Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Taidhbhreamh
Title
Taidhbhreamh
Author(s)
Torna,
Pen Name
Torna
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Taidhbhreamh. [Ar Bhás Dhiarmada dhuinn.] Aréir 's me ag siubhal cois caise muighe, Fá ghéagaibh dlútha fada i gcoill, Do ghéaruigh fonn chun machtnaimh sinn ar scéimh na dúithche i gcleachtaimid. Bhí an rae sa spéir go buacach árd; Na réalta glé ar a gcuaird gan táir; Níor léir damh néall n-a buaic ar áird, Acht gléire ghné uirthi 's suaindrioch shámh. Na cnuic abhfad ó dheas is scím De ghile ó'n ngealaigh thar a ndruim; Fiche marc ar fhaid a gclí; Cumair, easaigh, sgeacha is puill. Brat den léithe néata anuas Ar bailtibh aoldha, ar shléibhtibh suain, Ar chraigibh maola, ar éadan tuar, In' airgead glé mar aon le cruaidh. Bhí ciúineas sámh ar cnoc 's ar gleann Is dlúithbhriocht táimhe ar chorp an domhain, Thug lúbadh tláth ar chruth na gcrann, 'S an mionrach fáis n-a tost go fann. Ní thárla cor ná fuaim san áit Acht ráfla bhog an luathshrotháin, Is tráth dá mborradh luascadh fáin Tré lár an chonaidh ar fuaid eidhnáin. Ba ghearr gur chuala ag teacht aniar Tiomáint is gluaiseacht marcra dian, Gártha is bualadh, bascadh is liach, Is mná le buairt ag stracadh a gciabh; Do shín n-a ghála chugham sa raon; Do líon le smálbhrat dlúth an spéir; Do bhíodhg an bán; do dhubhuigh an rae; 'S do chaoidh an lántsruth flúirse déar! Do mheasas féin dul as an slighe Agus teacht de léim de bharra chlaidhe, Ach, saith mo scéal, ar bhaic mhuiníl Do gabhadh mé le hainnis díobh. Gluaiseacht nár ghluaiseacht go dtí é, Gluaiseacht le fuaimint tar cuimse, Gluaiseacht tar luathas na gaoithe, Dom thuairim do furaras án mbuidhin sin! Gluaiseacht ag cuardach na mbruigheanta Ó Chualainn go huachtar na tíre; 'S an ruathar, nár cualas le daoinibh, Níor stuanuigh go Cruachain na ríghthe. Bhí sin Meadhbh na madhm thar críochaibh, Bríghdeach, badhbh, is bainteabhach ríoghdha, Sidhbhean tsaidhbhir ba thaidhbhreach maoine, 'S í le bliadhreacht, feidhm nár chuibhe di. “Fáilte dhíbh” ar sí go brónach, Ó bhlatha d'fhíorthruip sídhe na Fódla. Mo chrádh is mo chaidh, mo scíos, mo scóladh, Fáth bhur dtigheacht dom ríghbhrogh ómrach! Do chaill Éire an séad ba mhó aici; Do chaill féinneach tréitheach treórach; Do chaill séadach saordha só-oinigh; Do choill gléire déanta a dóchais. Do thuit a cúl; do lúb a géag glan; Do thuit a clú 's a súil i n-éinfheacht; Do thuit a túr 's a múr 's a méara. Diarmaid Donn, an Goll mac Móirne, Gliadhaire teann na bpeann le fórsa, Thug fiadhach na nGall, 'sa meang 's a mórtas, Thar rian na dtonn as gleanntaibh Fódla. O, mo chreach is mo chás anocht, An fear do fuair grádh mo chnis; An laoch ba láidre crobh chun seasaimhsa bheárnain dam; Is ná maitfeadh ás ar bith Dá ndeachaidh i n-áitreabh Luirc; An té ba dhána i dtroid Dá mbeadh 's a gábhadh sin air; An fear do b'áille cruth A bheith fá cháirnibh cloch, I gcomhrainn chláraigh dhuibh, 'S é ag tabhairt an fhéir anocht! A ghaol ní cás dom a luadh le Gaedhlaibh, gárda buadh, Ó Ghaillimh na mbád den ruaig Go Béal an Átha ó thuaidh. 