Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Cearbhallánach, Ceoltóir

Title
An Cearbhallánach, Ceoltóir
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Cearbhallánach, Ceoltóir.



I n-athchomaireacht don Obair i gCo. na Midhe,
agus i mbliadhain 1677 do fuair an Cearbhallánach
a chéad radharc ar an saoghal. Le linn a
óige do cuireadh a athair bun ós cionn le n-a
mhaoin shaoghalta. Do thárla dream de mhuintir
Mhac Dhiarmuda Ruaidh do bheith n-a dtighearnaí
tailimh ar an gceanntar atá comhgarach do Alder-
ford i gCo. Roscomáin, agus d'fhóireaadar súd
beagán ar an bhfear bocht i ló a chruadhtain.
Ar na chlos dóibh a liacht deaghthréithe do bhí
sa cheóltóir óg do chuir an bhaintighearna fios
air. Do tugadh 'na láthair é. Fuair sé bheith
istigh 'sa tigh mór agus i bhfochair an tsaoghail
do bheith ar a thoil aige, agus gach oileamhaint
ar fheabhas, do tugadh an múineadh céadna dhó
is do tugadh d'óige an tighe. Ní hiongnadh mar
sin an chuid is breaghtha agus is binne den
cheól do chan sé a bheith ag tagairt don líon tighe
sin. Ní raibh acht éinne amháín de lucht a chomh-
aoise a bhí i n-aon-ghaor do bheith chomh cliste leis
sa chláirsigh. Hemson do b'ainm do. Is
mór an focal é sin do luadh i leith an chear-
bhallánigh agus a liocht ceóltóir do bhí suas
an tráth úd. Bhí an dá fhéith ann: an céol agus
an fhilidheacht, agus d'fhóireadar ar a chéile.
Bhí de dheifiridheacht idir é féin agus Hempson
gur fágadh rian an léighinn i gceól an Chear-
bhallánaigh agus nár chan Hempson riamh acht
céol a bhí dílis don tseana-shuidheamh.
Agus dá fhaid siar do mhair an bheirt is ait an sgéal
é gurab ionann cor dá imirt ar ar gceól indiu
agus do bhí an aimsir úd.



Bhí sé d'ádh ar an gCeabhallánach nár thaithigh
sé an Béarla riamh. Thug sé fé aon uair amháin,
agus b'aindheis mar d'eirigh leis. Bean uasal
do bhuail uime Domhnach áirithe ar an mbóthar
agus í ag dul fé dhéin an teampaill Ghallda.
Bhí seisean ag dul chun Airfinn. Bhí an fear
bocht n-a dhall an uair úd; acht má bhí féin
do thuig a' caint na mná gur bhain tréith na
huaisle léi. Toisc ise a bheith dall ar an
nGaedhilg sid í an chaint a dubhairt an Cear-
bhallánach uirthi:-



“O'Carolan's Devotion” a theideal. Is
aoibhinn an ceól a ghabhann leis. Do gheobhthar
an ceól so i gcnuasacht an Niallaigh.



Ní hé an grádh thar meadhon do ghaibh an Cear-
bhallánach do cheól i laetheanntaibh a óige.
Sar ar fhág sé na déaga do bhuail taom bholgaighe
é. De dheascaibh a ghéire do rug an galar ar a
shúilibh do fágadh 'na dhall le linn a shaoghail
é. 'Sé is dóichighe gurab é an daille do thug
air dul le ceól mar chéird. An túisce do ghaibh
fonn chun an cheóil é do thairg an bhaintighearna
Mhac Dhiarmuda cláirseach agus capall do.
N-a bhfochair soin do chuir sí giolla dá threórughadh.
Is deacair dúinne saoghal agus saothar an
Chearbhallánaigh do mheas le haon chruinneas
indiu toisc an t-athrughadh atá imthighthe ar an
uile nídh ón dtráth úd i leith. Tá tuairim ag
an gcoitiantacht ná raibh sa Chearbhallánach
acht saghas bacaigh do bhíodh i gcomhnuidhe sa
tsiubhal. Tuairim bhréige í sin ar ndóigh.
Do bhíodh a chuaird ar na huaislibh agus ba
mhór aca súd a theacht chuca, agus is beag fleadh
ná tabhairt amach do comórthaí eatorra ná bhíodh
an Ceabhbhallánach ar an láthair chun cuid dá
cheól do scaipeadh 'na measc. Do tugtaí an
gradam thar mheadhon dhó riamh i gcomdhálaibh
Ghaedheal de bhárr a fheabhas a thaitneadh a cheól leo.
Ceól meidhreach is mó a sheinneadh sé agus gach uáir
a chanadh na dánta molta soin ar na huaislibh
ní beag iongnadh mar eirigheadh áthas croidhe agus
fonn chun suilt ar a lucht éistighthe. Do
b'fhuirist na huaisle úd do bhogadh chun plámáis,
agus ba mhaith an sás an Cearbhallánach chun iad
do chasadh ar a thoil le clisteacht cheóil agus
le feabhas cainte.



