Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeula ó Ameiriocá

Title
Sgeula ó Ameiriocá
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgeula ó Ameiriocá.



Atá feidhm ceud capall dhá dheunamh ag
Micheul Ó Flannagáin agus ag Fionán do'n
nGaedhilg annso (do bheifidhe dall ar cad do
bheadh ar siubhal agat annso anois dá ndeurfá
“An t-Athair Micheul Ó Flannagáin” agus
“Fionán Mac Coluim” — acht tuigfear nach
le drochmheas acht le neart ceana gairmthear
na hainmneacha atá id dtosach díobh). Ní theidheann
sos ortha. Is ar éigin do bhí an Nodlaig thórsta
nuair ba so ar shiubhal arís iad. Agus dá
dhéine oibrighid ní measaide a sláinte é.
Atáid go buacach bríoghmhar luthmhar láidir
greannmhar groidhe.



Dorighne muinntir an Philo-Celtic Society
feusta agus céilidh oidhche deireannach na bliadhna
seo caithte againn agus do bhí gáire agus greann,
sult agus subhachas sgléip agus sgeulaidheacht,
rinnce agus ceol aca. Do bhí comórtas aca .i.
an té innseochadh an sgeul ba ghreannmhaire
agus gan a bheith acht chúig nóimeant ar a thí,
agus an t-iomaidhe is mó bhainfeadh de gháire
amach, an duais do dhul chuige. Gach éinne
agus a sgeul féin aige agus gáire “'na
mhálaíbh” againn agus mo sgeul féin agam-sa
annso síos agus is dóigh nach bhhfuigheadh aon
duais ar a innsint! Fionán d'innis domh
é. Níl aon sgeul greannmhar dár ceapadh
leis na ciantaibh i nEirinn ó Dhún na nGall
go hInbhear Sgéine ná fuil 'na mhála ag Fionán.
Do bhí Fionán taréis casadh ó Boston, “agus”
ar sé “ós ag trácht ar Boston dam é, do chuala
sgeul uair i dtaoibh sagart san Mhumhain
d'fhógair ó'n altóir Domhnach go dtáinig leitir
chuige do'n a leithéid seo de dhuine. Leitir
ó Boston í agus bastún do sgríobh í, ar sé!”



Do chas Seaghán Leslie ó Washington le
dhéidheanaighe agus níor luaithe do shrois sé
cathair Nua Eabhraigh ná do thug muinntir na
Cuallachta Caitlice cuiridh dinnéir do. Dorighn-
eadh an fhleadh istoidhche Diardaoin an t-aonmhadh
lá deug di mí Eanair agus b'áluinn agus
b'uasal an dream do bhí do láthair ann le 'na
chaitheamh. Do labhair Seaghán leó d'fhoclaibh
“léigheanta laideanta” agus do mhinigh dóibh
fáth a thurais anonn annso.



Baineann sé le deallramh go mbeidh na
tosgairí roinnt gnóthach go cionn tamaill.
An mhéid seo síos dá — imtheachtaibh:—



Micheul Ó Flannagáin —



Dorighne an Vera Cruz Council of Knights
of Columbus fleadh agus feusta dho ar an
cúigmhadh lá de'n mí agus do mhínigh sé dóibh
obair na Gaedhilge agus fáth a thurais. Do
chuireadar na mílte fáilte roimhe, agus do
thaithnigh a ndubhairt sé go mór leo.



Dorighne an De Soto Council fleadh agus
feusta eile dho ar an dara lá deug agus do
labhair sé ós a gcomhair agus ba mhóide a spéis
i gcúrsaíbh na Gaedhilge a ndubhairt sé leó.



Do chuaidh sé go Sprinfield Mass. an cúig-
meadh lá deug chum Aonach mór do thionnsgnamh
do chuallacht mór Gaedheal .i. na Hibernians,
agus ní ghádh dhamh a rádh go ndearna óráid
bhríoghmhar.



