Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Aodh Ó Dálaigh

Teideal
Aodh Ó Dálaigh
Údar
Ua Concheanainn, Tomás,
Dáta cumtha
1911
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Aodh Ó Dálaigh.



Níl aon Chonnradhóir i nÉirinn nár chualadh
trácht ar Butte, Montana, agus nach gcuireann
cluaisín ar féin nuair a déantar
tagairt don áit. Agus ar ndóigh ní iongnamh
sin mar fuaireamar níos mo congnadh airgid
ón gcathair sin gach bliadhain le sé bliadhna
ná mar fuaireamar ón chuid eile de'n Oileán
Úr fré chéile.



Níl teóra le dílseacht na nGaedhil san mbaile
sin acht sílim go n-adhmhóchaidh gach n-aon gur air
Aodh Uasal Ó Dálaigh a thuit an chuid is mo den
timthireacht agus de'n tionsgaint a bhí riachtanach
£120 a chnuasughadh le chéile gach bliadhain le
chur chuig ár gCisdeóir chun tuarasdal aon
timthire amháin íoc san nGaedhealtacht.



Cuirfidh sé áthas an domhain ar Ghaedhil na
hÉireann a chloisteáil go bhfuil an saoghal
ag eirighe go breágh le Aodh Ó Dálaigh. Dhíol
sé an teach-ósda do bhí aige i mButte darab
ainm an Florence Hotel, agus cheannuigh sé
ceann a bhfad níos mó ná é i n-áit a dtugtar
Gregson Springs air tuairm le 17 míle amach
as Butte agus 10 míle as Anaconda, baile
eile a rinne go maith do Chisde na Teangan.
D'íoc sé $150,000 ar an áit; sé sin le rádh
£30,000, agus tá rún aige £50,000 do chaitheamh
ar an áitiughadh.



Teach-ósda mór cliumhail iseadh an teach-
ósda seo agus tá trí (3,000) mhíle
acra talmhan isteach leis. Deirtear go
bhful bris agus céad toibreacha teith san áit,
agus nach hé an cineál céadna uisge aca i
n-aon dá cheann aca. Tá 75 séomraí san
teach-ósda faoi láthair agus i gceann dhá bhliadhain
béidh sé níos mó fá thrí, mar tá súil aige go
mbéidh fáimairí, agus daoine eile nach hiadh
ar thóir sláinte, a teacht chuig an áit chun
an t-uisge íocsláintaeach ól.



Níl aon cheó dá n-íosfar ná da n-ólfar san
teach, cia is moite de bheóir agus de uisge
beatha, nach mbéidh ag fás san áit fiú amháin
an t-iasg. Tá faoi síolralann, má sé sin an
an focal ceart ar Hatchery, a chur ar bun chun
go mbéidh iasg úr aca gach lá san mbliaidhain;
béidh feilm éanlath, teach teith chun lusraidhe a
bheith aca geimhreadh chomh maith le samhradh.



Cuirfear 300 acra as an 3,000 acra faoi
chrainnte órnáideacha, agus iolbhláthanna, agus
béidh bóithríní agus casáin ag rith anonn agus
anall ar fuid na páirce.



Lasfar an teach agus an áirighadh go léir
le aibhléis agus tiucfaidh an chumhacht aibhléise ó
áit a dtugtar an Eas Mhór, nó Great Falls air,
tuairim le fiche míle as an áit, agus leis an
gcumhacht céadna seo oibreochar na riancharana
ag dul ón Stáisiún go dtí an Teach-Ósda.



Béidh dochtúr i n-a chomhnuidhe sa áit chun
togha na haire a thabhairt do na daine, agus
béidh banaltraigh agus cimilteóirí go leór ann.
Ní leigfear aon nduine isteach san áit a bhfuil
aon ghalar aicideach ná tágálach air; ná ní
bhéidh aon fháilte roimh an misgeóir ná roimh
an bpótaire acht an oiread. Coinneófar a bhfad
amach as an áitiughadh andá aicme seo.



Tá an oiread sin nithdhe ionganta le bheith ann
chun aghaidh na ndaoine do tharraingt ar an áit is
chun sásamh do thabhairt dóibh is dá ndéanainn iad
do áireamh go mbreacainn taobh den
Chlaidheamh. Acht tá aon rud amháin ann
nár chualas a bheith i n-aon áit eile dá shórt-se
sin go mbéidh Inhalatarium ann a thabharfas
an gal teith, caol díreach ó na toibhreacha teithe
tré phíopaí nó feadáin isteach in do sheómra,
agus chuig do leaba chugat má's brágh leat é.



Ní'l aon rud faoi an saoghal ag dul ó
dhéanamh ar an Éireannach. Tá bród agus ríghméad
orainn go léir a fheabhas is d'éirigh an saoghal le
Aodh Uasa Ó Dálaigh. Níor chuir sé a lámh le aon
rud ariamh nár eirigh leis, mar tá féith na
ngnaithe chomh maith le spréidh an tírghrádh ann.



Dearbhrathair den Athair Séamas Ó Dálaigh as
Bundóráin é. Nuair a bhíomar ag Féis Bhéal Átha
Seannaigh san samhrádh seo caithte casadh Eammet,
mac Aodha Uí Dhálaigh orainn. Tabhair faoi deara
an t-ainm a thug sé ar amhac mhúirneach. Mo
léan nach dtugann athaireacha agus máthaireacha
na nÉireann ainmneach glórmharacha ar a gcuid
cloinne mar é seo, agus mo dhá léan nach mbíonn
a gcuid cloinne chomh Gaedhealach agus chomh
tírghrádhach le clann Aodha Uí Dhálaigh a rugadh
agus a tógadh amuigh ó Montana. Go saoghaluighe
Dia é féin agus a chúram agus nára fada
go seóladh Sé abhaile go hÉirinn chugainn iad.



Daoine móra gnótha a bhfuil grádh tíre, maille
le féith na ngnótha ionnta, na fir is géire atá
ag tastáil i nÉirinn indiu.



Tomás Ua Concheanainn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services