Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Páidín Aerach I.

Title
Páidín Aerach I.
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Páidin Aerach



Feargus Finnbhéil do sgríobh.



1.



Do ghabhdis chun tighe Mhicil Óig, ar theorainn
Chiarraidhe agus Luimnighe, beirt d'fhearaibh
beaga loma cruadha, agus a máthair, bean bheag
chomh bioránta leo. Lucht siubhail agus cleas dob
eadh iad. Thugadís ráithe ag siubhal Chiarraidhe
agus ráithe eile ar fuaid chuntae Luimnighe.
Bhí teach breágh fairsing ag Micil agus é chomh-
garach do'n bhóthar. Bhí croidhe breágh fairsing
farais sin aige, agus ó'n gcéad uair do fuair-
eadar bheith istigh ní bhíodh acu ach gabháil isteach
agus socrughadh fútha. Bhíodh fáilte ag Micil
rompa, mar ba an-chomhráidhtí an bhean bheag, agus
ní mór sa mbreis do bhí aici ar an mbeirt eile.
Ní raibh duine arbh fhiú teacht tairis ó chathair
Luimnighe go cathair Uibh Ráthaigh nach go 'neosadís
duit cionnus do mhaireadh sé. An cúntas nach
bíodh ag duine dhíobh bhíodh sé ag duine eile dhíobh
go cruinn. Adeirtí go mbíodh an madaruadh
gnóthach le linn a naisdir. Ach ní bheirthí
gé ná lacha ná uan ó Mhicil, nó ó aoinne i
ngiorracht trí mhíle dho. Is eadh adeiridís sin
nach raibh ann go léir ach caint mhustair, daoine
fuara fánacha ag á leigint ortha gurbh iad
do chothuigheadh an madaruadh, agus gan aon
teasbach ar a mhadraíbh féin.



Uair 'á dtángadar bhí oiread lupracháin de
gharsún na bhfochair nach raibh dóthain cait
d'fheoil ar a chnámhaibh beaga. Mura raibh an
toirt ann bhí fuineamh ann. Ba gheall le
luirgneachán an dá ghéigín cos do bhí fé, agus
bhainfeadh sé an ruibe de'n ghaoith Mhárta leo.
Páidin thugadís ar an ngarsún. Páidín
Aerach do bhaist garsúin na háite air. Mac
inghine di, adeireadh an bhean bheag, dob eadh é.
D'fhan sé acu ceathair nó cúig de bhliadhnaibh.
Do chítí ar na haontaighibh iad, agus cárta
agus méaracáin ag na fearaibh beaga, agus
cleas na lúibe agus gach cleas as soin amach;
a chleas beag féin ag an ngarsún, liathróid
agus trí cipíní aige, agus an bhean bheag ag
díolachán. Do dheileadar ó chéile sa deireadh.
Pé fán do ghabh an bhean bheag is í is túisge
d'imthigh. Ní fhaghadh an garsún aon cheart ó'n
mbeirt eile as soin amach. Gach a dtuilleadh
sé sa ló bhainidís de ist oidhche é. D'fhág sé
annsoin iad nuair bhí deireadh foghlumtha aige
uatha. Ní déarainn nach gur mó bhí foghlumtha
aige ná acu féin, mar adubhairt an sean
phréachán leis an phréachán óg le linn imtheachta
ar a fhortún féin do. “Aonfhocal amháin eile,”
ars' an sean phréachán. “Nuair chífir garsún
ag cromadh chun cloiche cuir-se dhíot.”



“Tuigim,” ars' an t-ógánach; “ach ca bhfios
dam nach beadh cloch 'na phóca aige?”



“Ní misde dhuit bheith ag imtheacht,” ars' an sean-
phréachán. “Is fearr thú ná mé féin.”



Do dheil an bheirt firín leis ó n-a chéile tamall
éigin 'na dhiaidh soin, ach d'fhan an tasailín agus
an trucail ag an té ba threise dhíobh.