'S ag gallaibh dá mb'áil liom cuaird, Do scagadh a shárfhuil uais Tre chaise den ársa, ghluais De bhfearannaibh Fáil na gcuan. Acht maoidhfeadh do Mhicheál shuairc A ghaol le Gráinne gan ghruaim Do thagadh n-a lánbharc, sluagh, Ag argain Sheaáin gan truagh; 'S nár cheaduigh dhó cáin ná duais Acht eiteach 's a sháith den chruaidh. A Mhacha mhongruadh na seód, A tháinig ón Eamhain im chomhair, cloisim do ghuth is do ghlór Ag caoineadh mo pheata is mo leomhain; Is nár chailleas a shamhail ón ló 'N-ar chailleas Fear Diadh fad ó. 'S a Aoife, a bhean mhín tais ón Nás, An díth libh mo bhuidheanach ar lár? An gcaoineann sibh, oidhche agus lá, An ríghbhile d'fhíorstoc na mbárc Sínte, is gan bhrígh anois sa láimh Ba riaruighthe rianadh an pás; Is, nuair chualas fá dhuairceas a thásc, Do chuireas-sa Fionnabhra ar stáir Ag fógradh guirtheólais do chách Ó Chruachain go bruach an chlacháin. A Aoibhill ón Léithchraig, A bhanrioghan na féile, Do tháinig fám dhein-se Ó Thuamhain na gcaolfhear, Pé cailleach an éada, Dá briochtaibh-se an éithigh, Ler leagadh dá stéideach Mo chrobhaire gléigeal, Canaidh dhi bhéarsa De bharra do bhéil ghil, 'S ní marthain dá éis dí. 'S a Chliodhna ón gCarraig theas, do thug do chongnamh leat, Imridh féin go beacht An “teinm laeghdha” i gceart, Don nimh do-chuaidh isteach I bhfuil 's i bhféith na scart, Im dhuine ghléigeal deas, Atá anoicht go faon sa bhfeart; 'S gan nimh go ló na gcreach Arís i nEirinn Airt, Do chlaoidhe dá bhuadhaibh-se fear De Gaedhlaibh Fódla ar fad. A Shadhbh, a chuid, 'S a mhaighre dhil, Faghaim-se cuid Det, dheighfhriotal! A Úna, a Ghrian, Is a Áine Cliach, Sáthaid aniar, 'S gurab árd bhur liac! Fearam cluithche caointe An mharcaigh mhilis chroidheghil, Ba chanta friotal Gaoidhilge, 'S ba shnasta crobh ar sgríbhinn, Ba ghairid gur tógadh leó an liúghadh ruthaigh, Do leath i measc slógh don Chóbh ar bhrugh Neimheadh, D'eagluigh treóin ó Bhóinn go hUmhall Chonaill, 'S do neartuigh an sceón i meadhón na súl liom-sa. Do phreabas do ritheas, ní mise bheadh fiadh; Do tharraing an fhuireann ar buile im dhiaidh Do ghearras chun fuinnimh - do scriobas i gcian Gur leagadh den tuirse fá dheireadh me ar shliabh! Ar osgailt mo shúl is amhlaidh bhíos Ar cothraom mo chúil, 's me caithte sa díg; Drisleacha fúm is raithneach chríon, 'S gan giob ós mo chionn acht sceacha dhen draighean. Ar maidin do fíoradh brígh gach sgéil dam: D'airigh me saoithe is draoithe 'á phleidhe sin, Dá aithris go caointeach gnoaifhliuch déarach, Gur chailleamar Micheál príomhráib Éireann. A Rí na glóire d'fhógair talamh is muir, A trí det chomhachtaibh mórdhacht maitheamh is cion, Det aontoil deónuigh treó mo charad gan ghuith, Let thaoibh ar sógh go deó insna Flaithis. Amen. Feartlaoidh. Fá'n líogán so, is díth lán len' áireamh, N-a luighe tláth go dtí lá an bhrátha, Tá saoi lághach, ba fhíneálta gnáthamh, Micheál d'fhuil fhíorársa Uí Mháille. Torna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services