Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eadar Árainn agus Gleann Fhinne
Title
Eadar Árainn agus Gleann Fhinne
Author(s)
Ó Searcaigh, Séamus,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eadar Árainn agus Gleann Fhinne. Beirt againn a bhí ann .i. mé fhéin agus Éamonn. D'fhágamar Cloich Cheannfhaolaidh agus ceis- teanna beaga gramadaighe agus foghraidheachta 'nar ndiaidh agus thug agaidh ar Árainn Mhóir. An Lughnasa a bhí ann agus duilleabhar na gcrann ag éirithe ruadh agus an coirce ag éirighe buidhe agus barr na bpreataí ag feodhughadh. B'éigean dúinn moill bheag a dhéanamh i nAilt an Chorráin go raibh bád na leitreach réidh le ghabháil isteach go hÁrainn. Thugamar fa deara fear beag ceanntarrnocht, neamh-shuimeamhail - go leor - cuma ag spaisteoracht anonn is anall fá'n chéidh a fhad is bhíomar ag fuireachas leis an bhád sgéala a tabhairt dúinn go raibh sí imtheacht. Agus nuair a chuamar isteach cé bhí ris na sálaibh againn acht an fear beag. Bhí blas deas Béarla ar a theangaidh agus dubhairt sé go raibh sé a foghluim na Gaedhilge le seacht- mhain. Ní mar gheall ar chúis na Gaedhilge bhí sé 'ghá foghluim, acht de gheall ar eolas a fhagháil uirthi. Ní raibh a fhios againn caidé an cinéal duine é, acht ba léar gur fear múinte a bhí ann. Thógamar seol agus bhog linn fad chóir mhaith. Tá mórán oileán beag eadar tírmór agus Árainn. B'éigean dúinn ghabháil trasna eadar dhá oileán aca agus casadh mar siúd agus mar so gur bhaineamar Béal Áranna amach. Inis Mhic an Duirn an t-oileán is ainmnidhthe aca. Is ann tháinig Napear Tandí i dtír an t-am údaidh. Deir an seanchas go raibh sé ar tír ann ar feadh ocht n-uair agus go raibh an duine bocht ar meisge ó d'fhág sé an long gur tugadh ar báid ar ais é. Tháinig sé ar fhear an phosta gur bhain na leitreacha agus na páipéar de. Chonnaic ar an pháipéar gur briseadh ar Humbeart, a bhí ag troid i gConnachtaibh. Thóg sé seol nuair thug sé fa deara caidé mar bhí agus bhain an fhairrge mhór amach. Níor mhór le rádh an duine bocht; acht deir an seanchas fhobair go rachadh an Fhrainc agus Sasain 'un cogaidh mar gheall air. I ndiaidh na hÉireann a fhágáil bhain sé port amach thall, Hamburg, do réir mo chuimhne anois. Tugadh do Shasain mar phríosúnach é, agus thug sise breith sgaoilte air; acht leigeadh cead a chinn dó mar gheall, creidim, ar an tíorabuac agus an bhagairt a bhí ag an Fhrainc. Deir an seanchas nárbh 'fhiú le sasain a chur 'un báis mar bhí an duine aosta agus ní thiocfadh leis mórán dochair a dhéanamh di. Nuair a chuamar fa thoigh i n-Árainn cé bhí linn coiscéim ar choiscéim acht an fear beag - fuara- mar braon tae agus gliomaigh agus thoisigh an triúr againn a chaint agus a chomhrádh. Bhí an fear beag ag foghluim na Gaedhilge mar na náireach leis gan bheith ábalta freagra a thabhairt ar dhuine nuair a labhairfidhe leis sa teangaidh sin. Agus bí se 'gá foghluim mar go gcuireann sé suim i rud ar bith a gcuireann an duine suim ann. Mar sin fhéin shaoil sé gurbh' fhearr a thuigfidhe teanga amháin le linn gan bheith dá labhairt san áit acht an teanga sin. Mheas sé nach dtiocfadh le Breathnachaibh litridheacht an Bhéarla a léigheadh gan saothar. Ní raibh dadadh eolais aige ar