Atá sé taréis cuireadh dinnéir d'fhagháil
ó mhuinntir an American Irish Historical
Society i gcomhair an seachtmhadh lá deug;
agus atá cuireadh eile faghtha aige ó dhuine
de bhreitheamhnaibh na hÁrd-Chúirte an séamhadh
lá deug .i. Ó Cochlain(Cohalan?) aon de na
Gaedhealaibh is fearr méin agus miotal annso.
Measaim go bhfuil aithne mhaith mhacánta i
nÉirinn air.



Atáthar chum oireacht do dheunamh i Holyoke
Mass., an t-aonmhadh lá fichead de'n mí seo agus
beidh sé féin agus Seaghán Leslie ann chum
caint do dheunamh. Deaunfar oireacht eile i
Brockton Mass. an t-aonmhadh lá fichead dóibh.



Iomthúsa Fhionáin, beidh sé i mbun an Teasbánta
.i. Newark ó'n gcúigmheadh lá deug go dtí an
fichmheadh lá agus i mBrockton ó'n dara lá
fichead go dtí an seachmhadh lá fichead.



Rachaidh sé as san go Philadelphia mar a
gcuirfidh sé an Teasbánadh ar siubhal ins an
tigh is mó atá san gcathair sin .i. teach Straw-
bridge and Clothier, agus fanfaidh ann ar feadh
coithghchíse.



Anois chum “Fhear Treun an Fhilidh Bhig” .i.
Domhnall Ó Conchubhair. Atá sé ar a dhícheall
ad iarraidh feiseanna do dheunamh i bProvidence
i Stát Rhode Island agus i Worcester agus i
mBrockton i Stát Massachusetts. Ba dhóigh
leat nach bhfuil aon rud ar bh'fhiú trácht air i
bProvidence fá lathair acht Domhnall agus
an Fheis atá an oiread cainte 'na dtaoibh ins
na páipéir. Atá pictiúr Dhomhnaill ionnta
agus is breagh an cleithire fir é! Is maith a
thagan an fileadh beag do agus ní dóichidhe
ciothruinn do bhainfeadh do ná bean saidhbhir
éigin do thabhairt gean do agus a fhuadach léi
(Tuitim i ngrádh, c.f. tuitim i bpoll draoibe!)



Do bhí Micheul Ó Flannagáin i Newark an
tseactmhain seo caithte againn chum comhairle
do dheunamh le ceannaibh an phobail ann. Taréis
do a mhíniughadh dóibh cad ba bhun leis an obair
agus fáth a thurais do cheapadar oireacht do
dheunamh dó féin agus do Sheaghán Leslie an
séamhadh lá de mhí na Féile Bríghde. Atá sé
cum dul ann arís an t-ochtmhadh lá fichead de'n
mhí seo feuchaint cionnus tá ag eirghe leis an
Teasbánadh.



Rachaidh sé as san go Philadelphia an naomhadh
lá deug. Is é fáth a thurais annsan, chum
congnadh do thabhairt dos na Gaedhealaibh atá
ag deunamh oireachta dóibh. Chífear ar a bhfuil
ráidhte agam nach duine diamhaoin é.



Do bhí dinnéar mór ag “Lucht na Síothchána”
coicthigheas ó shoin. Dob 'éigin dá cheud píléir
do shealadh ann d'eagla go n-íosfaidís a chéile
taréis dóibh an dinnéar d'itheadh. Ar ndóigh
do bhí Andy s'againne ann! Chífear as an
méid seo go raibh fonn síothchána ortha!



Ar sgeula is déadhanaighe do tháinig annso
chugainn .i. ná deunfaidh Seanaid Ameiriocá
aon comhar cáirdeasa cogaidh le Sasana ná leis
an bhFrainnc. Do thuit an lug ar an lag ag
Andy nuair do chualaidh sé é.



Giolla na Luaithe.



Cathair Nua Eabhraigh, Eanair, 15, 1912



Níor sgríobhas ariamh cumháire. Cumaire an focal,—
G.n L.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services