Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Páidín Aerach III.

Title
Páidín Aerach III.
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Páidín Aerach



Feargus Finnbhéil do sgríobh.



III.



Do chuir Micil a chuid stuic ar féarach tamall,
gur deineadh socrughadh i dtaobh an chíosa.
D'imigh Páidín síos amach ar a choimeád,
agus pinginí airgid 'na phóca aige. Thug sé seal
le himirt agus seal le clis agus seal le tuinn-
céireacht. Tháinig sé arís, tar éis na Samhna
amach, agus gan cianóg aige. Chualaidh na
cúnstáblaithe é bheith ar na bórdaibh agus fuair-
eadar bharántas air. Do cuarduigheadh gach
poll agus póirse i dtigh Mhicil ach amháin an
mheadar. Do cuarduigheadh na cróite uair eile
agus an iothla ó sháil rinn, ach amháin an chruach
mhóna. Bhí rinnce sa sgioból oidhche Lae Fhéile
Stiophán, agus Páidín ag seinm ar an dtlúdh
nuair phreab na cúnstáblaithe isteach.



“Muchaidh na soillse,” arsa Páidín.



Do múchadh, agus bhí dhá fhichead Páidín ag
bruth amach i naonfheacht. Bhí lios i dtalamh
Mhicil, agus is istigh i nuaimh an leasa do chodladh
Páidín gach aon oidhche thirm; punann tuighe fé
agus punannn tuighe anuas air.



Tháinig Muiris an Chnocáin chun tighe Mhichil
an chéad seachtmhain de'n Inid, agus stócach
le n-a chois, ag déanadh cleamhnais. Bhí Muiris
ag brath ar phósadh le chúig bhliadhna roimhe sin
ach nach fuair sé an spré bhí uaidh. Céad agus
deich bpúint fhichead do bhí sé dh'éileamh, ach go
leagfadh sé deich bpúint dá bhfuigheadh sé bean
bhreágh. Cailín maith cruthamhail dob eadh Siún
Mhicil, agus do ghlacfadh sé an céad agus fiche
léi. Do thairg Micil an céad do. Ní dhéanfadh
sé an gnó. Do chuir sé an beithidheach druim-
fhionn leis an gcéad. Do labhair an stócach arís
agus adubhairt gurbh fhiú céad agus dá fhichead
an tógánach, ar a luighead, é féin agus a
ghabháltas maith talmhan, agus a hocht gcinn de
bhuaibh, agus a shamhaisg ionlaogh, agus a chúig
cinn de ghamhnaibh, agus a dhá cholainn, agus a
chearthaos, agus a chapall, agus a thrucail, agus
a dhá chéis bhréaghdha mhuice, agus a sgata deas
caoreach, agus so súd. Do bhog soin Micil gur
thairg sé céad agus deich bpúint do.



“Agus an druimfhionn,” ars' an stócach.



Ní bhfuigheadh sé an druimfhionn agus an
méid sin airgid. Bhí beirt eile le cur amach
ag Micil. Do sgaradar.



Do rith an sgéal amach go raibh an cleamhnas
socair. Bhí Páidín ag dul as a chroiceann le
háthas Bhí an tlúdh i neagar cheoil aige.
Bhí bodharán nuadh ag tiormú sa tsimné aige. Bhí
na cnámha cóirithe cruaidhte aige, agus an
fhuaim cheart ionnta. Do chuir sé teanga sa
tsean thrúmpa. Bhí cleas na dtrí gcárta
ullamh aige, agus cleas an dá chrann, agus
cleas na sgeine, agus an léim cleasa cuaille,
agus léim an bradáin, agus rinnce an phréacháin.
Dob fhiú púnt airgid an méid sin do ar an
bpósadh, seachas an oidhche ghrinn do bheadh aige.



Níorbh fhonn le Muiris an Inid do leigint
amugha air féin. I gcionn trí lá chuir sé an
stócach ag triall ar Mhicil, féachaint an raibh
focal ní b'fhearr aige. Ní raibh. Bhí an cleamhnas
briste. Do chuaidh an stócach an lá céadna
le sgéala cleamhnais i náit eile.



IV.



