Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aodh Ó Dálaigh
Title
Aodh Ó Dálaigh
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aodh Ó Dálaigh. Níl aon Chonnradhóir i nÉirinn nár chualadh trácht ar Butte, Montana, agus nach gcuireann cluaisín ar féin nuair a déantar tagairt don áit. Agus ar ndóigh ní iongnamh sin mar fuaireamar níos mo congnadh airgid ón gcathair sin gach bliadhain le sé bliadhna ná mar fuaireamar ón chuid eile de'n Oileán Úr fré chéile. Níl teóra le dílseacht na nGaedhil san mbaile sin acht sílim go n-adhmhóchaidh gach n-aon gur air Aodh Uasal Ó Dálaigh a thuit an chuid is mo den timthireacht agus de'n tionsgaint a bhí riachtanach £120 a chnuasughadh le chéile gach bliadhain le chur chuig ár gCisdeóir chun tuarasdal aon timthire amháin íoc san nGaedhealtacht. Cuirfidh sé áthas an domhain ar Ghaedhil na hÉireann a chloisteáil go bhfuil an saoghal ag eirighe go breágh le Aodh Ó Dálaigh. Dhíol sé an teach-ósda do bhí aige i mButte darab ainm an Florence Hotel, agus cheannuigh sé ceann a bhfad níos mó ná é i n-áit a dtugtar Gregson Springs air tuairm le 17 míle amach as Butte agus 10 míle as Anaconda, baile eile a rinne go maith do Chisde na Teangan. D'íoc sé $150,000 ar an áit; sé sin le rádh £30,000, agus tá rún aige £50,000 do chaitheamh ar an áitiughadh. Teach-ósda mór cliumhail iseadh an teach- ósda seo agus tá trí (3,000) mhíle acra talmhan isteach leis. Deirtear go bhful bris agus céad toibreacha teith san áit, agus nach hé an cineál céadna uisge aca i n-aon dá cheann aca. Tá 75 séomraí san teach-ósda faoi láthair agus i gceann dhá bhliadhain béidh sé níos mó fá thrí, mar tá súil aige go mbéidh fáimairí, agus daoine eile nach hiadh ar thóir sláinte, a teacht chuig an áit chun an t-uisge íocsláintaeach ól. Níl aon cheó dá n-íosfar ná da n-ólfar san teach, cia is moite de bheóir agus de uisge beatha, nach mbéidh ag fás san áit fiú amháin an t-iasg. Tá faoi síolralann, má sé sin an an focal ceart ar Hatchery, a chur ar bun chun go mbéidh iasg úr aca gach lá san mbliaidhain; béidh feilm éanlath, teach teith chun lusraidhe a bheith aca geimhreadh chomh maith le samhradh. Cuirfear 300 acra as an 3,000 acra faoi chrainnte órnáideacha, agus iolbhláthanna, agus béidh bóithríní agus casáin ag rith anonn agus anall ar fuid na páirce. Lasfar an teach agus an áirighadh go léir le aibhléis agus tiucfaidh an chumhacht aibhléise ó áit a dtugtar an Eas Mhór, nó Great Falls air, tuairim le fiche míle as an áit, agus leis an gcumhacht céadna seo oibreochar na riancharana ag dul ón Stáisiún go dtí an Teach-Ósda. Béidh dochtúr i n-a chomhnuidhe sa áit chun togha na haire a thabhairt do na daine, agus béidh banaltraigh agus cimilteóirí go leór ann. Ní leigfear aon nduine isteach san áit a bhfuil aon ghalar aicideach ná tágálach air; ná ní bhéidh aon fháilte roimh an misgeóir ná roimh an bpótaire acht an oiread. Coinneófar a bhfad amach as an áitiughadh andá aicme seo. Tá an oiread sin nithdhe ionganta le bheith ann chun aghaidh na ndaoine do tharraingt ar an áit is chun sásamh do thabhairt dóibh is dá ndéanainn iad do áireamh go mbreacainn taobh den Chlaidheamh. Acht tá aon rud amháin ann nár chualas a bheith i n-aon áit eile dá shórt-se sin go mbéidh Inhalatarium ann a thabharfas an gal teith, caol díreach ó na toibhreacha teithe tré phíopaí nó feadáin isteach in do sheómra, agus chuig do leaba chugat má's brágh leat é. Ní'l aon rud faoi an saoghal ag dul ó dhéanamh ar an Éireannach. Tá bród agus ríghméad orainn go léir a fheabhas is d'éirigh an saoghal le Aodh Uasa Ó Dálaigh. Níor chuir sé a lámh le aon rud ariamh nár eirigh leis, mar tá féith na ngnaithe chomh maith le spréidh an tírghrádh ann. Dearbhrathair den Athair Séamas Ó Dálaigh as Bundóráin é. Nuair a bhíomar ag Féis Bhéal Átha Seannaigh san samhrádh seo caithte casadh Eammet, mac Aodha Uí Dhálaigh orainn. Tabhair faoi deara an t-ainm a thug sé ar amhac mhúirneach. Mo léan nach dtugann athaireacha agus máthaireacha na nÉireann ainmneach glórmharacha ar a gcuid cloinne mar é seo, agus mo dhá léan nach mbíonn a gcuid cloinne chomh Gaedhealach agus chomh tírghrádhach le clann Aodha Uí Dhálaigh a rugadh agus a tógadh amuigh ó Montana. Go saoghaluighe Dia é féin agus a chúram agus nára fada go seóladh Sé abhaile go hÉirinn chugainn iad. Daoine móra gnótha a bhfuil grádh tíre, maille le féith na ngnótha ionnta, na fir is géire atá ag tastáil i nÉirinn indiu. Tomás Ua Concheanainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services