Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Páidín Aerach I.
Title
Páidín Aerach I.
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Páidin Aerach Feargus Finnbhéil do sgríobh. 1. Do ghabhdis chun tighe Mhicil Óig, ar theorainn Chiarraidhe agus Luimnighe, beirt d'fhearaibh beaga loma cruadha, agus a máthair, bean bheag chomh bioránta leo. Lucht siubhail agus cleas dob eadh iad. Thugadís ráithe ag siubhal Chiarraidhe agus ráithe eile ar fuaid chuntae Luimnighe. Bhí teach breágh fairsing ag Micil agus é chomh- garach do'n bhóthar. Bhí croidhe breágh fairsing farais sin aige, agus ó'n gcéad uair do fuair- eadar bheith istigh ní bhíodh acu ach gabháil isteach agus socrughadh fútha. Bhíodh fáilte ag Micil rompa, mar ba an-chomhráidhtí an bhean bheag, agus ní mór sa mbreis do bhí aici ar an mbeirt eile. Ní raibh duine arbh fhiú teacht tairis ó chathair Luimnighe go cathair Uibh Ráthaigh nach go 'neosadís duit cionnus do mhaireadh sé. An cúntas nach bíodh ag duine dhíobh bhíodh sé ag duine eile dhíobh go cruinn. Adeirtí go mbíodh an madaruadh gnóthach le linn a naisdir. Ach ní bheirthí gé ná lacha ná uan ó Mhicil, nó ó aoinne i ngiorracht trí mhíle dho. Is eadh adeiridís sin nach raibh ann go léir ach caint mhustair, daoine fuara fánacha ag á leigint ortha gurbh iad do chothuigheadh an madaruadh, agus gan aon teasbach ar a mhadraíbh féin. Uair 'á dtángadar bhí oiread lupracháin de gharsún na bhfochair nach raibh dóthain cait d'fheoil ar a chnámhaibh beaga. Mura raibh an toirt ann bhí fuineamh ann. Ba gheall le luirgneachán an dá ghéigín cos do bhí fé, agus bhainfeadh sé an ruibe de'n ghaoith Mhárta leo. Páidin thugadís ar an ngarsún. Páidín Aerach do bhaist garsúin na háite air. Mac inghine di, adeireadh an bhean bheag, dob eadh é. D'fhan sé acu ceathair nó cúig de bhliadhnaibh. Do chítí ar na haontaighibh iad, agus cárta agus méaracáin ag na fearaibh beaga, agus cleas na lúibe agus gach cleas as soin amach; a chleas beag féin ag an ngarsún, liathróid agus trí cipíní aige, agus an bhean bheag ag díolachán. Do dheileadar ó chéile sa deireadh. Pé fán do ghabh an bhean bheag is í is túisge d'imthigh. Ní fhaghadh an garsún aon cheart ó'n mbeirt eile as soin amach. Gach a dtuilleadh sé sa ló bhainidís de ist oidhche é. D'fhág sé annsoin iad nuair bhí deireadh foghlumtha aige uatha. Ní déarainn nach gur mó bhí foghlumtha aige ná acu féin, mar adubhairt an sean phréachán leis an phréachán óg le linn imtheachta ar a fhortún féin do. “Aonfhocal amháin eile,” ars' an sean phréachán. “Nuair chífir garsún ag cromadh chun cloiche cuir-se dhíot.” “Tuigim,” ars' an t-ógánach; “ach ca bhfios dam nach beadh cloch 'na phóca aige?” “Ní misde dhuit bheith ag imtheacht,” ars' an sean- phréachán. “Is fearr thú ná mé féin.” Do dheil an bheirt firín leis ó n-a chéile tamall éigin 'na dhiaidh soin, ach d'fhan an tasailín agus an trucail ag an té ba threise dhíobh. Ní raibh aon tuairisg tímcheall na gceanntar ar Páidín ar feadh cúpla bliadhan, gur bhuail sé isteach i dtigh Mhicil tráthnóna a earraigh. Do shocruigh sé fé i gcomhair na hoidhche. Do ghabh sé amach ar maidin ag féachaint i ndiaidh na mbó agus na ngamhan agus na gcapall. D'fhan sé 'na shaghas buachalla aimsire gan aoinne ag á iarraidh air. Ní thug sé do chúntas ann féin ach go raibh sé “síos amach” le dhá bhliadhain. Ní raibh de chúntas ar an sean mhnaoi aige ach gur phós sí. Do dheisigh sé iarann do mhnaoi an tighe, agus galún stáin. Bhí sé ag geata an tséipéil