Ní mó do ghoill briseadh an chleamhnais ar
aoinne eile ná ar Pháidín. Bhí a phúnt airgid
bun as cionn air ag Muiris an Chnocáin, agus
é ag teasdáil go géar uaidh. Ní bheadh sé 'na
dhiaidh ar Mhuiris muna mbeadh an tairgead
do bheith ag teasdáil chomh géar soin uaidh.
Ba mhór an náire do Mhuiris é. Ba mhór, agus do
féin leis muna bhféadadh sé a phúnt do bhaint
de Mhuiris.



Bhí sé lá agus goradh le hais claidh aige agus
é ag desiúchán. Ráinig sgraith mhaith luaidhe
aige, do bhain sé de thigh éigin. Do shleamhnaigh
sé isteach i dtigh an bhainne agus thug leis
boidéal de dhathughadh an ime, agus próca beag
do fuair sé ann. Do dhoirt sé cuid de'n dathú
isteach i gclais bhig, agus bhí ag gabháil de'n
luaidh, ag á leaghadh agus ag déanadh cnapóg
di, agus ag á sgaoileadh isteach sa chlais, go
raibh dath buidhe-dhearg ar na cnapógaibh aige.
Do chuir sé an próicín i bhfolach sa lios an oidhche
chéadna, isteach i bpoll fá leic, agus na cnapóga
buidhe-dhearga ann. Do chuaidh sé tráthnóna
lá ar na máireach agus bhí ag éalughadh leis
féin tímcheall tighe Mhuiris go bhfuair Muiris
amharc air. Do rith sé, agus do rith Muiris 'na
dhiaidh. Do baineadh cúpla leagadh as, go
cinneamhnach, go rug Muiris air. B'éigean
do admhughadh do Mhuiris gur ag braduidheacht
do bhí sé, gur d'iarraidh piocóide tháinigh sé,
agus nár mhaith leis piocóid Mhicil do bhreith leis
ar ghnó phríomháideach, le cúrsaíbh áirithe; gurbh
é a fhaid ar a ghiorracht gur taibhrigheadh do
próicín óir do bheith i bhfolach i mball áirithe,
agus dá dtugadh Muiris an phiocóid do nach
beadh sé thiar leis; nár bheag do féin a raibh
os a chionn, agus a raibh de'n dlighe briste aige
gan próca óir do bheith ar iomchar aige; nach
éileoch'sé ach oiread de'n airgead dleaghthach
agus do bhéaradh síos amach é, ó chomhgar an
chlampair.



D'imthighdar araon d'éis aimsir chodlata. Bhí an
an próicín agus a raibh ann fá'n leabaidh ag
Muiris fá ghloadh an choiligh, agus a phúnt airgid
'na phóca ag Páidín. Do chuaidh Muiris a chodla,
ach níor thuit néal air. Ca bhfios nach sgéithfeadh
Páidín air? D'eirigh sé agus do chuir sé an
próicín i dtalamh. Níor shásaimh sin féin é. Dá
gcloiseadh Micil Óg go bhfuarthas próca óir 'na
chuid talmhan! Ba dheacair dul de Mhicil.



Sul a raibh a lán de'n mhaidean caithte do
ghabh Muiris isteach i dtigh Mhicil agus adubhairt
nach pósfadh aon bhean ach Siún. Ba mhaith
an mhaise sin do Mhicil, do chuaidh ar a chosnamh
gur shocraidh Muiris leis an chéad púnt.
Bhí Siún sásta, agus do pósadh iad lá ar
mhanarthar. Is ar Mhuiris do bhí an iongnadh
nuair chonnaic sé Pádín ar an mbainis. Ní
raibh aon iongna ar Pháidín. Do bhain sé
as an dtludh má baineadh riamh as é, agus
an mbodharán, agus as na cnámhaibh, agus
rinne sé cleas an dá chrann agus léim an
bhradáin agus rinnce an phréacháin, agus
ceol agus rinnce thíos 'na phóca fá mhaidean,
púnt eile airgid. Do bhog sé an bóthar “síos
amach” ar maidin go moch.



Cúpla oidhche 'na dhiaidh soin do chuaidh Muiris
agus do bhain sé an próicín óir agus do theas-
báin dá mhnaoi é.



“A bheanachair,” arsa Siún, “nach é sin
próca do goideadh uainn-ne an lá eile!”
A bheanachair .i. a — bheannaighthe.



Feargus Finnbhéil.



Dearmad cló i “b'Páidín Aerach”.



A Chara,
Níorbh fhearr de cheardaidhe Páidín féin ná an
clódóir do rinne “mála stáin” de “mála stóir.”



Feargus Finnbhéil.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services