Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Cearbhallánach, Ceoltóir
Title
An Cearbhallánach, Ceoltóir
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Cearbhallánach, Ceoltóir. I n-athchomaireacht don Obair i gCo. na Midhe, agus i mbliadhain 1677 do fuair an Cearbhallánach a chéad radharc ar an saoghal. Le linn a óige do cuireadh a athair bun ós cionn le n-a mhaoin shaoghalta. Do thárla dream de mhuintir Mhac Dhiarmuda Ruaidh do bheith n-a dtighearnaí tailimh ar an gceanntar atá comhgarach do Alder- ford i gCo. Roscomáin, agus d'fhóireaadar súd beagán ar an bhfear bocht i ló a chruadhtain. Ar na chlos dóibh a liacht deaghthréithe do bhí sa cheóltóir óg do chuir an bhaintighearna fios air. Do tugadh 'na láthair é. Fuair sé bheith istigh 'sa tigh mór agus i bhfochair an tsaoghail do bheith ar a thoil aige, agus gach oileamhaint ar fheabhas, do tugadh an múineadh céadna dhó is do tugadh d'óige an tighe. Ní hiongnadh mar sin an chuid is breaghtha agus is binne den cheól do chan sé a bheith ag tagairt don líon tighe sin. Ní raibh acht éinne amháín de lucht a chomh- aoise a bhí i n-aon-ghaor do bheith chomh cliste leis sa chláirsigh. Hemson do b'ainm do. Is mór an focal é sin do luadh i leith an chear- bhallánigh agus a liocht ceóltóir do bhí suas an tráth úd. Bhí an dá fhéith ann: an céol agus an fhilidheacht, agus d'fhóireadar ar a chéile. Bhí de dheifiridheacht idir é féin agus Hempson gur fágadh rian an léighinn i gceól an Chear- bhallánaigh agus nár chan Hempson riamh acht céol a bhí dílis don tseana-shuidheamh. Agus dá fhaid siar do mhair an bheirt is ait an sgéal é gurab ionann cor dá imirt ar ar gceól indiu agus do bhí an aimsir úd. Bhí sé d'ádh ar an gCeabhallánach nár thaithigh sé an Béarla riamh. Thug sé fé aon uair amháin, agus b'aindheis mar d'eirigh leis. Bean uasal do bhuail uime Domhnach áirithe ar an mbóthar agus í ag dul fé dhéin an teampaill Ghallda. Bhí seisean ag dul chun Airfinn. Bhí an fear bocht n-a dhall an uair úd; acht má bhí féin do thuig a' caint na mná gur bhain tréith na huaisle léi. Toisc ise a bheith dall ar an nGaedhilg sid í an chaint a dubhairt an Cear- bhallánach uirthi:- “O'Carolan's Devotion” a theideal. Is aoibhinn an ceól a ghabhann leis. Do gheobhthar an ceól so i gcnuasacht an Niallaigh. Ní hé an grádh thar meadhon do ghaibh an Cear- bhallánach do cheól i laetheanntaibh a óige. Sar ar fhág sé na déaga do bhuail taom bholgaighe é. De dheascaibh a ghéire do rug an galar ar a shúilibh do fágadh 'na dhall le linn a shaoghail é. 'Sé is dóichighe gurab é an daille do thug air dul le ceól mar chéird. An túisce do ghaibh fonn chun an cheóil é do thairg an bhaintighearna Mhac Dhiarmuda cláirseach agus capall do. N-a bhfochair soin do chuir sí giolla dá threórughadh. Is deacair dúinne saoghal agus saothar an Chearbhallánaigh do mheas le haon chruinneas indiu toisc an t-athrughadh atá imthighthe ar an uile nídh ón dtráth úd i leith. Tá tuairim ag an gcoitiantacht ná raibh sa Chearbhallánach acht saghas bacaigh do bhíodh i gcomhnuidhe sa tsiubhal. Tuairim bhréige í sin ar ndóigh. Do bhíodh a chuaird ar na huaislibh agus ba mhór aca súd a theacht chuca, agus is beag fleadh ná tabhairt amach do comórthaí eatorra ná bhíodh an Ceabhbhallánach ar an láthair chun cuid dá cheól do scaipeadh 'na measc. Do tugtaí an gradam thar mheadhon dhó