Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leabhra Gaedhilge i 'Meiriocá

Title
Leabhra Gaedhilge i 'Meiriocá
Author(s)
Niall,
Pen Name
Niall
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Leabhra Gaedhilge i 'Meiriocá.



Lá dá rabhas i leabharlann mór Newberry
i Chicágó do bhíos ag cuartughadh imeasg na
leabhar nGaedhealach do bhí i gcnuasach an
Phrionnsa Louis Lucien Bónaparte. Mac
dearbhráthar é seo do'n chéád Napóleon - “Bóni”
ar sean-aithreacha - .i. mac do Lucien Bonaparte.
Bhí cáil ar Louis Lucien seo mar scoláire mhór
ar fud na hEorpa, in eolus teangan go
háirighthe. Bhí cnuasach mór leabhra aige, agus
indiaidh a bháis nuair do cuireadh na leabhra suas
le n-a n-díol do cheannuigh an Newberry
Library iad, timchioll seacht no h-ocht mbliadhain
ó shoin. Is cosmhuil go raibh meas mór ar an
nGaedhilig, óir bhí mór-chuid de leabhraibh
Gaedhilge san gcnuasach, agus is ag feuchaint
orra san do chuadhas an lá sin.



Do thárla orm “Sanasán Nua na Gaedhilge.”
San Loubháin i mbliadhain 1646 do cuireadh i
gcló é. Agus isé an Bráthair Micheál Ó Cléirigh,
ceannfart na gCeithre Máighistrí - fear gur
chóir é beith faoi chumann agus mhór-ghean ag
Gaedhil go deireadh a saoghail - do chur le chéile
é. Acht ní ar an leabhar fein is mian liom
trácht anois acht ar na neithe fuaras ann. Do bhí
eidir corp an leabhair agus an cumhdach deich
no dó-dhéag de dhuilleogaibh bána, agus sgríbh-
neoracht cruinn, cumtha ortha do réir nós na
sean-Ghaedhilge. Bhí “órtha an leonughadh,” “órtha
na péiste,” “órtha do'n mothughadh;” dó no trí
rainn bheaga, “barántas an hata,” Eoghain
Ruadh, trácht ar an Ógham, agus an dán breágh
atá le n-a chois seo, sgríobhtha ar na duilleogaibh.
Bhí ainm an t-é ar leis an leabhar trá, sgríobhtha
i mBéarla mar seo;



D'aithsgríobhas an dán mar leanas. Tá
cúpla focal ann go bhfuilim in amhrus orra,
óir ní'lim déanta ar an seannós sgríbhneorachta
do léighedh, agus b'fhéidir nach dtugas liom
i gceart iad.



File éigin, cct.



A cholainn, cuimhnigh do chríoch,
Ná codail i bhfríoch nó i bhfeirg:
Olc an t-éadach rachas leat -
Beidh do chreat ris an gcré ndeirg.



Iomdha agradh déantar ort
Anocht nach gcuireann tú i gcás;
Arís do gheabhair do gheall -
Is tar do cheann thiocfas an bás.



An t-anam dá dtugais fuaith,
Mairg do mheasas ar a luach é;
Air ar ghaibh a lán do gheall
Tar do cheann do sileadh fuil nDé.



Ní bhfuil acht sdán ort amuigh,
Tar is feuch istigh do chruth;
Tabhair do d'aire a cholainn chriadh,
Nach bhfuil ionnat acht biadh cnumh.



Tabhair do d'aire, a dhuine dhaoir
Lámh an t-saoir do rinne neamh
Ar na righeadh ris an gcrann
Cuimhnigh an dall is an tsleagh.



Gion go dtiocfadh as an gcorp
Is fada an chroch do rinne an saor,
Dob ' fhaide amach poll na gcliar,
Ach gé ar bh'fhada lámh an Rígh.



Tuig in fhochair sin, Mac Dé,
Is nach É féin do rinne an choir,
A chliabh 's a chroidhe gur tholl,
Is a dhá bhonn 'na raibh an bior.



Tuig a bhéal nár fhaomh an chealg,
Tug a aghaidh dearg ó'n fhuil,
Tabhair do d'aire go raibh a chreat
Mar do bhéadh each i ndiaigh an spuir.



Tuig mar do teannadh an cnámh,
Tuig an cnúid do rinneadh faoi,
Tuig mar d'iomchar sé an chroch,
Tuig an deoch d'ibh an Rí.



Tuig an dara lámh do Dia
Do tarrnughadh aniar as an gcorp.
Níor fhuiling a cur i gcríoch
No gur cuireadh cos ar a ucht.



Tuig an choróin fa n-a cheann,
Tuig an teann 'na raibh an tréan;
Tuig an talach do rinne an t-sleagh,
Tuig an dath do bhí ar a bhéal.



An choráin do rinne an cheárd,
Ní raibh táirne nach rabh i mbeo;
Níor fhuiling dá mháthair gol,
Is níor leig 'na ghoire an Oigh.



Ná dúile Balbha gan Chéill,
Ar gcuineadh Dia ar na ghoin,
'S ní bhfuil duine dá bhfuair bás
Nach gcuirionn i gcás na gcoir.



Do chuaidh a solus Ó'n ghréin
Is do chuaidh fó chéile an mhuir;
Ní bhfuil dúile nár chaoin an t-éacht,
Is do shil an t-iasg a fhuil.



drong ifrinn, tigh na bpian,
Ar nach raibh a gciall ar n-a gcur,
As truagh liom - is gairid an bás,
Gion go raibh i gcás na gcoir,
A cholainn.



Niall



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services