Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Páidín Aerach III.
Title
Páidín Aerach III.
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Páidín Aerach Feargus Finnbhéil do sgríobh. III. Do chuir Micil a chuid stuic ar féarach tamall, gur deineadh socrughadh i dtaobh an chíosa. D'imigh Páidín síos amach ar a choimeád, agus pinginí airgid 'na phóca aige. Thug sé seal le himirt agus seal le clis agus seal le tuinn- céireacht. Tháinig sé arís, tar éis na Samhna amach, agus gan cianóg aige. Chualaidh na cúnstáblaithe é bheith ar na bórdaibh agus fuair- eadar bharántas air. Do cuarduigheadh gach poll agus póirse i dtigh Mhicil ach amháin an mheadar. Do cuarduigheadh na cróite uair eile agus an iothla ó sháil rinn, ach amháin an chruach mhóna. Bhí rinnce sa sgioból oidhche Lae Fhéile Stiophán, agus Páidín ag seinm ar an dtlúdh nuair phreab na cúnstáblaithe isteach. “Muchaidh na soillse,” arsa Páidín. Do múchadh, agus bhí dhá fhichead Páidín ag bruth amach i naonfheacht. Bhí lios i dtalamh Mhicil, agus is istigh i nuaimh an leasa do chodladh Páidín gach aon oidhche thirm; punann tuighe fé agus punannn tuighe anuas air. Tháinig Muiris an Chnocáin chun tighe Mhichil an chéad seachtmhain de'n Inid, agus stócach le n-a chois, ag déanadh cleamhnais. Bhí Muiris ag brath ar phósadh le chúig bhliadhna roimhe sin ach nach fuair sé an spré bhí uaidh. Céad agus deich bpúint fhichead do bhí sé dh'éileamh, ach go leagfadh sé deich bpúint dá bhfuigheadh sé bean bhreágh. Cailín maith cruthamhail dob eadh Siún Mhicil, agus do ghlacfadh sé an céad agus fiche léi. Do thairg Micil an céad do. Ní dhéanfadh sé an gnó. Do chuir sé an beithidheach druim- fhionn leis an gcéad. Do labhair an stócach arís agus adubhairt gurbh fhiú céad agus dá fhichead an tógánach, ar a luighead, é féin agus a ghabháltas maith talmhan, agus a hocht gcinn de bhuaibh, agus a shamhaisg ionlaogh, agus a chúig cinn de ghamhnaibh, agus a dhá cholainn, agus a chearthaos, agus a chapall, agus a thrucail, agus a dhá chéis bhréaghdha mhuice, agus a sgata deas caoreach, agus so súd. Do bhog soin Micil gur thairg sé céad agus deich bpúint do. “Agus an druimfhionn,” ars' an stócach. Ní bhfuigheadh sé an druimfhionn agus an méid sin airgid. Bhí beirt eile le cur amach ag Micil. Do sgaradar. Do rith an sgéal amach go raibh an cleamhnas socair. Bhí Páidín ag dul as a chroiceann le háthas Bhí an tlúdh i neagar cheoil aige. Bhí bodharán nuadh ag tiormú sa tsimné aige. Bhí na cnámha cóirithe cruaidhte aige, agus an fhuaim cheart ionnta. Do chuir sé teanga sa tsean thrúmpa. Bhí cleas na dtrí gcárta ullamh aige, agus cleas an dá chrann, agus cleas na sgeine, agus an léim cleasa cuaille, agus léim an bradáin, agus rinnce an phréacháin. Dob fhiú púnt airgid an méid sin do ar an bpósadh, seachas an oidhche ghrinn do bheadh aige. Níorbh fhonn le Muiris an Inid do leigint amugha air féin. I gcionn trí lá chuir sé an stócach ag triall ar Mhicil, féachaint an raibh focal ní b'fhearr aige. Ní raibh. Bhí an cleamhnas briste. Do chuaidh an stócach an lá céadna le sgéala cleamhnais i náit eile. IV. Ní mó do ghoill briseadh an chleamhnais ar aoinne eile ná ar Pháidín. Bhí a phúnt airgid bun as cionn air ag Muiris an Chnocáin, agus é ag