Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eadar Árainn agus Gleann Fhinne

Title
Eadar Árainn agus Gleann Fhinne
Author(s)
Ó Searcaigh, Séamus,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Eadar Árainn agus Gleann
Fhinne.



Beirt againn a bhí ann .i. mé fhéin agus Éamonn.
D'fhágamar Cloich Cheannfhaolaidh agus ceis-
teanna beaga gramadaighe agus foghraidheachta
'nar ndiaidh agus thug agaidh ar Árainn Mhóir.
An Lughnasa a bhí ann agus duilleabhar na
gcrann ag éirithe ruadh agus an coirce ag éirighe
buidhe agus barr na bpreataí ag feodhughadh.
B'éigean dúinn moill bheag a dhéanamh i nAilt
an Chorráin go raibh bád na leitreach réidh le
ghabháil isteach go hÁrainn. Thugamar fa deara
fear beag ceanntarrnocht, neamh-shuimeamhail
- go leor - cuma ag spaisteoracht anonn is
anall fá'n chéidh a fhad is bhíomar ag fuireachas
leis an bhád sgéala a tabhairt dúinn go raibh sí
imtheacht. Agus nuair a chuamar isteach cé bhí
ris na sálaibh againn acht an fear beag. Bhí blas
deas Béarla ar a theangaidh agus dubhairt sé
go raibh sé a foghluim na Gaedhilge le seacht-
mhain. Ní mar gheall ar chúis na Gaedhilge bhí
sé 'ghá foghluim, acht de gheall ar eolas a fhagháil
uirthi. Ní raibh a fhios againn caidé an cinéal
duine é, acht ba léar gur fear múinte a bhí ann.



Thógamar seol agus bhog linn fad chóir mhaith.
Tá mórán oileán beag eadar tírmór agus
Árainn. B'éigean dúinn ghabháil trasna
eadar dhá oileán aca agus casadh mar siúd agus
mar so gur bhaineamar Béal Áranna amach.
Inis Mhic an Duirn an t-oileán is ainmnidhthe
aca. Is ann tháinig Napear Tandí i dtír an t-am
údaidh. Deir an seanchas go raibh sé ar tír ann
ar feadh ocht n-uair agus go raibh an duine
bocht ar meisge ó d'fhág sé an long gur
tugadh ar báid ar ais é. Tháinig sé ar fhear an
phosta gur bhain na leitreacha agus na páipéar
de. Chonnaic ar an pháipéar gur briseadh ar
Humbeart, a bhí ag troid i gConnachtaibh. Thóg
sé seol nuair thug sé fa deara caidé mar bhí
agus bhain an fhairrge mhór amach. Níor mhór
le rádh an duine bocht; acht deir an seanchas
fhobair go rachadh an Fhrainc agus Sasain 'un
cogaidh mar gheall air. I ndiaidh na hÉireann
a fhágáil bhain sé port amach thall, Hamburg,
do réir mo chuimhne anois. Tugadh do Shasain
mar phríosúnach é, agus thug sise breith sgaoilte
air; acht leigeadh cead a chinn dó mar gheall,
creidim, ar an tíorabuac agus an bhagairt a bhí
ag an Fhrainc. Deir an seanchas nárbh 'fhiú le
sasain a chur 'un báis mar bhí an duine aosta
agus ní thiocfadh leis mórán dochair a dhéanamh di.



Nuair a chuamar fa thoigh i n-Árainn cé bhí linn
coiscéim ar choiscéim acht an fear beag - fuara-
mar braon tae agus gliomaigh agus thoisigh
an triúr againn a chaint agus a chomhrádh.
Bhí an fear beag ag foghluim na Gaedhilge mar
na náireach leis gan bheith ábalta freagra a
thabhairt ar dhuine nuair a labhairfidhe leis sa
teangaidh sin. Agus bí se 'gá foghluim mar
go gcuireann sé suim i rud ar bith a gcuireann
an duine suim ann. Mar sin fhéin shaoil sé
gurbh' fhearr a thuigfidhe teanga amháin le linn
gan bheith dá labhairt san áit acht an teanga
sin. Mheas sé nach dtiocfadh le Breathnachaibh
litridheacht an Bhéarla a léigheadh gan saothar.
Ní raibh dadadh eolais aige ar Bhreathnais, agus,
creidim, nach raibh a fhios aige dadaidh fa
litridheacht na teangtha sin; acht thuig sé
litridheacht an Bhéarla agus shaoil sé gur mhór
an chaill do Bheathnochaidbh gan bheith ábalta ar
a léigheadh agus a thuigbheáil gan saothar.
D'aontaigheamar-ne leis fa fheabhas litridheachta
an Bhéarla, acht ní tháinig Éamonn leis fa na
furdaibh eile dubhairt sé. Slán agat, a fhir bhig,
chaitheamar uair bheag dheas in do chuideachta an
tráthnóna udaidh, acht ní raibh a fhios againn gur
ollamh de chuid na Trionóide thú san am. Slán
agat, tá Árainn Mhór le feiceáil againne sul
a dtéighmid ar ais go tírmór.



