Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Láimhseáil na Litreach
Title
Láimhseáil na Litreach
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Láimhseáil na Litreach. Ní dóigh liom go gcuirtear an oiread suime san cheist seo na litreach is ba cheart a chur innti. Cluinimid a lán tráchta ar cheist na cánach .i. an mbéidh leagan agus cruinnighadh na cánach faoi riaghaltas dhuthchais i nEirinn, agus is trom tairbheach an cheist í le pléidhe. Do réir mo thuairimse-se luigheann sí le brigh agus croidhe ceiste eile agus is í an cheist sin, an mbéidh riaghaltas dúthchais ann ar chor ar bith? Ní fheicim goidé mar bheadh saoirse agus séan ar thír gan do chumhacht ag muintir na tíre a gcuid airgid féin do bhailiughadh agus do chaitheadh ar a dtoil féin. Cá chuirfinn ceist na litreach i gcompráid leis an cheist shuas ar chor ar bith; b'fhéidir go bhféadfadh tír do bheith ar fheabhas gan cead ag a muintir na litreacha do láimhseáil nó d'iomchur. Acht ar a shoin sin agus uilg ba leathtromach an mhaise do chineadh ar bith agus a rádh nach mbeadh do chead aca a litre féin do láimhseáil nó d'iomchur nó an telegráph nó an telephón bheith faoi na stiúir. Rud eile, tá ceist na cánach dhá pléidhe agus ní cosmhail go ndéanfar dearmad dí anois. Má ghlacann muintear na hÉireann le sgáil riaghaltais atá spothta meathta gan cumas aige ar an airgead bíodh aca: tá a súile fosgailte agus tuigeann siad an cás. Ní amhlaidh atá fá dtaoibh de thigh an phoist. Is beag an trácht atá air agus ní dóigh liom go dtuigtear imeasg an tsluaigh an bhaint atá aige le saoirse agus neamhthuilleamhacht riaghaltais dhuthchais. Sin é an leithsgéal atá agam le hiarraidh a dhéanamh beart smuainte do chur síos annseo ar an cheist. San chéad áit rud ar bith a bhaineann go dlúth leis an tír ba cheart go mbeadh smacht ag riaghal- tas na tíre ar an rud sin. Mura bhfuil an smacht sin ag an riaghaltas is lugha bhéas meas agus urraim ag muintir na tíre ar an riaghaltas agus is amhlaidh is deacaire do'n riaghaltas a obair do dhéanamh. 'San darna áit b'olc an rud do'n tír arm mhór oifigidhthe bheith suidhte fá'n tír agus gan smacht ag riaghaltas na tíre ortha. Chá bheadh beann ag a leithéid de ofigidhthibh ar an riaghaltas dhúthchais agus d'fhéadfadh siad táir agus tarcuisne thabhairt do'n riaghaltas nuair ba mhian leobhtha. Annsin tá mórán oibre ag tigh an phoist fá láthair a bhaineann le reaghaltas na tíre, mar shompla, ag bailiughadh cánach, ag tabhairt amach fuagraí, mar taisge nó cisde do suimeannaibh beaga airgid, agus ó shin siar. Ní fhéadfaidhe an obair seo thabhairt do thigh an phoist mura mbeadh na hoifigidhthe freagartha do'n riaghaltas. Acht tá rud eile i dtigh an phoist a bhaineann níos dlúithe do'n tír, b'fhéidir, ná ceist na n-oifigeach féin. Tá fhios ag an tsaoghal go bhfuil cleachtughadh ann litreacha d'fhosgailt i dtigh an phoist. Rinneadh é seo ochtmhochadh bliadhain ó shoin faoi Rúnaidhe puiblidhe do Ghallaibh darb ainm Grabam, agus tugadh Grahamising ar an chleas sin i mBéarlta ariamh ó shoin. Do réir mo chuimhne tugadh fiadhnuise ag Framhadh Phárnell fiche bliadhain ó shoin, gur rinneadh an cleas céadna go minic aimsear Chonnartha na Talmhan i nÉirinn, agus is tuairim liom féin go ndéantar go