Bhreathnais, agus, creidim, nach raibh a fhios aige dadaidh fa litridheacht na teangtha sin; acht thuig sé litridheacht an Bhéarla agus shaoil sé gur mhór an chaill do Bheathnochaidbh gan bheith ábalta ar a léigheadh agus a thuigbheáil gan saothar. D'aontaigheamar-ne leis fa fheabhas litridheachta an Bhéarla, acht ní tháinig Éamonn leis fa na furdaibh eile dubhairt sé. Slán agat, a fhir bhig, chaitheamar uair bheag dheas in do chuideachta an tráthnóna udaidh, acht ní raibh a fhios againn gur ollamh de chuid na Trionóide thú san am. Slán agat, tá Árainn Mhór le feiceáil againne sul a dtéighmid ar ais go tírmór. Le cuim na hoidhche lá ar na-a bhárach d'imthigh an bheirt againn amach go Ceann Áranna chuig an teach soluis. Bhí siubhal mór trí mhíle romh- ainn. Suas taobh an Oileáin linn go dtan- gamar a fhad le loch atá i ngleanntán ann. Ba hannsin a nocht an fhairrige mhór chuainn. Bhí cúineas breagh ann agus sinne ag taoibh an locha sa ghleann. Bhí an fhairrge sínte amach romhainn. Bhí tuairim ar dheich míle fhichead, ar a laighead, dí le feiceail againn. “Roll on thous deep and dark blue ocean, Roll,” arsa Éamonn. “There is a pleasure in the pathless woods, There is rapture on the lonely shore; There is society, where none intrudes, By the deep sea and music in its roar.” arsa mise. “Unchangeable save to thy wild waves' play - Time writes no wrinkle on thine azure brow. Such as creations's dawn beheld, thou rollest now,” ar seisean annsin. Bhaineamar teach an tsoluis amach nuair a bhí an fear 'dhá lasadh. Rud iongantach na toighthe soluis so. Rud deas an solus oidhche dhorcha. Tá an teach déanta ar bhruach na mbeann agus tá eagla ortha go n-íosfaidh an fhairrge mhór isteach faoi. Tá siad ag brath ar a atharrughadh isteach giota beag ar an ádhbhar sin. Dubhairt fear an toighe linn gur minic a bhí sé ann oidhche gheimhridh agus an fhairrge mhór ag stealladh cubhair tharais. Chonnaiceamar solus Thoraighe agus long ag gabháil soir fúinn sul ar fhágamar slán ag fear toighe soluis Áranna. Lá ar n-a bhárach thug Éamonn leis gloine a bhí ag fear toighe ina rabhamar ar lóistín agus d'imthigh mise liom go rabhas thuas ar an chnoc is airde atá i n-Árainn go bhfacas Sligeach uainn siar agus Gaoth Dobhair agus Corrán Beinne uaim soir agus dhá fhichid míle de mhuir ghlain ghoirm sínte romham amach. Tuaim na dtonn i n-éadan na trágha agus sgreadach na bhfaoileog bhfionn os cionn na mara agus do-choimseacht an radhairc a bhí romham an ceol ba bhinne dá gcualas an lá sin i nArainn. Tháinig fear an toighe isteach i ndiaidh am dinneára 'ghá rádh go raibh bád na bpéas ag teacht isteach as Ailt an Chorráin. Bhí sinne ag déanamh réidh le himtheacht go tírmór san am. Thug sé leis an gloine agus dhearc thríd. Dubhairt sé le bean an toighe nach raibh aonduine leis na constáblaibh acht iad fhéin. Rug sise ar an ghloine annsin agus d'amharc thríd agus dubhairt go raibh an ceart aige. Chuaidh mise ar an stiúir agus chuir fear an bháid an seol ina seasamh agus bhogamar amach ag tarraingt ar tírmór. Níorbh fhada gur casadh bád na gconstáblaí orainn an sáirsean ar an stiúir agus na fir léinidh agus iad ag iomrádh. Séamus Ó Searcaigh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services