An Cath.
Tugadh ceist bhailighthe na cánach díreach os
comhair mhuintire na hÉireann an tseachtmhain
seo ghabh tharainn. Pádraic Ó Tuathail, ball
den Árd-chraoibh, do labhair ina taobh ag
cruinniughadh de mhacaibh léighinn san Iolsgoil
Náisiúnta, agus 'sí an cheist is mó suim i
mbéal na pobuigheachta ó shoin í. Má táthar
le Riaghaltas Éireannach do chur ar bun níl
aimhreas nárbh é aimhleas na Gaedhilge dhá
roinn mhóra, nó trí roinn de sheirbhís an phobail
d'fhágáil fá smacht Gall, agus láimhseáil
ar gcánach agus ar litreach do bheith fá n-a
gcúram. Bheadh Gaill i réim in gach oifig
cánach agus in gach oifig phuist sa tír; bheadh an
Béarla gá bhrughadh orainn aca, agus bheadh
an greim daingean santach céadna ar ar
n-airgead atá anois aige ag an bhfear thall.
Tá a fhios againn uile gurb é croidhe na féile
é le airgead ar son oideachais! An riaghaltas
a bhéarfadh lámh chonganta do'n Gaedhig,
d'oideachas Ghaedhealach, agus do dhéan-
túsaibh na tíre, sin é an riaghaltas atá
uainn. Tá an Tighearna Mac Domhnaill
i n-aghaidh bailighadh na cánach do chur mar
chúram ar Ghaedhealaibh. 'Deir sé nach mair-
feadh riaghaltas Éireannach gan cabhair airgid
ó Shasanaibh. Níl aige sa mhéid sin acht
baothchaint nach gcreideann aoinne. Is fada
atá na Sasanaigh 'gar mbánughadh agus támuid
beo agus acmhuinneach fós. Agus is maith atá
a fhios ag an Tighearna Mac Domhnaill go
bhfuil tíortha beaga ar móirthír na hEorpa
nach bhfuil leath chomh saidhbhir le hÉirinn agus
tá siad ag dul ar aghaidh go breagh gan cabhair
airgid na airm ó náisiún ar bith.
Tháinig sé amach an lá cheana gur mhol an
coiste rúnda do chuir an Riaghaltas ar bun
le breathnughadh isteach i gcúrsaibh airgid,
bailiughadh na cánach uile do chur fá chumhacht
fear Éireann, acht gur moladh freisin gan cead
do thabhairt dúinn cáin ar bith do leagadh ar
earraidhibh ó Shasanaibh. Má déantar socrughadh
mar sin béidh an tseirbhís phuiblidhe, tabobh amuich
d'Oifig an Phuist, Gaedhealach ó bhun go baarr.
Tá an rún úd i dtaobh na hoifige seo gá chur
i bhfeidhm go tiugh ag craobhacha an Chonnnartha.
Ní mór an chomhairle atá sa rún sin do chur
i gcéill do'n phobal, nó fágfar láimhseál
ar litreach i lámhaibh fear Lonndan.
Is beag orainn anois an dream atá i n-aghaidh
na Gaedhilge. Rachaidh an Ghaedhilg ar aghaidh
ach aire do thabhairt dí. Ní dá mhéid gleo
dá mbéidh ar siubhal againn le linn an chata
so ar son Riaghaltais Fheadhealaigh nach amhlaidh
is fearr. Bíodh bratach an Chonnratha i náirde
againn in gach áit agus cloistear an Ghaedhilge
agus comhairle an choiste Ghnótha ag gach
cuinniughadh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11