Is baoghalach go raghaidh díom dul dá lorg i
ngach cuaird dár thug sé. Ar an iarthar is
mó bhíodh a thriall. Ba bheag air aghaidh a thabhairt
ó thuaidh riamh - taobh amuigh den turas a thugadh
ar mhuintir Mhag Uidhir, dream daoine
do chomhnuigh i gCo. Fear Monach. Acht dá
laighead caradas do dhein leis an dtuaisceart,
is ann dor fuair céile a chroidhe. Do phós sé bean
de mhuintir Uidhir - gaol gairid do na
daoine atá luaidhte agam thuas. Do chuireadar
fútha i Liathdruim, agus do réir dheallraimh ní
ar foghnamh a dh'eirigh a bpósadh leó. An
fhéile agus an mór-chroidhe do tháinig ó dhúthchas
dóibh araon do dhein a gcreachadh. Do cailleadh
a bhean i mbliadhain 1733 agus b'é críoch an
sgéil aige go ndeaghaidh sé féin ar an mbóthar
arís i n-eirbeall a shaoghail.



Ar an gcéad chuaird do thug sé i n-óige a
shaoghail do chúm sé an greas ceóil “ Imreasán
mór idir na righthe.” I mbliaidhain 1726 bhí sé
'na cheann ar dhream chruitirí do chuaidh d'éisteacht
Aifrinn i mBéal an Atha dara ar uair an
mheadhon oidhche.



Innstear mór chuid sgéalta ar shaoghal an
Chearbhallánaigh acht ní'l bun na bárr le na
lán aca. Deirtear go raibh sé tugtha do'n
ól, acht deineann Séarlas Ó Conchubhair an
tuairim sin do bhréagnughadh. do réir a
thuairime, fear fial, cliste, deigh-thréitheach do
b'eadh é, ní fuláir ná d'ólfadh sé roinnt idir
dá linn; acht ní hionann soin is a rádh gur
mheisceóir é.



Nuair do bhraith an Cearbhallánach an bás
dá bhreith do thug aghaidh ar thigh comhnuidhthe a
shean-charad, an Bhaintighearna Mhac Dhiarmuda.
Bhí sí sin i n-aois a ceithre fichid an uair úd.
Ba mhór aici greas dá cheól bhinn a chlos arís.
Um a dtaca úd 'seadh cheap sé an ceól “Fare-
well to music.” do b'in deire le na cheapadóir-
eacht. La 'le Muire sa Earrach 1738 d'fhág
sé slán ag an saoghal.



Ní'l leac na liag ós cionn a chuirp i gCill
Rónáin d'inneósadh don phobal an áit n-ar
cuireadh é. Ball uaigneach iargúlda seadh í
fébh mar is gnáth le roiligí a bheith. Nior mhiste
don fhánaidhe cuaird a thabhairt ar an uaigh sin
agus dul ag guidhe ann mara ndéanfaidís acht
athchuinge do chur i láthair Dé ar mhaithe le
hanam an fhile do chaith a shaoghal ag saoth-
rughadh go fonnmhar ar son ceóil na hÉireann.



Do tógadh leacht thar a chionn i n-Árd teampall
Phádraig Naomhtha i mBaile Átha Cliath. Mac
Uí Ógáin, mac an tseana-snoigheadóra, do
dhein an leac. An bhean uasal Uí Mhuir-
eagáin do dhíol as an leacht soin.



Is suarach a bhfuil de thuairiscí againn
ar chloinn an Chearbhallánaigh. Tá sé ráidhte
i leith a mhic go ndeaghaidh go Lúndain tamall
beag tar éis bháis a athar; gur thug cruit a
athar leis agus go mibíodh a seinim thall d'fhonn
a chothuighthe do bhaint amach. Tá innste 'na
thaobh leis gur fhuadaigh bean leis anonn do
bhí pósta le duine eile! Ní thógfainn orm
féin an bheart soin do luadh n-a leith le fírinne.



Cáit Ní Dhonnchadha

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services