Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leabhra Gaedhilge i 'Meiriocá
Title
Leabhra Gaedhilge i 'Meiriocá
Author(s)
Niall,
Pen Name
Niall
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Leabhra Gaedhilge i 'Meiriocá. Lá dá rabhas i leabharlann mór Newberry i Chicágó do bhíos ag cuartughadh imeasg na leabhar nGaedhealach do bhí i gcnuasach an Phrionnsa Louis Lucien Bónaparte. Mac dearbhráthar é seo do'n chéád Napóleon - “Bóni” ar sean-aithreacha - .i. mac do Lucien Bonaparte. Bhí cáil ar Louis Lucien seo mar scoláire mhór ar fud na hEorpa, in eolus teangan go háirighthe. Bhí cnuasach mór leabhra aige, agus indiaidh a bháis nuair do cuireadh na leabhra suas le n-a n-díol do cheannuigh an Newberry Library iad, timchioll seacht no h-ocht mbliadhain ó shoin. Is cosmhuil go raibh meas mór ar an nGaedhilig, óir bhí mór-chuid de leabhraibh Gaedhilge san gcnuasach, agus is ag feuchaint orra san do chuadhas an lá sin. Do thárla orm “Sanasán Nua na Gaedhilge.” San Loubháin i mbliadhain 1646 do cuireadh i gcló é. Agus isé an Bráthair Micheál Ó Cléirigh, ceannfart na gCeithre Máighistrí - fear gur chóir é beith faoi chumann agus mhór-ghean ag Gaedhil go deireadh a saoghail - do chur le chéile é. Acht ní ar an leabhar fein is mian liom trácht anois acht ar na neithe fuaras ann. Do bhí eidir corp an leabhair agus an cumhdach deich no dó-dhéag de dhuilleogaibh bána, agus sgríbh- neoracht cruinn, cumtha ortha do réir nós na sean-Ghaedhilge. Bhí “órtha an leonughadh,” “órtha na péiste,” “órtha do'n mothughadh;” dó no trí rainn bheaga, “barántas an hata,” Eoghain Ruadh, trácht ar an Ógham, agus an dán breágh atá le n-a chois seo, sgríobhtha ar na duilleogaibh. Bhí ainm an t-é ar leis an leabhar trá, sgríobhtha i mBéarla mar seo; D'aithsgríobhas an dán mar leanas. Tá cúpla focal ann go bhfuilim in amhrus orra, óir ní'lim déanta ar an seannós sgríbhneorachta do léighedh, agus b'fhéidir nach dtugas liom i gceart iad. File éigin, cct. A cholainn, cuimhnigh do chríoch, Ná codail i bhfríoch nó i bhfeirg: Olc an t-éadach rachas leat - Beidh do chreat ris an gcré ndeirg. Iomdha agradh déantar ort Anocht nach gcuireann tú i gcás; Arís do gheabhair do gheall - Is tar do cheann thiocfas an bás. An t-anam dá dtugais fuaith, Mairg do mheasas ar a luach é; Air ar ghaibh a lán do gheall Tar do cheann do sileadh fuil nDé. Ní bhfuil acht sdán ort amuigh, Tar is feuch istigh do chruth; Tabhair do d'aire a cholainn chriadh, Nach bhfuil ionnat acht biadh cnumh. Tabhair do d'aire, a dhuine dhaoir Lámh an t-saoir do rinne neamh Ar na righeadh ris an gcrann Cuimhnigh an dall is an tsleagh. Gion go dtiocfadh as an gcorp Is fada an chroch do rinne an saor, Dob ' fhaide amach poll na gcliar, Ach gé ar bh'fhada lámh an Rígh. Tuig in fhochair sin, Mac Dé, Is nach É féin do rinne an choir, A chliabh 's a chroidhe gur tholl, Is a dhá bhonn 'na raibh an bior. Tuig a bhéal nár fhaomh an chealg, Tug a aghaidh dearg ó'n fhuil, Tabhair do d'aire go raibh a chreat Mar do bhéadh each i ndiaigh an spuir. Tuig mar do teannadh an cnámh, Tuig an cnúid do rinneadh faoi, Tuig mar d'iomchar sé an chroch, Tuig an deoch d'ibh an Rí. Tuig an dara lámh do Dia Do tarrnughadh aniar as an gcorp. Níor fhuiling a cur i gcríoch No gur cuireadh cos ar a ucht. Tuig an choróin fa n-a cheann, Tuig an teann 'na raibh an tréan; Tuig an talach do rinne an t-sleagh, Tuig an dath do bhí ar a bhéal. An choráin do rinne an cheárd, Ní raibh táirne nach rabh i mbeo; Níor fhuiling dá mháthair gol, Is níor leig 'na ghoire an Oigh. Ná dúile Balbha gan Chéill, Ar gcuineadh Dia ar na ghoin, 'S ní bhfuil duine dá bhfuair bás Nach gcuirionn i gcás na gcoir. Do chuaidh a solus Ó'n ghréin Is do chuaidh fó chéile an mhuir; Ní bhfuil dúile nár chaoin an t-éacht, Is do shil an t-iasg a fhuil. drong ifrinn, tigh na bpian, Ar nach raibh a gciall ar n-a gcur, As truagh liom - is gairid an bás, Gion go raibh i gcás na gcoir, A cholainn. Niall
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services