teasdáil go géar uaidh. Ní bheadh sé 'na dhiaidh ar Mhuiris muna mbeadh an tairgead do bheith ag teasdáil chomh géar soin uaidh. Ba mhór an náire do Mhuiris é. Ba mhór, agus do féin leis muna bhféadadh sé a phúnt do bhaint de Mhuiris. Bhí sé lá agus goradh le hais claidh aige agus é ag desiúchán. Ráinig sgraith mhaith luaidhe aige, do bhain sé de thigh éigin. Do shleamhnaigh sé isteach i dtigh an bhainne agus thug leis boidéal de dhathughadh an ime, agus próca beag do fuair sé ann. Do dhoirt sé cuid de'n dathú isteach i gclais bhig, agus bhí ag gabháil de'n luaidh, ag á leaghadh agus ag déanadh cnapóg di, agus ag á sgaoileadh isteach sa chlais, go raibh dath buidhe-dhearg ar na cnapógaibh aige. Do chuir sé an próicín i bhfolach sa lios an oidhche chéadna, isteach i bpoll fá leic, agus na cnapóga buidhe-dhearga ann. Do chuaidh sé tráthnóna lá ar na máireach agus bhí ag éalughadh leis féin tímcheall tighe Mhuiris go bhfuair Muiris amharc air. Do rith sé, agus do rith Muiris 'na dhiaidh. Do baineadh cúpla leagadh as, go cinneamhnach, go rug Muiris air. B'éigean do admhughadh do Mhuiris gur ag braduidheacht do bhí sé, gur d'iarraidh piocóide tháinigh sé, agus nár mhaith leis piocóid Mhicil do bhreith leis ar ghnó phríomháideach, le cúrsaíbh áirithe; gurbh é a fhaid ar a ghiorracht gur taibhrigheadh do próicín óir do bheith i bhfolach i mball áirithe, agus dá dtugadh Muiris an phiocóid do nach beadh sé thiar leis; nár bheag do féin a raibh os a chionn, agus a raibh de'n dlighe briste aige gan próca óir do bheith ar iomchar aige; nach éileoch'sé ach oiread de'n airgead dleaghthach agus do bhéaradh síos amach é, ó chomhgar an chlampair. D'imthighdar araon d'éis aimsir chodlata. Bhí an an próicín agus a raibh ann fá'n leabaidh ag Muiris fá ghloadh an choiligh, agus a phúnt airgid 'na phóca ag Páidín. Do chuaidh Muiris a chodla, ach níor thuit néal air. Ca bhfios nach sgéithfeadh Páidín air? D'eirigh sé agus do chuir sé an próicín i dtalamh. Níor shásaimh sin féin é. Dá gcloiseadh Micil Óg go bhfuarthas próca óir 'na chuid talmhan! Ba dheacair dul de Mhicil. Sul a raibh a lán de'n mhaidean caithte do ghabh Muiris isteach i dtigh Mhicil agus adubhairt nach pósfadh aon bhean ach Siún. Ba mhaith an mhaise sin do Mhicil, do chuaidh ar a chosnamh gur shocraidh Muiris leis an chéad púnt. Bhí Siún sásta, agus do pósadh iad lá ar mhanarthar. Is ar Mhuiris do bhí an iongnadh nuair chonnaic sé Pádín ar an mbainis. Ní raibh aon iongna ar Pháidín. Do bhain sé as an dtludh má baineadh riamh as é, agus an mbodharán, agus as na cnámhaibh, agus rinne sé cleas an dá chrann agus léim an bhradáin agus rinnce an phréacháin, agus ceol agus rinnce thíos 'na phóca fá mhaidean, púnt eile airgid. Do bhog sé an bóthar “síos amach” ar maidin go moch. Cúpla oidhche 'na dhiaidh soin do chuaidh Muiris agus do bhain sé an próicín óir agus do theas- báin dá mhnaoi é. “A bheanachair,” arsa Siún, “nach é sin próca do goideadh uainn-ne an lá eile!” A bheanachair .i. a — bheannaighthe. Feargus Finnbhéil. Dearmad cló i “b'Páidín Aerach”. A Chara, Níorbh fhearr de cheardaidhe Páidín féin ná an clódóir do rinne “mála stáin” de “mála stóir.” Feargus Finnbhéil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services