Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iomramh san Aer
Title
Iomramh san Aer
Author(s)
Niall,
Pen Name
Niall
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Iomramh san Aer. Bhí iongnadh ní ba mhó le feicsint ar an mbaile seo i rith na seachtmhaine tá caite no bhí ar aonach Tailtin nuair do facas na trí long ag iomramh san aer os cionn fear Éireann mar innistear shuas. Ó Satharn, an 12adh lá Lúghnasa, go Domhnach, an 20adh lá, bhí suas le dá fhichead “long aer” ar siubhal gach lá do na naoi laethaibh sin ag feuchaint cia aca do shárochadh no do bheurfadh an bhuaidh ar a chéile in gach comórtas dá raibh ar bun. Do bhí duais gach aon lá do'n duine dob fhaide, no ba bhuaine d'fhanadh san aer gan tuirling ar talamh; duais ar luas; duais do'n t-é ba luaithe d'árdóchadh é féin 500 meter — timcheall 1625 troigh — san aer; duais do'n t-é do b'airde rachadh suas san aer ba chuma luath nó mall; do'n t-é ba goire thuir- lingeochadh do chómhartha nó marc leagtha ar talamh; duais ar mheádhchan d'iomchar. Fir óga acfhuinneacha, cródha, calma do bhí ag ceannairceacht nó ag stiúradh na long agus ní féidir a rádh nach raibh misneach aca. Bhí Franncaigh, Gearmanáinigh, Sacsanaigh agus Éireannaigh orra; acht an chuid ba mhó - nídh nach iongnadh - do'n tír seo féin dóibh. Sacsanach dár bh'ainm Sopuith an fear is mó do rug duaiseanna. Do bhuaidh seisean 13,120 dollar i nduaiseannaibh; an dara fear Beachí, Americánach, 10,622 dollar; Rodgers nó Mac Ruaidhrí, an tríomhadh fear, 9,960 dollar gan trácht ar a dtuarastal. 'Na chionn sin bhí dá dollar gach móimeint aca i gcomhair an ama do chaithidís ag iomramh, no ag eitiollaigh san aer, ó thosach gnó an lae ar 3.30 p.m. go críoch ar an 7 p.m. — trí huaire go leith gach lá. Sin ó lucht stiúrtha na gcomórtas. Is iomdha cineál long aer atá ann acht is féidir an t-iomlán do thabhairt fá dá ghairm nó dá chuma .i. monoplane agus biplane. An monaplane .i. aon phlán de bhrígh nach bhfuil ann acht plán amháin, agus an bilane .i. dhá phlán mar atá dhá phlán ann. Tá na plánaí seo déanta de fhráma ádhmaid éadtrom, agus chanbhas nó éadach righin láidir sínte air i riocht go mbainfidh sé taca as an aer nuair cuirtear siubhal fá'n loing. Ní dóigh go bhfuil gabh le cur síos gurabh ó'n Laidin “planus” atá “plane” nó plán, agus gurab é a chiall comhárd nó coimhísiol. Franncach do b'eadh é do chum agus do chur inneall ar an monoplane. Déantús Americánach an biplane, beirt dearbhrathar d'ainm Wright atá 'na gcomhnuidhe i gcathair Dayton, Ohio, do cheap is do chum é. Tá dhá phlán, ceann aca timchioll ocht dtroigh os cionn an chinn eile, agus dá fhichead troigh fad ionnta. Táid na plánaí leagtha trasna ar an ngleus gluasachta, ionnos gur cosamhail le sgitheánaibh éin iad, agus is é an chiall céadna atá leo seo is tá fá sgitheán an éin. Tá déanamh eile bhiplane do rinne Curtiss, acht ní'l difrigheacht mór eidir so is déantús Wright. Do rinne fós an Curtiss céadna gleus eile do chumadh .i. an hydro-aeroplane. Is féidir leis seo gluasacht ar talamh réidh tirim ar an uisge agus sn aer. Biplane a bhfuil sórt báid faoi na leigeann dó báthadh san uisge. Tá rothaí beaga faoi gur féidir dhó gluasacht mhaith do dhéanamh ar talamh. Gleus gasolín an modh imtheachta atá ag gach aon chineál díobh. Cuirtear “propellor” - atá i gcosamhlacht sgriú loinge gaile — ar siubhal. De bharr an teann , nó an déine tá leis an “propellor” seo tiomántar an t-aeroplane ar aghaidh; téidheann an t-aer faoi na plánaí go n-árduighthear ó thalamh é agus siud suas leis. Annsin tá deis le na stiurughadh árdughadh is ísliughadh a chasadh deisioll is tuathall. Do rinneas féin mionsgrúdughadh ar chuid aca go h-áirighthe ar na monaplánaí agus ar na biplánaí de dhéantús Curtiss. Ag seo shíos a méid. An monoplane: A fhad ó ghob go earball, 26 troigh. A leithead, 29 troigh. Is cosamhail le cuil móir an monoplane san aer. An biplane: A fhad, 28 troigh. A leithead, 32 troigh. A aoirde, 8 troigh. A mheádhchan, ó 600 go 800 púnt. Tá déantús Wright beagán níos mó mar atá 40 troigh in a leithead. I bpáirc atá ucht na cathrach amach agus