Le cuim na hoidhche lá ar na-a bhárach d'imthigh
an bheirt againn amach go Ceann Áranna chuig
an teach soluis. Bhí siubhal mór trí mhíle romh-
ainn. Suas taobh an Oileáin linn go dtan-
gamar a fhad le loch atá i ngleanntán ann. Ba
hannsin a nocht an fhairrige mhór chuainn. Bhí
cúineas breagh ann agus sinne ag taoibh an locha
sa ghleann. Bhí an fhairrge sínte amach romhainn.
Bhí tuairim ar dheich míle fhichead, ar a laighead,
dí le feiceail againn.



“Roll on thous deep and dark blue ocean,
Roll,”
arsa Éamonn.
“There is a pleasure in the pathless woods,
There is rapture on the lonely shore;
There is society, where none intrudes,
By the deep sea and music in its roar.”
arsa mise.
“Unchangeable save to thy wild waves' play -
Time writes no wrinkle on thine azure brow.
Such as creations's dawn beheld, thou rollest
now,”
ar seisean annsin.



Bhaineamar teach an tsoluis amach nuair a bhí an
fear 'dhá lasadh. Rud iongantach na toighthe
soluis so. Rud deas an solus oidhche dhorcha.



Tá an teach déanta ar bhruach na mbeann
agus tá eagla ortha go n-íosfaidh an fhairrge
mhór isteach faoi. Tá siad ag brath ar a
atharrughadh isteach giota beag ar an ádhbhar
sin. Dubhairt fear an toighe linn gur minic a
bhí sé ann oidhche gheimhridh agus an fhairrge mhór
ag stealladh cubhair tharais. Chonnaiceamar
solus Thoraighe agus long ag gabháil soir fúinn
sul ar fhágamar slán ag fear toighe soluis
Áranna.



Lá ar n-a bhárach thug Éamonn leis gloine a bhí
ag fear toighe ina rabhamar ar lóistín agus
d'imthigh mise liom go rabhas thuas ar an
chnoc is airde atá i n-Árainn go bhfacas
Sligeach uainn siar agus Gaoth Dobhair agus
Corrán Beinne uaim soir agus dhá fhichid míle
de mhuir ghlain ghoirm sínte romham amach.
Tuaim na dtonn i n-éadan na trágha agus
sgreadach na bhfaoileog bhfionn os cionn na
mara agus do-choimseacht an radhairc a bhí
romham an ceol ba bhinne dá gcualas an lá sin
i nArainn.



Tháinig fear an toighe isteach i ndiaidh am
dinneára 'ghá rádh go raibh bád na bpéas ag
teacht isteach as Ailt an Chorráin. Bhí sinne
ag déanamh réidh le himtheacht go tírmór san am.
Thug sé leis an gloine agus dhearc thríd. Dubhairt
sé le bean an toighe nach raibh aonduine leis na
constáblaibh acht iad fhéin. Rug sise ar an
ghloine annsin agus d'amharc thríd agus dubhairt
go raibh an ceart aige.



Chuaidh mise ar an stiúir agus chuir fear an
bháid an seol ina seasamh agus bhogamar
amach ag tarraingt ar tírmór. Níorbh fhada
gur casadh bád na gconstáblaí orainn
an sáirsean ar an stiúir agus na fir
léinidh agus iad ag iomrádh.



Séamus Ó Searcaigh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services