Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chamóg

Title
An Chamóg
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Chamóg.



Is fada anois nár labharas ar an gcamóg le
lucht léighte an Chlaidhimh. B'fhéidir gur
mhaith leo a tuairisg a chur féachain cad é an
scéal aici é. Tá ag eirighe go maith léi ón dturas
dheireanach do thánag ar an bhfaithche so chun
roinnt cainte a dhéanamh ar a son. An uair úd
ba shuarach le rádh an comhacht do bhain linn.
Taobh amuigh den bhfo-dhuine a bhí n-a cúram bhí
an chamóg imthighthe a cuimhneamh na mban
Ghaedheal. Ní an mheirg agus an leisce imthighthe
go smior ionnta. Ó'n dturas deireanach do
cuireas síos ar an gcamóig do tionóladh sluagh
mban Éireann i mBaile Átha Cliath d'fhonn
cumann do chur ar bhun chun an cuithche d'fhor-
leathnughadh ar fuaid na tíre. Do bhí láithreach
ar an gcruinniughadh soin ban teachtairí ó gach
áird. Do b'é a bhí uatha dul i gcabhair na
camóige. Do cuireadh an cumann ar bun.
Do thoiligh Bean Iarla Fine Gall a bheith na ceann
air agus ba mhaith an togha chuige í. An céad
nidh eile deineadh; Eibhlín Nic Aitcin agus
Máire de Buitléir d'ainmniughadh i leith-leas-
uachtarán an chumainn; Seóirse Ó h-Aodha a
bheith n-a chisteóir, agus rúnaidheacht an chumainn
do chur i gcúram Thomáis Uí hAodha. Do
soláthruigheadh coiste annsoin; duine a gach
buidhean dleaghthach den cumann. Do fágadh
riaradh an chumainn le haghaidh na bliadhna
fen gcoiste seo. Do cinneadh ag an gcéad
cruinniughadh so gan dul thar teorainn Bhaile
Átha Cliath go dtí go mbeadh an chamóg curtha
go daingean againn sa cheanntar soin. An
síol do cuireadh an uair úd ní beag iongnadh
an fás atá tagaithe dho. Tá pobal Bhaile Átha
Cliath ag cur breis suime sa tsúgradh bhreagh
Ghaedhealach so, agus is maith liom a rádh go
bhfuil cliar na cathrach ar an dream daoine
is dúthrachtaighe n-a chabhair. Beidh ár seasamh
ar chléir na tuaithe tráth beam ag déanamh
craobhscaoileadh ar an gcamóguidheacht ar fuaid
na duithche. Tá fáth leis an dtuairim seo, agus
b'fhéidir nár mhiste é chur i n-iúil do'n cléir ar
eagla a chasadh n-ár leith ar ball ná raibh cúis
bhunuadhasach dleaghthach le nár gcuid saothair.
Admhuightear i ngach aon bhall fé láthair a
riachtanaidhe atá súgradh nó caitheamh aimsire
éigin ó n-ár gcailíní. Agus ó thárluigheann
an sgéal a bheith amhlaidh nár bhfearra dúinn
glacadh leis an sgéal go toiltheannach agus
an tairbhthe is mó is féidir a bhaint as. Tá
an uile shaghas súgradh againn cheana le haghaidh
na mban, agus tá a bheag nó a mhór den nós-
mhaireacht fé leith fighte isteach le gach ceann
díbh. Ní oireann an nósmhaireacht so dúinne
ná dár mnáibh óga mar do chuirfeadh a tathaighe
ar mbantracht bun ós cionn leis an saoghal
Ghaedhealach d'oighrigheadh ortha. Sid é mar atá
an sgéal againn: nach fuláir adhbhar súgraidh
a sholáthar dár mnáibh agus na theannta soin
gach féith atá oighrighthe de dhuthchas a chimeád
ar mhairstin ionnta in pé nósmhaireacht a fhásfaidh
as an gcuithche sin.



Ní bhaineann scléip na fiadhainteas ná eirithe
n-áirde leis an gcuithche seo againne, ní mó
a ceapadh gan gádh é. Tá lucht riartha na
comóige ag cuimneamh ar an gcuithche d'fhor-
leathnughadh ar fuaid na tíre feasta, agus táid
siad ag brath ar na daoine chun an obair do chur
chun chinn. Ní beag cabhair gach éinne chuige sin.
Tá a lán mór d'uaisleacht na tíre seo - na
mna go háirithe - agus is mór is féidir leo a
dhéanamh chun cabhruighthe linn. Go dtí so ba
ghnáthaighe leis an ndream so a bheith ag gabháil
leis an iasacht. Tá casadh tagaithe ar chuid aca
ámh, agus ní náir leo anois a bheith ag saothair
ar leas na hÉireann. Do b'fhéidir leo mór-chuid
a dhéanamh do'n chamóig, agus táthar i ndóigh go
ndéanaid dá réir. Mar sin, dar liom-sa, an
t-aon tslighe amhain chun muintir na tíre seo
do cheangal le chéile agus ár ndála do réidhteach
d'fhonn saoirse dár scroisint. Tráth bheireann
meas agus neamh-speadhchas dúinn de bhárr
a fheabhas d'fhóirfidh an ceangal caradais seo
orainn chun sinn féin d'iompar ar mhaithe linn
féin, agus ar mhaithe na tíre. Tá Éire nua chugainn.
Fada linn ag teacht. Ní mór far
ollamh dúinn roimpi anois amháin. Cuirimís
treo orainn féin i n-am. Tá bás agus beatha
na tíre fúinn.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services