Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghaedhealtacht i gConndae an Chláir

Title
An Ghaedhealtacht i gConndae an Chláir
Author(s)
Ua Murthuile, Seán,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Ghaedhealtacht i gConndae an Chláir.



Tá roinnt sheachtmhainí caite agam anois ag
taistil na mbóthar, agus ag treabhadh na
lathaighe ar an dtaobh thuaidh don conntae agus
cé gur éirigh liom go maith ann nílim sásta ná
leath-shásta leis an gcuma 'na bhfuil ceist na
Gaedhilge ann.



An Chéibh Nuadh.



Paróiste na Céibhe Nuaidhe an pharóiste is
sia ó thuaidh ins an gconntae seo. Tá sí
díreach ar teórainn na Gaillimhe agus tá an
mhuir thréan ina luighe siar uaithe go dtí
Conamara na Gaedhilge binne, agus is minic
a chítear muinntir na háite sin (Conamara)
ag teacht ar dtír ann as bádaibh móra a bhíonn
líonta go maith le móin. Is amhlaidh a threas-
nuigheann siad an caladh chun na móna do dhíol
i gConntae an Chláir, mar go deimhin bheadh
duine a bhfad gan teine dá mbeadh sé ag braith
ar mhóin na paróiste sin atá luaidhte agam
mar níl a leithéid ann ar aaon chor. Pé sgéal
é Gaedhilg ar fad a labhrann na Connachtaigh
seo ann. Is minic do bhuaileadar amam le
bliadhain agus fiú amháin aon fhocal don Bhéarla
níor airigh mé uatha.



Agus Éire ar fad do shiubhal ní dóigh liom
go mbuailfeadh aon phíosa tíre umat chomh
garbh, clachach leis an bpíosa so do chonndae
an Chláir atá le hais an uisge annsain thuaidh
ar aghaidh na Gaillimhe a leith. Ó Coradh
Finne go dtí bruach na farraige thuaidh níl
le feiscint acht dath bán na maol gcnoc aolmhara,
tá na tighthe agus na daoine gann go leór ann,
acht mar sin féin gheobhfá baile beag annso
agus annsúd imeasg na lom gcnoc agus daoine
ann ábalta ar Ghaedhilg do labhairt go milis
blasta, acht faríor géar, cé go maireann an
Ghaedhilg, agus go mairfidh go fóill, tá an
Béarla briste, Béarla gan chrot gan chéill,
ag dul i n-uachtar ar theangain dhúthchais na
ndaoine ann.



Ins an bparóiste seo, An Chéibh Nuadh,
tá dhá sgoil, sgoil na Céibhe agus sgoil eile
ar an dTúrloch. Ins na sgoileannaibh seo tá
páistidhe atá i n-ann Gaedhilg do labhairt go
maith toisg go gcloiseann siad ag baile í acht
níl aon eolas ar andteanain ag á bhfurmhór.
Ní múintear an teanga acht go hait ins na
sgoileannaibh seo, má mhúintear ar chor ar bith
ionnta í. Tá eólas maith ar an nGaedhilg agan
bhfear atá mar phríomhoide i sgoil na Céibhe
Nuaidhe agus níl ' fhios agam cé'n chiall nach bhfuil
níos mó do'n eólas aige 'gá sgaipeadh ar na
sgóláiribh atá fé na chúram?



Is ar éigin atá i bhfumas na mná go bhfuil
leanbhaidhe an Túrlach fé 'na cúram aon fhocal
amháin do'n Ghaedhilg do labhairt ná do mhúineadh,
agus tá a rian ortha na leabhaidhe bochta. Táid
ag fás suas go gallda, ach amháin go bhfuil
cuid bheag díobh a chloiseann an Ghaedhilg
san mbaile.



An sagart féin níl aon Ghaedhilg aige. Ní
bhíonn le cloisint uaidh ag an bpobul acht
seanmóiní Béarla agus paidreacha Béarla ó
cheann ceann na bliadhna, cé gur fearr a bhfad
a thuigfeadh a lán díobh iad dá mbeidís i dtean-
gain na tíre seo. Ceapann an Sagart so
leis go bhfuil an sgéal go maith ag an nGaedhilg
i sgoileanaibh na háite. Ceapaim-se a
mhalairt. Ach ní dóigh liom gur fear atá i
gcoinnibh na Gaedhilge é.



Seo í shuas an fhírinne anois, a léightheóirí,
i dtaobh stáid na Gaedhilge i gceann de na
paróistíbh is Gaedhealaighe dár le a lán ins an
gConntae seo, agus nach dóigh libh go bhfuil
an teanga ag dul chun báis innte? Ní leath
istigh do thighthe na ndaoine ar fad atá an
éagcóir 'ghá dhéanamh uirthe. Thugas cuairt ar
a lán tighthe ins an bparóiste. Tuigtear
dom go maith go gceapann na daoine nach
fiú trácht ar an nGaedhilg nuair nach múintear
ins na sgoileannaibh í agus nuair nach bhfuil sí
'ghá labhairt ag daoinibh móra eolghasach' na
háite.



Seán Ua Murthuile.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services