Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Láimhseáil na Litreach

Title
Láimhseáil na Litreach
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Láimhseáil na Litreach.



Ní dóigh liom go gcuirtear an oiread suime
san cheist seo na litreach is ba cheart a chur
innti. Cluinimid a lán tráchta ar cheist na
cánach .i. an mbéidh leagan agus cruinnighadh
na cánach faoi riaghaltas dhuthchais i nEirinn,
agus is trom tairbheach an cheist í le pléidhe.
Do réir mo thuairimse-se luigheann sí le brigh
agus croidhe ceiste eile agus is í an cheist sin,
an mbéidh riaghaltas dúthchais ann ar chor ar
bith? Ní fheicim goidé mar bheadh saoirse agus
séan ar thír gan do chumhacht ag muintir na
tíre a gcuid airgid féin do bhailiughadh agus
do chaitheadh ar a dtoil féin. Cá chuirfinn ceist
na litreach i gcompráid leis an cheist shuas ar
chor ar bith; b'fhéidir go bhféadfadh tír do bheith
ar fheabhas gan cead ag a muintir na litreacha
do láimhseáil nó d'iomchur. Acht ar a shoin sin
agus uilg ba leathtromach an mhaise do chineadh
ar bith agus a rádh nach mbeadh do chead aca a
litre féin do láimhseáil nó d'iomchur nó an
telegráph nó an telephón bheith faoi na stiúir.
Rud eile, tá ceist na cánach dhá pléidhe agus ní
cosmhail go ndéanfar dearmad dí anois. Má
ghlacann muintear na hÉireann le sgáil
riaghaltais atá spothta meathta gan cumas
aige ar an airgead bíodh aca: tá a súile
fosgailte agus tuigeann siad an cás.



Ní amhlaidh atá fá dtaoibh de thigh an phoist.
Is beag an trácht atá air agus ní dóigh liom
go dtuigtear imeasg an tsluaigh an bhaint
atá aige le saoirse agus neamhthuilleamhacht
riaghaltais dhuthchais. Sin é an leithsgéal atá
agam le hiarraidh a dhéanamh beart smuainte
do chur síos annseo ar an cheist.



San chéad áit rud ar bith a bhaineann go dlúth
leis an tír ba cheart go mbeadh smacht ag riaghal-
tas na tíre ar an rud sin. Mura bhfuil an
smacht sin ag an riaghaltas is lugha bhéas meas
agus urraim ag muintir na tíre ar an riaghaltas
agus is amhlaidh is deacaire do'n riaghaltas a
obair do dhéanamh. 'San darna áit b'olc an
rud do'n tír arm mhór oifigidhthe bheith suidhte
fá'n tír agus gan smacht ag riaghaltas na tíre
ortha. Chá bheadh beann ag a leithéid de ofigidhthibh
ar an riaghaltas dhúthchais agus d'fhéadfadh siad
táir agus tarcuisne thabhairt do'n riaghaltas
nuair ba mhian leobhtha. Annsin tá mórán
oibre ag tigh an phoist fá láthair a bhaineann
le reaghaltas na tíre, mar shompla, ag bailiughadh
cánach, ag tabhairt amach fuagraí, mar taisge
nó cisde do suimeannaibh beaga airgid, agus
ó shin siar. Ní fhéadfaidhe an obair seo thabhairt
do thigh an phoist mura mbeadh na hoifigidhthe
freagartha do'n riaghaltas.