ar cholbha Locha Michigan do bhí na comórtais. Grant Parc an tainm atá uirre, i n-ómós do Ghrant do bhí 'na árdthaoiseach ar an arm i gcogadh na Stát caogadh bliadhain ó shoin, agus do chaith dhá théarma — ocht mbliadhain — 'na Uachdarán. An ceathramhadh lá d'éirigh dá mhio-thapadh, gur marbhuigheadh beirt iomaidhtheoir dá mbarr. Ar dhá ócáid eile do thuit an t-aeroplane sa loch acht gur thárrthuigheadh na fir do bhí ionnta. Gan aon amhras is mór an t-adhbhar iongnadh na loingis aeir. Tuigfear gur mór an intleacht do caithtear leo nuair bheir tú fá deara a ndtroime nó a meádhchan féin, ó 500 púnt an monoplane go 800 púnt an biplane. Tá meádhchan an gasolín, uisge, ola, agus uirnis beaga fhóireas dóibh leis, ionnos go mbidheann tiomchioll 1,000 púnt nó níos mó tógáil aca. Is mór an gníomh an méid sin meádhchain d'árdughadh míle, dhá mhíle, cúig mhíle, no b'fhéidir deich míle troigh ó thalamh. Dia Satharn, an 19adh lá Lughnasa, bhí beirt fhear Beattí an stiurthóir agus fear eile - meádhchan an an t-iomlán 1277 púnt - in áirde gan tuirlingt 3 huaire 42 móinentí. Bhí camera ag an bhfear eile agus bhí seisean ag déanamh pictiúirí de'n radhac mór-dtimchioll ar feadh an ama bhíodar in áirde. Deirtear go mba mhór an bhuntáiste d'fheudfaidh do bhuaint as cleas mar sin i n-aimsir cogaidh. An lá céadna bhí triúr, an stiurthoir agus beirt eile — meádhchan an t-iomlán 1,400 púnt — in áirde ar feadh dhá uair. Comórtas eile bhí ann go bhfuil súil le féidhm do bhaint as i n-aimsir cogaidh, sligeáin pleus- gacha do chaitheamh. Do bhí fíoghar nó tóirt loinge móire cogaidh tarraingte amach ar thalamh na páirce; an t-é ba ghoire do chaitheamh slig le lár nó croidhe na “lointe” do bhuaidhfeadh an geall. Málaidh mine plúir do bhí i náit sligeán aca; do chaithidís an t-urchar leis an “loing” ó aoirde 200 troigh nó mar sin. Éireannach do b'ainm Frisbie do bhuaidh duais an chomórtais seo. Acht ní raibh aon chomórtas ba mhó iongnadh ar dhaoinibh nó dul suas go h-árd san aer. Bheachí le biplane de dhéantús Curtiss do rug buaidh an chomórtais sin. Do chuaidh sé suas 11,578 troigh ó thalamh, timchioll dhá mhíle is ceath- ramha de'n tomhas Sacsanach. Do thóg sé a chúrsa i bhfad amach os cionn an locha, ní dheachaidh aon iomaidhtheoir eile i n-goire chomh h-árd leis, agus gidh go raibh leithead 35 troigh i bplánaí a loinge is ar éigin ba lear do'n t-súil nádúrtha é an fhad sin uait, ba chosmhuil le míoltóig nó le cuileoig é d'fheicfeá i bhfad uait san aer. Níor bh'fhéidir d'aonduine acht tuairim do thabhairt as an méid daoine do bhí san láthair ag amharc ar na loingis aeir, acht ba é baramhuil daoine eolguiseacha go raibh ó 300,000 ag 350,000 daoine ann gach lá seachtmhaine agus go raibh os cionn 500,000 gach Domhnach. Is féidir aistear fada do dhéanamh leis an loing aeir. San trá céadna a raibh na comórtais seo ar siubhal san gcathair seo do thosaigh fear ag deanamh aisdir ó chathair San Louis go Nuadh Eabhrac, 1,265 míle bealaigh, agus do chríochnuigh sé an t-aisdear sin i dtrí lá déag. Fiafróchar dhíom cad é an fhéidhm, cad é an mhaitheas do bheith ar siubhal le h-obair mar sin. An féidir aon tairbhe no aon nidh fóghanta do bhaint aistí? Sin ceist gur deacair a réiteach go h-áirighthe san trá tá i láthair. Nílid acht ag féachaint láimhe le cumas d'fhághail ar an aer, agus im thuairim féin ní fada an lá go nochtóchar slighe i bhfad níos fearr chuige sin nó aon slighe dá bhfuil i n-eolas fós. 'Sé nádúir an duine bheith go síoruidhe ag sgrúdughadh is ag cuartughadh d'fhonn a chumas is a chumhacht féin do mheudughadh is do neartughadh; deantúsaí úrsa do cheapadh is do chumadh. Ní féidir agus níor chóir cosg do chur leis an mhian sin. Acht thairis sin, ní'l aon amhras gur mór an céim ar aghaidh an méid atá i n-eolus cheana féin. Is follus gur féidir na cabhlacha móra cogaidh na “Dreadnoughts” do chur ó fhéidhm le slig-, eáinibh pléasgacha na long n-aer; dá bhárr sin gur lúghaide cumas na “gCumhachtaí Móra,” go cuirfear cogadh ar gcúl, agus má's fíor sin nach sona an sgéal é? “Niall”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services