhadh lá deug .i. Ó Cochlain(Cohalan?) aon de na Gaedhealaibh is fearr méin agus miotal annso. Measaim go bhfuil aithne mhaith mhacánta i nÉirinn air. Atáthar chum oireacht do dheunamh i Holyoke Mass., an t-aonmhadh lá fichead de'n mí seo agus beidh sé féin agus Seaghán Leslie ann chum caint do dheunamh. Deaunfar oireacht eile i Brockton Mass. an t-aonmhadh lá fichead dóibh. Iomthúsa Fhionáin, beidh sé i mbun an Teasbánta .i. Newark ó'n gcúigmheadh lá deug go dtí an fichmheadh lá agus i mBrockton ó'n dara lá fichead go dtí an seachmhadh lá fichead. Rachaidh sé as san go Philadelphia mar a gcuirfidh sé an Teasbánadh ar siubhal ins an tigh is mó atá san gcathair sin .i. teach Straw- bridge and Clothier, agus fanfaidh ann ar feadh coithghchíse. Anois chum “Fhear Treun an Fhilidh Bhig” .i. Domhnall Ó Conchubhair. Atá sé ar a dhícheall ad iarraidh feiseanna do dheunamh i bProvidence i Stát Rhode Island agus i Worcester agus i mBrockton i Stát Massachusetts. Ba dhóigh leat nach bhfuil aon rud ar bh'fhiú trácht air i bProvidence fá lathair acht Domhnall agus an Fheis atá an oiread cainte 'na dtaoibh ins na páipéir. Atá pictiúr Dhomhnaill ionnta agus is breagh an cleithire fir é! Is maith a thagan an fileadh beag do agus ní dóichidhe ciothruinn do bhainfeadh do ná bean saidhbhir éigin do thabhairt gean do agus a fhuadach léi (Tuitim i ngrádh, c.f. tuitim i bpoll draoibe!) Do bhí Micheul Ó Flannagáin i Newark an tseactmhain seo caithte againn chum comhairle do dheunamh le ceannaibh an phobail ann. Taréis do a mhíniughadh dóibh cad ba bhun leis an obair agus fáth a thurais do cheapadar oireacht do dheunamh dó féin agus do Sheaghán Leslie an séamhadh lá de mhí na Féile Bríghde. Atá sé cum dul ann arís an t-ochtmhadh lá fichead de'n mhí seo feuchaint cionnus tá ag eirghe leis an Teasbánadh. Rachaidh sé as san go Philadelphia an naomhadh lá deug. Is é fáth a thurais annsan, chum congnadh do thabhairt dos na Gaedhealaibh atá ag deunamh oireachta dóibh. Chífear ar a bhfuil ráidhte agam nach duine diamhaoin é. Do bhí dinnéar mór ag “Lucht na Síothchána” coicthigheas ó shoin. Dob 'éigin dá cheud píléir do shealadh ann d'eagla go n-íosfaidís a chéile taréis dóibh an dinnéar d'itheadh. Ar ndóigh do bhí Andy s'againne ann! Chífear as an méid seo go raibh fonn síothchána ortha! Ar sgeula is déadhanaighe do tháinig annso chugainn .i. ná deunfaidh Seanaid Ameiriocá aon comhar cáirdeasa cogaidh le Sasana ná leis an bhFrainnc. Do thuit an lug ar an lag ag Andy nuair do chualaidh sé é. Giolla na Luaithe. Cathair Nua Eabhraigh, Eanair, 15, 1912 Níor sgríobhas ariamh cumháire. Cumaire an focal,— G.n L.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services