coitcheannta é i dtólaimh. Sé an fáth atá leis go mba mhaith le riaghaltas fháil amach siosma nó ceannairc nó obair rúnda ar bith atá ar cois ins an tír. Anois dá bhfágtaoi teach an phoist faoi chumas Riaghaltais Shasana d'fhosglóchadaois litreacha an Riaghaltais Gaedhealaigh chomh maith céadna is d'fhosglóchadaois litir dhuine ar bith eile. Goidé an meas a bheadh ag daoinibh ar Riaghaltas a bheadh faoi spíodóireacth ag Riaghaltas eile faoi'n chuma seo, nó goidé an meas bheadh ag an Riaghaltas sin air féin. Chá bheadh a dhath de mheas ag aon duine ar a leithéid de Riaghaltas. Ná tuigeadh aon duine go mbeadh obair rúnda ag Riaghaltas Gaedhealach tar mar a bheadh ag aon Riaghaltas eile, cht mar sin féin is iomdha rud bríoghmhar do bheadh ar láimh aca nár mhian leobhtha go mbeadh fhios ag aon duine air. Sin iad cuid de na hadhbharaibh go mba cheart do Gaedhealaibh cur suas do thigh an phoist bheith fá réir ag Gallaibh. Ach tá adhbhar ar leith ag Gaedhilgeóiribh cur suas do'n rud céadna agus sé sin an Galldachas a ghream- uigheann do thigh an phoist fá láthair agus a ghreamóchas dó comh fhad is tá sé faoi Riaghal- tas Gallda. Tá lucht tighe an phoist sgabtha thríd an tír agus chan fhuil dream sa tír níos Gallda ina n-intinn agus níos díomhúinte do'n Ghaedhilg agus do lucht na Gaedhilge. Ó'n árd-oifig i mBaile Átha Cliath go dtí an fó-oifig is lugha i nÉirinn is iomdha guth, agus maslughadh, agus droich-mheas chaitheadar ar an Ghaedhilg, agus go dtí an lá indiu diúltuigheann lucht na litreach beart earraidhe do láimhseáil má tá an seoladh i nGaedhilg; agus diúl- tuigheann ceannas an phoist a chur dh'fhiachaibh ar a seirbhisibh an Ghaedhilg d'fhoghluim siúd is gur léir do'n domhan go dteastuigheann an Gaedhilg ó gach mhac máthar aca i nEirinn má's rud é go ndéanfadh sé a obair go cneasta agus go héifeachtach. Is fíor é go bhfuil an Ghaedhilg ag roinnt do sheirbhísibh an phoist acht is ar a bhfonn féin d'fhoghluim siad an Ghaedhilg, agus gan buidheachas do cheannas an phoist. Is éigin dúinne lucht na Gaedhilge athrughadh mór do chur ar Ghalldachas thighe an phoist agus chan fhuil bealach le n-athrughadh acht, é bheith faoi Riaghaltas dhuthchais a bheas freagarthach, do thuairim muintire na tíre. Tá cor-dhuine ann a n-abrann go gcailltear airgead ar láimhseáil na litreach i nÉirinn agus ar an adhbhar sin gur bhfearr dúinn gan í bheith do chúram orainn. M' fhreagair ar sin nach fios dúinn an gcailltear airgead nó nach cailltear agus ní bhéidh an fios againn go mbéidh an obair fúinn féin. Deir Riaghaltas Shasana go gcailltear airgead ar riaghalughadh na hÉireann go hiomlán. Chá chreidim féin é agus chá chreideann a lán dhaoine é, acht ciaca creidtear é nó nach gcreidtear ní abrann aon duine mar gheall ar sin gur bhfearr dúinn riaghlughadh na tíre bheith faoi an fhear thall. Ins an dóigh céadna is fearr dúinn láimhseáil na litreach bheith in ar láimh féin cica cailltear airgead uirthi nó gnóthuightear airdead uirthi! Baineann an chumhacht ar thigh an phoist go dlúth le shaoirse agus meas na tíre, agus mura dtig linn obair na tíre do ghlacadh is láimh go hiomlán agus go cruinn ní fiú duinn trácht ar shaoirse ná ar neamhthuilleamhacht. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services