riamh i gcomdhálaibh Ghaedheal de bhárr a fheabhas a thaitneadh a cheól leo. Ceól meidhreach is mó a sheinneadh sé agus gach uáir a chanadh na dánta molta soin ar na huaislibh ní beag iongnadh mar eirigheadh áthas croidhe agus fonn chun suilt ar a lucht éistighthe. Do b'fhuirist na huaisle úd do bhogadh chun plámáis, agus ba mhaith an sás an Cearbhallánach chun iad do chasadh ar a thoil le clisteacht cheóil agus le feabhas cainte. Is baoghalach go raghaidh díom dul dá lorg i ngach cuaird dár thug sé. Ar an iarthar is mó bhíodh a thriall. Ba bheag air aghaidh a thabhairt ó thuaidh riamh - taobh amuigh den turas a thugadh ar mhuintir Mhag Uidhir, dream daoine do chomhnuigh i gCo. Fear Monach. Acht dá laighead caradas do dhein leis an dtuaisceart, is ann dor fuair céile a chroidhe. Do phós sé bean de mhuintir Uidhir - gaol gairid do na daoine atá luaidhte agam thuas. Do chuireadar fútha i Liathdruim, agus do réir dheallraimh ní ar foghnamh a dh'eirigh a bpósadh leó. An fhéile agus an mór-chroidhe do tháinig ó dhúthchas dóibh araon do dhein a gcreachadh. Do cailleadh a bhean i mbliadhain 1733 agus b'é críoch an sgéil aige go ndeaghaidh sé féin ar an mbóthar arís i n-eirbeall a shaoghail. Ar an gcéad chuaird do thug sé i n-óige a shaoghail do chúm sé an greas ceóil “ Imreasán mór idir na righthe.” I mbliaidhain 1726 bhí sé 'na cheann ar dhream chruitirí do chuaidh d'éisteacht Aifrinn i mBéal an Atha dara ar uair an mheadhon oidhche. Innstear mór chuid sgéalta ar shaoghal an Chearbhallánaigh acht ní'l bun na bárr le na lán aca. Deirtear go raibh sé tugtha do'n ól, acht deineann Séarlas Ó Conchubhair an tuairim sin do bhréagnughadh. do réir a thuairime, fear fial, cliste, deigh-thréitheach do b'eadh é, ní fuláir ná d'ólfadh sé roinnt idir dá linn; acht ní hionann soin is a rádh gur mheisceóir é. Nuair do bhraith an Cearbhallánach an bás dá bhreith do thug aghaidh ar thigh comhnuidhthe a shean-charad, an Bhaintighearna Mhac Dhiarmuda. Bhí sí sin i n-aois a ceithre fichid an uair úd. Ba mhór aici greas dá cheól bhinn a chlos arís. Um a dtaca úd 'seadh cheap sé an ceól “Fare- well to music.” do b'in deire le na cheapadóir- eacht. La 'le Muire sa Earrach 1738 d'fhág sé slán ag an saoghal. Ní'l leac na liag ós cionn a chuirp i gCill Rónáin d'inneósadh don phobal an áit n-ar cuireadh é. Ball uaigneach iargúlda seadh í fébh mar is gnáth le roiligí a bheith. Nior mhiste don fhánaidhe cuaird a thabhairt ar an uaigh sin agus dul ag guidhe ann mara ndéanfaidís acht athchuinge do chur i láthair Dé ar mhaithe le hanam an fhile do chaith a shaoghal ag saoth- rughadh go fonnmhar ar son ceóil na hÉireann. Do tógadh leacht thar a chionn i n-Árd teampall Phádraig Naomhtha i mBaile Átha Cliath. Mac Uí Ógáin, mac an tseana-snoigheadóra, do dhein an leac. An bhean uasal Uí Mhuir- eagáin do dhíol as an leacht soin. Is suarach a bhfuil de thuairiscí againn ar chloinn an Chearbhallánaigh. Tá sé ráidhte i leith a mhic go ndeaghaidh go Lúndain tamall beag tar éis bháis a athar; gur thug cruit a athar leis agus go mibíodh a seinim thall d'fhonn a chothuighthe do bhaint amach. Tá innste 'na thaobh leis gur fhuadaigh bean leis anonn do bhí pósta le duine eile! Ní thógfainn orm féin an bheart soin do luadh n-a leith le fírinne. Cáit Ní Dhonnchadha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services