Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Ghaedhealtacht i gConndae an Chláir
Title
An Ghaedhealtacht i gConndae an Chláir
Author(s)
Ua Murthuile, Seán,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Ghaedhealtacht i gConndae an Chláir. Tá roinnt sheachtmhainí caite agam anois ag taistil na mbóthar, agus ag treabhadh na lathaighe ar an dtaobh thuaidh don conntae agus cé gur éirigh liom go maith ann nílim sásta ná leath-shásta leis an gcuma 'na bhfuil ceist na Gaedhilge ann. An Chéibh Nuadh. Paróiste na Céibhe Nuaidhe an pharóiste is sia ó thuaidh ins an gconntae seo. Tá sí díreach ar teórainn na Gaillimhe agus tá an mhuir thréan ina luighe siar uaithe go dtí Conamara na Gaedhilge binne, agus is minic a chítear muinntir na háite sin (Conamara) ag teacht ar dtír ann as bádaibh móra a bhíonn líonta go maith le móin. Is amhlaidh a threas- nuigheann siad an caladh chun na móna do dhíol i gConntae an Chláir, mar go deimhin bheadh duine a bhfad gan teine dá mbeadh sé ag braith ar mhóin na paróiste sin atá luaidhte agam mar níl a leithéid ann ar aaon chor. Pé sgéal é Gaedhilg ar fad a labhrann na Connachtaigh seo ann. Is minic do bhuaileadar amam le bliadhain agus fiú amháin aon fhocal don Bhéarla níor airigh mé uatha. Agus Éire ar fad do shiubhal ní dóigh liom go mbuailfeadh aon phíosa tíre umat chomh garbh, clachach leis an bpíosa so do chonndae an Chláir atá le hais an uisge annsain thuaidh ar aghaidh na Gaillimhe a leith. Ó Coradh Finne go dtí bruach na farraige thuaidh níl le feiscint acht dath bán na maol gcnoc aolmhara, tá na tighthe agus na daoine gann go leór ann, acht mar sin féin gheobhfá baile beag annso agus annsúd imeasg na lom gcnoc agus daoine ann ábalta ar Ghaedhilg do labhairt go milis blasta, acht faríor géar, cé go maireann an Ghaedhilg, agus go mairfidh go fóill, tá an Béarla briste, Béarla gan chrot gan chéill, ag dul i n-uachtar ar theangain dhúthchais na ndaoine ann. Ins an bparóiste seo, An Chéibh Nuadh, tá dhá sgoil, sgoil na Céibhe agus sgoil eile ar an dTúrloch. Ins na sgoileannaibh seo tá páistidhe atá i n-ann Gaedhilg do labhairt go maith toisg go gcloiseann siad ag baile í acht níl aon eolas ar andteanain ag á bhfurmhór. Ní múintear an teanga acht go hait ins na sgoileannaibh seo, má mhúintear ar chor ar bith ionnta í. Tá eólas maith ar an nGaedhilg agan bhfear atá mar phríomhoide i sgoil na Céibhe Nuaidhe agus níl ' fhios agam cé'n chiall nach bhfuil níos mó do'n eólas aige 'gá sgaipeadh ar na sgóláiribh atá fé na chúram? Is ar éigin atá i bhfumas na mná go bhfuil leanbhaidhe an Túrlach fé 'na cúram aon fhocal amháin do'n Ghaedhilg do labhairt ná do mhúineadh, agus tá a rian ortha na leabhaidhe bochta. Táid ag fás suas go gallda, ach amháin go bhfuil cuid bheag díobh a chloiseann an Ghaedhilg san mbaile. An sagart féin níl aon Ghaedhilg aige. Ní bhíonn le cloisint uaidh ag an bpobul acht seanmóiní Béarla agus paidreacha Béarla ó cheann ceann na bliadhna, cé gur fearr a bhfad a thuigfeadh a lán díobh iad dá mbeidís i dtean- gain na tíre seo. Ceapann an Sagart so leis go bhfuil an sgéal go maith ag an nGaedhilg i sgoileanaibh na háite. Ceapaim-se a mhalairt. Ach ní dóigh liom gur fear atá i gcoinnibh na Gaedhilge é. Seo í shuas an fhírinne anois, a léightheóirí, i dtaobh stáid na Gaedhilge i gceann de na paróistíbh is Gaedhealaighe dár le a lán ins an gConntae seo, agus nach dóigh libh go bhfuil an teanga ag dul chun báis innte? Ní leath istigh do thighthe na ndaoine ar fad atá an éagcóir 'ghá dhéanamh uirthe. Thugas cuairt ar a lán tighthe ins an bparóiste. Tuigtear dom go maith go gceapann na daoine nach fiú trácht ar an nGaedhilg nuair nach múintear ins na sgoileannaibh í agus nuair nach bhfuil sí 'ghá labhairt ag daoinibh móra eolghasach' na háite. Seán Ua Murthuile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services