Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Taidhbhreamh

Title
Taidhbhreamh
Author(s)
Torna,
Pen Name
Torna
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Taidhbhreamh.



[Ar Bhás Dhiarmada dhuinn.]



Aréir 's me ag siubhal cois caise muighe,
Fá ghéagaibh dlútha fada i gcoill,
Do ghéaruigh fonn chun machtnaimh sinn
ar scéimh na dúithche i gcleachtaimid.
Bhí an rae sa spéir go buacach árd;
Na réalta glé ar a gcuaird gan táir;
Níor léir damh néall n-a buaic ar áird,
Acht gléire ghné uirthi 's suaindrioch shámh.
Na cnuic abhfad ó dheas is scím
De ghile ó'n ngealaigh thar a ndruim;
Fiche marc ar fhaid a gclí;
Cumair, easaigh, sgeacha is puill.
Brat den léithe néata anuas
Ar bailtibh aoldha, ar shléibhtibh suain,
Ar chraigibh maola, ar éadan tuar,
In' airgead glé mar aon le cruaidh.
Bhí ciúineas sámh ar cnoc 's ar gleann
Is dlúithbhriocht táimhe ar chorp an domhain,
Thug lúbadh tláth ar chruth na gcrann,
'S an mionrach fáis n-a tost go fann.
Ní thárla cor ná fuaim san áit
Acht ráfla bhog an luathshrotháin,
Is tráth dá mborradh luascadh fáin
Tré lár an chonaidh ar fuaid eidhnáin.



Ba ghearr gur chuala ag teacht aniar
Tiomáint is gluaiseacht marcra dian,
Gártha is bualadh, bascadh is liach,
Is mná le buairt ag stracadh a gciabh;
Do shín n-a ghála chugham sa raon;
Do líon le smálbhrat dlúth an spéir;
Do bhíodhg an bán; do dhubhuigh an rae;
'S do chaoidh an lántsruth flúirse déar!
Do mheasas féin dul as an slighe
Agus teacht de léim de bharra chlaidhe,
Ach, saith mo scéal, ar bhaic mhuiníl
Do gabhadh mé le hainnis díobh.



Gluaiseacht nár ghluaiseacht go dtí é,
Gluaiseacht le fuaimint tar cuimse,
Gluaiseacht tar luathas na gaoithe,
Dom thuairim do furaras án mbuidhin sin!
Gluaiseacht ag cuardach na mbruigheanta
Ó Chualainn go huachtar na tíre;
'S an ruathar, nár cualas le daoinibh,
Níor stuanuigh go Cruachain na ríghthe.



Bhí sin Meadhbh na madhm thar críochaibh,
Bríghdeach, badhbh, is bainteabhach ríoghdha,
Sidhbhean tsaidhbhir ba thaidhbhreach maoine,
'S í le bliadhreacht, feidhm nár chuibhe di.
“Fáilte dhíbh” ar sí go brónach,
Ó bhlatha d'fhíorthruip sídhe na Fódla.
Mo chrádh is mo chaidh, mo scíos, mo scóladh,
Fáth bhur dtigheacht dom ríghbhrogh ómrach!
Do chaill Éire an séad ba mhó aici;
Do chaill féinneach tréitheach treórach;
Do chaill séadach saordha só-oinigh;
Do choill gléire déanta a dóchais.
Do thuit a cúl; do lúb a géag glan;
Do thuit a clú 's a súil i n-éinfheacht;
Do thuit a túr 's a múr 's a méara.
Diarmaid Donn, an Goll mac Móirne,
Gliadhaire teann na bpeann le fórsa,
Thug fiadhach na nGall, 'sa meang 's a mórtas,
Thar rian na dtonn as gleanntaibh Fódla.



O, mo chreach is mo chás anocht,
An fear do fuair grádh mo chnis;
An laoch ba láidre crobh
chun seasaimhsa bheárnain dam;
Is ná maitfeadh ás ar bith
Dá ndeachaidh i n-áitreabh Luirc;
An té ba dhána i dtroid
Dá mbeadh 's a gábhadh sin air;
An fear do b'áille cruth
A bheith fá cháirnibh cloch,
I gcomhrainn chláraigh dhuibh,
'S é ag tabhairt an fhéir anocht!



