Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Chamóg
Title
An Chamóg
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Chamóg. Is fada anois nár labharas ar an gcamóg le lucht léighte an Chlaidhimh. B'fhéidir gur mhaith leo a tuairisg a chur féachain cad é an scéal aici é. Tá ag eirighe go maith léi ón dturas dheireanach do thánag ar an bhfaithche so chun roinnt cainte a dhéanamh ar a son. An uair úd ba shuarach le rádh an comhacht do bhain linn. Taobh amuigh den bhfo-dhuine a bhí n-a cúram bhí an chamóg imthighthe a cuimhneamh na mban Ghaedheal. Ní an mheirg agus an leisce imthighthe go smior ionnta. Ó'n dturas deireanach do cuireas síos ar an gcamóig do tionóladh sluagh mban Éireann i mBaile Átha Cliath d'fhonn cumann do chur ar bhun chun an cuithche d'fhor- leathnughadh ar fuaid na tíre. Do bhí láithreach ar an gcruinniughadh soin ban teachtairí ó gach áird. Do b'é a bhí uatha dul i gcabhair na camóige. Do cuireadh an cumann ar bun. Do thoiligh Bean Iarla Fine Gall a bheith na ceann air agus ba mhaith an togha chuige í. An céad nidh eile deineadh; Eibhlín Nic Aitcin agus Máire de Buitléir d'ainmniughadh i leith-leas- uachtarán an chumainn; Seóirse Ó h-Aodha a bheith n-a chisteóir, agus rúnaidheacht an chumainn do chur i gcúram Thomáis Uí hAodha. Do soláthruigheadh coiste annsoin; duine a gach buidhean dleaghthach den cumann. Do fágadh riaradh an chumainn le haghaidh na bliadhna fen gcoiste seo. Do cinneadh ag an gcéad cruinniughadh so gan dul thar teorainn Bhaile Átha Cliath go dtí go mbeadh an chamóg curtha go daingean againn sa cheanntar soin. An síol do cuireadh an uair úd ní beag iongnadh an fás atá tagaithe dho. Tá pobal Bhaile Átha Cliath ag cur breis suime sa tsúgradh bhreagh Ghaedhealach so, agus is maith liom a rádh go bhfuil cliar na cathrach ar an dream daoine is dúthrachtaighe n-a chabhair. Beidh ár seasamh ar chléir na tuaithe tráth beam ag déanamh craobhscaoileadh ar an gcamóguidheacht ar fuaid na duithche. Tá fáth leis an dtuairim seo, agus b'fhéidir nár mhiste é chur i n-iúil do'n cléir ar eagla a chasadh n-ár leith ar ball ná raibh cúis bhunuadhasach dleaghthach le nár gcuid saothair. Admhuightear i ngach aon bhall fé láthair a riachtanaidhe atá súgradh nó caitheamh aimsire éigin ó n-ár gcailíní. Agus ó thárluigheann an sgéal a bheith amhlaidh nár bhfearra dúinn glacadh leis an sgéal go toiltheannach agus an tairbhthe is mó is féidir a bhaint as. Tá an uile shaghas súgradh againn cheana le haghaidh na mban, agus tá a bheag nó a mhór den nós- mhaireacht fé leith fighte isteach le gach ceann díbh. Ní oireann an nósmhaireacht so dúinne ná dár mnáibh óga mar do chuirfeadh a tathaighe ar mbantracht bun ós cionn leis an saoghal Ghaedhealach d'oighrigheadh ortha. Sid é mar atá an sgéal againn: nach fuláir adhbhar súgraidh a sholáthar dár mnáibh agus na theannta soin gach féith atá oighrighthe de dhuthchas a chimeád ar mhairstin ionnta in pé nósmhaireacht a fhásfaidh as an gcuithche sin. Ní bhaineann scléip na fiadhainteas ná eirithe n-áirde leis an gcuithche seo againne, ní mó a ceapadh gan gádh é. Tá lucht riartha na comóige ag cuimneamh ar an gcuithche d'fhor- leathnughadh ar fuaid na tíre feasta, agus táid siad ag brath ar na daoine chun an obair do chur chun chinn. Ní beag cabhair gach éinne chuige sin. Tá a lán mór d'uaisleacht na tíre seo - na mna go háirithe - agus is mór is féidir leo a dhéanamh chun cabhruighthe linn. Go dtí so ba ghnáthaighe leis an ndream so a bheith ag gabháil leis an iasacht. Tá casadh tagaithe ar chuid aca ámh, agus ní náir leo anois a bheith ag saothair ar leas na hÉireann. Do b'fhéidir leo mór-chuid a dhéanamh do'n chamóig, agus táthar i ndóigh go ndéanaid dá réir. Mar sin, dar liom-sa, an t-aon tslighe amhain chun muintir na tíre seo do cheangal le chéile agus ár ndála do réidhteach d'fhonn saoirse dár scroisint. Tráth bheireann meas agus neamh-speadhchas dúinn de bhárr a fheabhas d'fhóirfidh an ceangal caradais seo orainn chun sinn féin d'iompar ar mhaithe linn féin, agus ar mhaithe na tíre. Tá Éire nua chugainn. Fada linn ag teacht. Ní mór far ollamh dúinn roimpi anois amháin. Cuirimís treo orainn féin i n-am. Tá bás agus beatha na tíre fúinn. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services