Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iomramh san Aer

Title
Iomramh san Aer
Author(s)
Niall,
Pen Name
Niall
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Iomramh san Aer.



Bhí iongnadh ní ba mhó le feicsint ar an mbaile
seo i rith na seachtmhaine tá caite no bhí ar
aonach Tailtin nuair do facas na trí long
ag iomramh san aer os cionn fear Éireann mar
innistear shuas.



Ó Satharn, an 12adh lá Lúghnasa, go Domhnach,
an 20adh lá, bhí suas le dá fhichead “long aer”
ar siubhal gach lá do na naoi laethaibh sin ag
feuchaint cia aca do shárochadh no do bheurfadh
an bhuaidh ar a chéile in gach comórtas dá raibh
ar bun. Do bhí duais gach aon lá do'n duine
dob fhaide, no ba bhuaine d'fhanadh san aer gan
tuirling ar talamh; duais ar luas; duais do'n
t-é ba luaithe d'árdóchadh é féin 500 meter
— timcheall 1625 troigh — san aer; duais do'n
t-é do b'airde rachadh suas san aer ba chuma
luath nó mall; do'n t-é ba goire thuir-
lingeochadh do chómhartha nó marc leagtha ar
talamh; duais ar mheádhchan d'iomchar.



Fir óga acfhuinneacha, cródha, calma do bhí ag
ceannairceacht nó ag stiúradh na long agus
ní féidir a rádh nach raibh misneach aca. Bhí
Franncaigh, Gearmanáinigh, Sacsanaigh agus
Éireannaigh orra; acht an chuid ba mhó - nídh nach
iongnadh - do'n tír seo féin dóibh. Sacsanach
dár bh'ainm Sopuith an fear is mó do rug
duaiseanna. Do bhuaidh seisean 13,120 dollar i
nduaiseannaibh; an dara fear Beachí,
Americánach, 10,622 dollar; Rodgers nó Mac
Ruaidhrí, an tríomhadh fear, 9,960 dollar gan
trácht ar a dtuarastal. 'Na chionn sin bhí
dá dollar gach móimeint aca i gcomhair an ama
do chaithidís ag iomramh, no ag eitiollaigh san
aer, ó thosach gnó an lae ar 3.30 p.m. go críoch
ar an 7 p.m. — trí huaire go leith gach lá.
Sin ó lucht stiúrtha na gcomórtas.



Is iomdha cineál long aer atá ann acht is
féidir an t-iomlán do thabhairt fá dá ghairm
nó dá chuma .i. monoplane agus biplane.



An monaplane .i. aon phlán de bhrígh nach bhfuil
ann acht plán amháin, agus an bilane .i. dhá
phlán mar atá dhá phlán ann. Tá na plánaí seo
déanta de fhráma ádhmaid éadtrom, agus
chanbhas nó éadach righin láidir sínte air i riocht
go mbainfidh sé taca as an aer nuair cuirtear
siubhal fá'n loing. Ní dóigh go bhfuil gabh le
cur síos gurabh ó'n Laidin “planus” atá
“plane” nó plán, agus gurab é a chiall
comhárd nó coimhísiol. Franncach do b'eadh
é do chum agus do chur inneall ar an monoplane.



Déantús Americánach an biplane, beirt
dearbhrathar d'ainm Wright atá 'na gcomhnuidhe
i gcathair Dayton, Ohio, do cheap is do chum
é. Tá dhá phlán, ceann aca timchioll ocht dtroigh
os cionn an chinn eile, agus dá fhichead troigh
fad ionnta. Táid na plánaí leagtha trasna
ar an ngleus gluasachta, ionnos gur cosamhail
le sgitheánaibh éin iad, agus is é an chiall céadna
atá leo seo is tá fá sgitheán an éin.



Tá déanamh eile bhiplane do rinne Curtiss,
acht ní'l difrigheacht mór eidir so is déantús
Wright. Do rinne fós an Curtiss céadna
gleus eile do chumadh .i. an hydro-aeroplane.
Is féidir leis seo gluasacht ar talamh réidh tirim
ar an uisge agus sn aer. Biplane a bhfuil
sórt báid faoi na leigeann dó báthadh san
uisge. Tá rothaí beaga faoi gur féidir dhó
gluasacht mhaith do dhéanamh ar talamh.



Gleus gasolín an modh imtheachta atá ag gach
aon chineál díobh. Cuirtear “propellor” - atá
i gcosamhlacht sgriú loinge gaile — ar siubhal.
De bharr an teann , nó an déine tá leis an
“propellor” seo tiomántar an t-aeroplane
ar aghaidh; téidheann an t-aer faoi na plánaí go
n-árduighthear ó thalamh é agus siud suas leis.
Annsin tá deis le na stiurughadh árdughadh is
ísliughadh a chasadh deisioll is tuathall.



Do rinneas féin mionsgrúdughadh ar chuid
aca go h-áirighthe ar na monaplánaí agus ar
na biplánaí de dhéantús Curtiss. Ag seo shíos
a méid. An monoplane:



A fhad ó ghob go earball, 26 troigh.
A leithead, 29 troigh.
Is cosamhail le cuil móir an monoplane san
aer. An biplane:
A fhad, 28 troigh.
A leithead, 32 troigh.
A aoirde, 8 troigh.
A mheádhchan, ó 600 go 800 púnt.
Tá déantús Wright beagán níos mó mar
atá 40 troigh in a leithead.