A ghaol ní cás dom a luadh
le Gaedhlaibh, gárda buadh,
Ó Ghaillimh na mbád den ruaig
Go Béal an Átha ó thuaidh.
'S ag gallaibh dá mb'áil liom cuaird,
Do scagadh a shárfhuil uais
Tre chaise den ársa, ghluais
De bhfearannaibh Fáil na gcuan.
Acht maoidhfeadh do Mhicheál shuairc
A ghaol le Gráinne gan ghruaim
Do thagadh n-a lánbharc, sluagh,
Ag argain Sheaáin gan truagh;
'S nár cheaduigh dhó cáin ná duais
Acht eiteach 's a sháith den chruaidh.



A Mhacha mhongruadh na seód,
A tháinig ón Eamhain im chomhair,
cloisim do ghuth is do ghlór
Ag caoineadh mo pheata is mo leomhain;
Is nár chailleas a shamhail ón ló
'N-ar chailleas Fear Diadh fad ó.



'S a Aoife, a bhean mhín tais ón Nás,
An díth libh mo bhuidheanach ar lár?
An gcaoineann sibh, oidhche agus lá,
An ríghbhile d'fhíorstoc na mbárc
Sínte, is gan bhrígh anois sa láimh
Ba riaruighthe rianadh an pás;
Is, nuair chualas fá dhuairceas a thásc,
Do chuireas-sa Fionnabhra ar stáir
Ag fógradh guirtheólais do chách
Ó Chruachain go bruach an chlacháin.



A Aoibhill ón Léithchraig,
A bhanrioghan na féile,
Do tháinig fám dhein-se
Ó Thuamhain na gcaolfhear,
Pé cailleach an éada,
Dá briochtaibh-se an éithigh,
Ler leagadh dá stéideach
Mo chrobhaire gléigeal,
Canaidh dhi bhéarsa
De bharra do bhéil ghil,
'S ní marthain dá éis dí.



'S a Chliodhna ón gCarraig theas,
do thug do chongnamh leat,
Imridh féin go beacht
An “teinm laeghdha” i gceart,
Don nimh do-chuaidh isteach
I bhfuil 's i bhféith na scart,
Im dhuine ghléigeal deas,
Atá anoicht go faon sa bhfeart;
'S gan nimh go ló na gcreach
Arís i nEirinn Airt,
Do chlaoidhe dá bhuadhaibh-se fear
De Gaedhlaibh Fódla ar fad.



A Shadhbh, a chuid,
'S a mhaighre dhil,
Faghaim-se cuid
Det, dheighfhriotal!
A Úna, a Ghrian,
Is a Áine Cliach,
Sáthaid aniar,
'S gurab árd bhur liac!
Fearam cluithche caointe
An mharcaigh mhilis chroidheghil,
Ba chanta friotal Gaoidhilge,
'S ba shnasta crobh ar sgríbhinn,



Ba ghairid gur tógadh leó an liúghadh ruthaigh,
Do leath i measc slógh don Chóbh ar bhrugh
Neimheadh,
D'eagluigh treóin ó Bhóinn go hUmhall Chonaill,
'S do neartuigh an sceón i meadhón na súl
liom-sa.
Do phreabas do ritheas, ní mise bheadh fiadh;
Do tharraing an fhuireann ar buile im dhiaidh
Do ghearras chun fuinnimh - do scriobas i gcian
Gur leagadh den tuirse fá dheireadh me ar
shliabh!
Ar osgailt mo shúl is amhlaidh bhíos
Ar cothraom mo chúil, 's me caithte sa díg;
Drisleacha fúm is raithneach chríon,
'S gan giob ós mo chionn acht sceacha dhen
draighean.
Ar maidin do fíoradh brígh gach sgéil dam:
D'airigh me saoithe is draoithe 'á phleidhe sin,
Dá aithris go caointeach gnoaifhliuch déarach,
Gur chailleamar Micheál príomhráib Éireann.



A Rí na glóire d'fhógair talamh is muir,
A trí det chomhachtaibh mórdhacht maitheamh is cion,
Det aontoil deónuigh treó mo charad gan ghuith,
Let thaoibh ar sógh go deó insna Flaithis. Amen.



Feartlaoidh.



Fá'n líogán so, is díth lán len' áireamh,
N-a luighe tláth go dtí lá an bhrátha,
Tá saoi lághach, ba fhíneálta gnáthamh,
Micheál d'fhuil fhíorársa Uí Mháille.



Torna.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services