Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Cath
Title
An Cath
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Cath. Tugadh ceist bhailighthe na cánach díreach os comhair mhuintire na hÉireann an tseachtmhain seo ghabh tharainn. Pádraic Ó Tuathail, ball den Árd-chraoibh, do labhair ina taobh ag cruinniughadh de mhacaibh léighinn san Iolsgoil Náisiúnta, agus 'sí an cheist is mó suim i mbéal na pobuigheachta ó shoin í. Má táthar le Riaghaltas Éireannach do chur ar bun níl aimhreas nárbh é aimhleas na Gaedhilge dhá roinn mhóra, nó trí roinn de sheirbhís an phobail d'fhágáil fá smacht Gall, agus láimhseáil ar gcánach agus ar litreach do bheith fá n-a gcúram. Bheadh Gaill i réim in gach oifig cánach agus in gach oifig phuist sa tír; bheadh an Béarla gá bhrughadh orainn aca, agus bheadh an greim daingean santach céadna ar ar n-airgead atá anois aige ag an bhfear thall. Tá a fhios againn uile gurb é croidhe na féile é le airgead ar son oideachais! An riaghaltas a bhéarfadh lámh chonganta do'n Gaedhig, d'oideachas Ghaedhealach, agus do dhéan- túsaibh na tíre, sin é an riaghaltas atá uainn. Tá an Tighearna Mac Domhnaill i n-aghaidh bailighadh na cánach do chur mar chúram ar Ghaedhealaibh. 'Deir sé nach mair- feadh riaghaltas Éireannach gan cabhair airgid ó Shasanaibh. Níl aige sa mhéid sin acht baothchaint nach gcreideann aoinne. Is fada atá na Sasanaigh 'gar mbánughadh agus támuid beo agus acmhuinneach fós. Agus is maith atá a fhios ag an Tighearna Mac Domhnaill go bhfuil tíortha beaga ar móirthír na hEorpa nach bhfuil leath chomh saidhbhir le hÉirinn agus tá siad ag dul ar aghaidh go breagh gan cabhair airgid na airm ó náisiún ar bith. Tháinig sé amach an lá cheana gur mhol an coiste rúnda do chuir an Riaghaltas ar bun le breathnughadh isteach i gcúrsaibh airgid, bailiughadh na cánach uile do chur fá chumhacht fear Éireann, acht gur moladh freisin gan cead do thabhairt dúinn cáin ar bith do leagadh ar earraidhibh ó Shasanaibh. Má déantar socrughadh mar sin béidh an tseirbhís phuiblidhe, tabobh amuich d'Oifig an Phuist, Gaedhealach ó bhun go baarr. Tá an rún úd i dtaobh na hoifige seo gá chur i bhfeidhm go tiugh ag craobhacha an Chonnnartha. Ní mór an chomhairle atá sa rún sin do chur i gcéill do'n phobal, nó fágfar láimhseál ar litreach i lámhaibh fear Lonndan. Is beag orainn anois an dream atá i n-aghaidh na Gaedhilge. Rachaidh an Ghaedhilg ar aghaidh ach aire do thabhairt dí. Ní dá mhéid gleo dá mbéidh ar siubhal againn le linn an chata so ar son Riaghaltais Fheadhealaigh nach amhlaidh is fearr. Bíodh bratach an Chonnratha i náirde againn in gach áit agus cloistear an Ghaedhilge agus comhairle an choiste Ghnótha ag gach cuinniughadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services