I bpáirc atá ucht na cathrach amach agus ar
cholbha Locha Michigan do bhí na comórtais.
Grant Parc an tainm atá uirre, i n-ómós
do Ghrant do bhí 'na árdthaoiseach ar an arm i
gcogadh na Stát caogadh bliadhain ó shoin, agus
do chaith dhá théarma — ocht mbliadhain — 'na
Uachdarán. An ceathramhadh lá d'éirigh dá
mhio-thapadh, gur marbhuigheadh beirt iomaidhtheoir
dá mbarr. Ar dhá ócáid eile do thuit an
t-aeroplane sa loch acht gur thárrthuigheadh na
fir do bhí ionnta.



Gan aon amhras is mór an t-adhbhar iongnadh
na loingis aeir. Tuigfear gur mór an
intleacht do caithtear leo nuair bheir tú fá
deara a ndtroime nó a meádhchan féin, ó 500 púnt
an monoplane go 800 púnt an biplane. Tá
meádhchan an gasolín, uisge, ola, agus uirnis
beaga fhóireas dóibh leis, ionnos go mbidheann
tiomchioll 1,000 púnt nó níos mó tógáil aca.
Is mór an gníomh an méid sin meádhchain
d'árdughadh míle, dhá mhíle, cúig mhíle, no b'fhéidir
deich míle troigh ó thalamh. Dia Satharn, an
19adh lá Lughnasa, bhí beirt fhear Beattí an
stiurthóir agus fear eile - meádhchan an an t-iomlán
1277 púnt - in áirde gan tuirlingt 3 huaire 42
móinentí. Bhí camera ag an bhfear eile agus
bhí seisean ag déanamh pictiúirí de'n radhac
mór-dtimchioll ar feadh an ama bhíodar in áirde.
Deirtear go mba mhór an bhuntáiste d'fheudfaidh
do bhuaint as cleas mar sin i n-aimsir cogaidh.
An lá céadna bhí triúr, an stiurthoir agus
beirt eile — meádhchan an t-iomlán 1,400 púnt —
in áirde ar feadh dhá uair.



Comórtas eile bhí ann go bhfuil súil le féidhm
do bhaint as i n-aimsir cogaidh, sligeáin pleus-
gacha do chaitheamh. Do bhí fíoghar nó tóirt
loinge móire cogaidh tarraingte amach ar thalamh
na páirce; an t-é ba ghoire do chaitheamh slig
le lár nó croidhe na “lointe” do bhuaidhfeadh
an geall. Málaidh mine plúir do bhí i náit
sligeán aca; do chaithidís an t-urchar leis an
“loing” ó aoirde 200 troigh nó mar sin.
Éireannach do b'ainm Frisbie do bhuaidh duais
an chomórtais seo.



Acht ní raibh aon chomórtas ba mhó iongnadh
ar dhaoinibh nó dul suas go h-árd san aer.
Bheachí le biplane de dhéantús Curtiss do rug
buaidh an chomórtais sin. Do chuaidh sé suas
11,578 troigh ó thalamh, timchioll dhá mhíle is ceath-
ramha de'n tomhas Sacsanach. Do thóg sé a
chúrsa i bhfad amach os cionn an locha, ní dheachaidh
aon iomaidhtheoir eile i n-goire chomh h-árd leis,
agus gidh go raibh leithead 35 troigh i bplánaí
a loinge is ar éigin ba lear do'n t-súil
nádúrtha é an fhad sin uait, ba chosmhuil le
míoltóig nó le cuileoig é d'fheicfeá i bhfad
uait san aer.



Níor bh'fhéidir d'aonduine acht tuairim do
thabhairt as an méid daoine do bhí san láthair ag
amharc ar na loingis aeir, acht ba é baramhuil
daoine eolguiseacha go raibh ó 300,000 ag 350,000
daoine ann gach lá seachtmhaine agus go
raibh os cionn 500,000 gach Domhnach.



Is féidir aistear fada do dhéanamh leis an
loing aeir. San trá céadna a raibh na comórtais
seo ar siubhal san gcathair seo do thosaigh fear
ag deanamh aisdir ó chathair San Louis go Nuadh
Eabhrac, 1,265 míle bealaigh, agus do chríochnuigh
sé an t-aisdear sin i dtrí lá déag.



Fiafróchar dhíom cad é an fhéidhm, cad é an
mhaitheas do bheith ar siubhal le h-obair mar sin.
An féidir aon tairbhe no aon nidh fóghanta do
bhaint aistí? Sin ceist gur deacair a réiteach
go h-áirighthe san trá tá i láthair. Nílid acht
ag féachaint láimhe le cumas d'fhághail ar an
aer, agus im thuairim féin ní fada an lá go
nochtóchar slighe i bhfad níos fearr chuige sin
nó aon slighe dá bhfuil i n-eolas fós. 'Sé
nádúir an duine bheith go síoruidhe ag sgrúdughadh
is ag cuartughadh d'fhonn a chumas is a chumhacht
féin do mheudughadh is do neartughadh; deantúsaí
úrsa do cheapadh is do chumadh. Ní féidir agus
níor chóir cosg do chur leis an mhian sin. Acht
thairis sin, ní'l aon amhras gur mór an céim ar
aghaidh an méid atá i n-eolus cheana féin.
Is follus gur féidir na cabhlacha móra cogaidh
na “Dreadnoughts” do chur ó fhéidhm le slig-,
eáinibh pléasgacha na long n-aer; dá bhárr sin
gur lúghaide cumas na “gCumhachtaí Móra,”
go cuirfear cogadh ar gcúl, agus má's fíor sin
nach sona an sgéal é?



“Niall”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services