tar éis aifrinn Dia Domhnaigh, agus é ag déanadh cleas an fhaid do bhí aoinne ann do thabharfadh pingin dó. Thug sé cúpla smut de lá ag bailiú arthaí stáin agus gléas iarnála, agus cúpla smut de lá ag á ndeisiú. Do dheineadh sé goradh beag le hais claidh, agus do dheisigheadh sé an tlúdh agus an drol agus an sean phíce ann. I gcionn sé seachtmhaine bhí chúig sgillinge déag bailithe aige. D'imithigh sé leis an méid sin agus do luidh isteach le lucht cleas agus imeartha. D'fhill sé ar Mhicil i gcionn sé seachmhaine eile, a bhalcaisí beaga ar sileadh leis, na bróga beaga caithte go huachdar aige, agus gan pingin 'na phóca. Thug Micil balcaisí éadaigh do agus do luidh sé isteach arís i mbun a ghnótha. Tharla san am soin go raibh gleo agus buadh- airt sa pháróisde i dtaobh cíosa. Bhí an cíos tuitithe ar Mhicil mar chách, agus barántas ag na báillibh 'na choinne i ngioll leis. Maidean le heirghe gréine chualathas an maidrín ag sgeamhghal. D'eirigh an líntighe. Dháréag cún- stábla bhí ag beinn an tighe amuich, agus seisear báillí ag bailiú an stuic de'n fheirim. Ba ghearr go rabhthas sa bhuaile acu, ar aghaidh an tighe amach. Rug Páidín ar mhála stáin agus siúd isteach san iothlain é. Chuir sé béal an mhála anuas ar chorcóig bheach, agus ar iompódh na baise bhí an mála ar a dhroim aige, agus an chorcóg bheach istigh ann. Do rith sé chun na beárnán agus d'fholmhuigh an mála ann. D'eirigh na beacha. Do raid an láir. Do léim an bramach. Do nocht an capaillín glas a fhiacla, agus do chrom ar na caoire dh'itheadh. Do chuaidh beach i nachran istigh i gcluais an mhaidrín. Do rith sé sin anonn agus anall agus gach aon sgread bháis aige. Nuair thuiteadh sé ní fhanadh sé le héirghe. Ó nár fhóir soin air, do stad sé dhe'n rith agus bhí ag casadh mór- thimcheall go bhfuair sé greim ar earball air féin. Annsoin do bhí an murdal ar aige agus é ag cnámhthairt ar an earball. Do bhúir an tarbh. Do ghlac sgeoin na ba agus na gamhna. Do leagadh báille agus do phasáladh báille, do rith an searrach tríd an mbeárnáin agus dhá chéad beach 'na dhiaidh. Thug sé léim reatha tar chúnstábla i leith agus gur chladh bhí roimhe, agus do thuirling ar bhaic mhuiníl ar chúnstábla eile. D'fhág sé leath na mbeach annsoin 'na dhiaidh. Do cealgadh cúnstábla sa tsróin. Do tharraing seisean a ghunna agus do bhuail pleannc i gclár éadain ar an sársiont. Do bhí an stoc sgaipithe ar fuaid na feirmeach fá'n am soin. D'imithigh na báillí 'na ndiaidh agus i gcionn leath uaire bhíodar bailithe arís acu. D'éirigh Páidín amach ó chladh agus siúd leis rómpa, ag impáil ar nós rotha trucaileach ar a lámhaibh agus ar chosaibh, gur chuir sé sgeoin arís ionnta. Bhí na comharsain ag teacht isteach sa bhfeirim ar ball, agus dar leis na báillíbh, gan aon deagh-fhuadar fútha. Do dhruid báille le báille eile, agus do dhruid- eadar ar sgáth a chéile fá dhéin na gcúnstábla. D'imthigh seisear cúnstábla chun Páidín do ghabháil. Fuair seisean foill ar an dtarbh, gur phreab ar a dhrom agus gur leath a dhá choisín air. A leithéid de rás agus de rírá agus de ghreann ní raibh sa dúthaigh sin ó shoin. Bhí fearg ar an maidrín tar éis ar eirigh do, agus ar deineadh de gháirí fé, agus d'imthigh sé i ndiaidh an tairbh chun sásaimh do bhaint de sin. Dob é críoch an sgéil go rug Páidín na cosa uatha, go dtáinig saghas náire ar na cúntáblaibh agus sgoth-eagla ar na báillíbh, agus gur imthigheadar gan oiread agus crúb do breith leo.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services