Ní raibh aon tuairisg tímcheall na gceanntar
ar Páidín ar feadh cúpla bliadhan, gur bhuail
sé isteach i dtigh Mhicil tráthnóna a earraigh.
Do shocruigh sé fé i gcomhair na hoidhche. Do ghabh
sé amach ar maidin ag féachaint i ndiaidh na
mbó agus na ngamhan agus na gcapall. D'fhan
sé 'na shaghas buachalla aimsire gan aoinne ag á
iarraidh air. Ní thug sé do chúntas ann féin ach
go raibh sé “síos amach” le dhá bhliadhain. Ní
raibh de chúntas ar an sean mhnaoi aige ach gur
phós sí. Do dheisigh sé iarann do mhnaoi an tighe,
agus galún stáin. Bhí sé ag geata an tséipéil
tar éis aifrinn Dia Domhnaigh, agus é ag déanadh
cleas an fhaid do bhí aoinne ann do thabharfadh
pingin dó. Thug sé cúpla smut de lá ag bailiú
arthaí stáin agus gléas iarnála, agus cúpla
smut de lá ag á ndeisiú. Do dheineadh sé goradh
beag le hais claidh, agus do dheisigheadh sé an
tlúdh agus an drol agus an sean phíce ann.
I gcionn sé seachtmhaine bhí chúig sgillinge déag
bailithe aige. D'imithigh sé leis an méid sin agus
do luidh isteach le lucht cleas agus imeartha.
D'fhill sé ar Mhicil i gcionn sé seachmhaine eile,
a bhalcaisí beaga ar sileadh leis, na bróga beaga
caithte go huachdar aige, agus gan pingin 'na
phóca. Thug Micil balcaisí éadaigh do agus do
luidh sé isteach arís i mbun a ghnótha.



Tharla san am soin go raibh gleo agus buadh-
airt sa pháróisde i dtaobh cíosa. Bhí an cíos
tuitithe ar Mhicil mar chách, agus barántas ag
na báillibh 'na choinne i ngioll leis. Maidean
le heirghe gréine chualathas an maidrín ag
sgeamhghal. D'eirigh an líntighe. Dháréag cún-
stábla bhí ag beinn an tighe amuich, agus seisear
báillí ag bailiú an stuic de'n fheirim. Ba ghearr
go rabhthas sa bhuaile acu, ar aghaidh an tighe
amach. Rug Páidín ar mhála stáin agus siúd
isteach san iothlain é. Chuir sé béal an mhála
anuas ar chorcóig bheach, agus ar iompódh na
baise bhí an mála ar a dhroim aige, agus an chorcóg
bheach istigh ann. Do rith sé chun na beárnán
agus d'fholmhuigh an mála ann.



D'eirigh na beacha. Do raid an láir. Do léim
an bramach. Do nocht an capaillín glas a
fhiacla, agus do chrom ar na caoire dh'itheadh.
Do chuaidh beach i nachran istigh i gcluais an
mhaidrín. Do rith sé sin anonn agus anall agus
gach aon sgread bháis aige. Nuair thuiteadh sé
ní fhanadh sé le héirghe. Ó nár fhóir soin air,
do stad sé dhe'n rith agus bhí ag casadh mór-
thimcheall go bhfuair sé greim ar earball air
féin. Annsoin do bhí an murdal ar aige
agus é ag cnámhthairt ar an earball. Do bhúir
an tarbh. Do ghlac sgeoin na ba agus na gamhna.
Do leagadh báille agus do phasáladh báille,
do rith an searrach tríd an mbeárnáin agus
dhá chéad beach 'na dhiaidh. Thug sé léim reatha
tar chúnstábla i leith agus gur chladh bhí roimhe,
agus do thuirling ar bhaic mhuiníl ar chúnstábla
eile. D'fhág sé leath na mbeach annsoin 'na
dhiaidh. Do cealgadh cúnstábla sa tsróin. Do
tharraing seisean a ghunna agus do bhuail
pleannc i gclár éadain ar an sársiont.



Do bhí an stoc sgaipithe ar fuaid na feirmeach
fá'n am soin. D'imithigh na báillí 'na ndiaidh
agus i gcionn leath uaire bhíodar bailithe arís
acu. D'éirigh Páidín amach ó chladh agus siúd
leis rómpa, ag impáil ar nós rotha trucaileach
ar a lámhaibh agus ar chosaibh, gur chuir sé
sgeoin arís ionnta. Bhí na comharsain ag teacht
isteach sa bhfeirim ar ball, agus dar leis na
báillíbh, gan aon deagh-fhuadar fútha. Do
dhruid báille le báille eile, agus do dhruid-
eadar ar sgáth a chéile fá dhéin na gcúnstábla.
D'imthigh seisear cúnstábla chun Páidín do
ghabháil. Fuair seisean foill ar an dtarbh,
gur phreab ar a dhrom agus gur leath a dhá
choisín air. A leithéid de rás agus de rírá
agus de ghreann ní raibh sa dúthaigh sin ó shoin.
Bhí fearg ar an maidrín tar éis ar eirigh do,
agus ar deineadh de gháirí fé, agus d'imthigh
sé i ndiaidh an tairbh chun sásaimh do bhaint
de sin. Dob é críoch an sgéil go rug Páidín na
cosa uatha, go dtáinig saghas náire ar na
cúntáblaibh agus sgoth-eagla ar na báillíbh,
agus gur imthigheadar gan oiread agus crúb
do breith leo.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services