Acht tá rud eile i dtigh an phoist a bhaineann
níos dlúithe do'n tír, b'fhéidir, ná ceist na
n-oifigeach féin. Tá fhios ag an tsaoghal
go bhfuil cleachtughadh ann litreacha d'fhosgailt
i dtigh an phoist. Rinneadh é seo ochtmhochadh
bliadhain ó shoin faoi Rúnaidhe puiblidhe do
Ghallaibh darb ainm Grabam, agus tugadh
Grahamising ar an chleas sin i mBéarlta ariamh
ó shoin. Do réir mo chuimhne tugadh fiadhnuise
ag Framhadh Phárnell fiche bliadhain ó shoin,
gur rinneadh an cleas céadna go minic aimsear
Chonnartha na Talmhan i nÉirinn, agus is
tuairim liom féin go ndéantar go coitcheannta
é i dtólaimh. Sé an fáth atá leis go mba
mhaith le riaghaltas fháil amach siosma nó
ceannairc nó obair rúnda ar bith atá ar cois
ins an tír. Anois dá bhfágtaoi teach an phoist
faoi chumas Riaghaltais Shasana d'fhosglóchadaois
litreacha an Riaghaltais Gaedhealaigh chomh maith
céadna is d'fhosglóchadaois litir dhuine ar
bith eile. Goidé an meas a bheadh ag daoinibh
ar Riaghaltas a bheadh faoi spíodóireacth ag
Riaghaltas eile faoi'n chuma seo, nó goidé
an meas bheadh ag an Riaghaltas sin air féin.
Chá bheadh a dhath de mheas ag aon duine ar a
leithéid de Riaghaltas. Ná tuigeadh aon
duine go mbeadh obair rúnda ag Riaghaltas
Gaedhealach tar mar a bheadh ag aon Riaghaltas
eile, cht mar sin féin is iomdha rud bríoghmhar
do bheadh ar láimh aca nár mhian leobhtha go mbeadh
fhios ag aon duine air.



Sin iad cuid de na hadhbharaibh go mba cheart
do Gaedhealaibh cur suas do thigh an phoist
bheith fá réir ag Gallaibh. Ach tá adhbhar
ar leith ag Gaedhilgeóiribh cur suas do'n rud
céadna agus sé sin an Galldachas a ghream-
uigheann do thigh an phoist fá láthair agus a
ghreamóchas dó comh fhad is tá sé faoi Riaghal-
tas Gallda. Tá lucht tighe an phoist sgabtha
thríd an tír agus chan fhuil dream sa tír níos
Gallda ina n-intinn agus níos díomhúinte
do'n Ghaedhilg agus do lucht na Gaedhilge.
Ó'n árd-oifig i mBaile Átha Cliath go dtí an
fó-oifig is lugha i nÉirinn is iomdha guth, agus
maslughadh, agus droich-mheas chaitheadar ar an
Ghaedhilg, agus go dtí an lá indiu diúltuigheann
lucht na litreach beart earraidhe do láimhseáil
má tá an seoladh i nGaedhilg; agus diúl-
tuigheann ceannas an phoist a chur dh'fhiachaibh
ar a seirbhisibh an Ghaedhilg d'fhoghluim siúd
is gur léir do'n domhan go dteastuigheann
an Gaedhilg ó gach mhac máthar aca i nEirinn
má's rud é go ndéanfadh sé a obair go cneasta
agus go héifeachtach. Is fíor é go bhfuil an
Ghaedhilg ag roinnt do sheirbhísibh an phoist
acht is ar a bhfonn féin d'fhoghluim siad an
Ghaedhilg, agus gan buidheachas do cheannas an
phoist. Is éigin dúinne lucht na Gaedhilge
athrughadh mór do chur ar Ghalldachas thighe an
phoist agus chan fhuil bealach le n-athrughadh
acht, é bheith faoi Riaghaltas dhuthchais a bheas
freagarthach, do thuairim muintire na tíre.



Tá cor-dhuine ann a n-abrann go gcailltear
airgead ar láimhseáil na litreach i nÉirinn
agus ar an adhbhar sin gur bhfearr dúinn gan
í bheith do chúram orainn. M' fhreagair ar sin
nach fios dúinn an gcailltear airgead nó nach
cailltear agus ní bhéidh an fios againn go
mbéidh an obair fúinn féin. Deir Riaghaltas
Shasana go gcailltear airgead ar riaghalughadh
na hÉireann go hiomlán. Chá chreidim féin é
agus chá chreideann a lán dhaoine é, acht ciaca
creidtear é nó nach gcreidtear ní abrann aon
duine mar gheall ar sin gur bhfearr dúinn
riaghlughadh na tíre bheith faoi an fhear thall.
Ins an dóigh céadna is fearr dúinn láimhseáil
na litreach bheith in ar láimh féin cica cailltear
airgead uirthi nó gnóthuightear airdead uirthi!
Baineann an chumhacht ar thigh an phoist go dlúth
le shaoirse agus meas na tíre, agus mura
dtig linn obair na tíre do ghlacadh is láimh
go hiomlán agus go cruinn ní fiú duinn trácht
ar shaoirse ná ar neamhthuilleamhacht.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services