Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Imeacht na Sidheoga
Title
Imeacht na Sidheoga
Author(s)
Mac Meanman, Seaghan,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Imeacht na Sidheoga. Cá ndeachaidh na sidheoga do bhí i nÉirinn riamh anuas go dtí deich mbliadhna fiche ó shoin. Seo ceist do chualas canta go minic ag fairidhibh, bainseachaibh, agus cruinniththibh de'n tseort sin, imeasg na seanóiridhe agus na sean-bhan — daoine do bhí in inmhe trácht ar cheist- teannaibh cruaidhe de'n chineál seo. D'innseochadh sean-duine liath éigin a raibh cliú fhírinneach aige, go bhfaca sé féin “le n-a dhá shúil” fosta taise nó síoguidhe i leithéid seo áit' i n-am an-tráth oidhche éigin, nuair do bhí sé 'na bhuachaill óg, agus chuirfeadh sé leis go ndeachaidh sé thart ins an áit chéudna oidhche le gairid, agus nach bhfaca sé dadaí. Agus d'innseochadh daoine aosta eile sgeulta de'n tseort cheudna. Is minic d'éist mé le comhrádh ar na áitigh theóiridhibh seo do chuaidh as amharc, agus shonnruigh mé i gcomhnuidhe gur ceann éigin de na trí réasúnaibh seo do-bheirthí mar mhíniughadh ar imeacht na sidheog: 1. Tháinig athrughadh ar a ríoghacht nach dtuig- eann daoine saoghalta. 2. D'imthigheadar leo go réagún éigin eile a bhfuil níos lugha challáin ann 'na tá i nÉirinn. 3. Táid ann go fóill, agus iad ar siubhal trés an tsaoghal, fá chosamhlacht daoine saoghalta. Is minic do chuir mé fearg ar lucht na míniughadh seo nuair a deárfainn go mb'fhéidir go bhfuair na huaisle bás le h-ocras i n-aimsir an ghorta. Creidim féin go diongbhálta go raibh sidheoga le feicsin go dtí ar na mallaibh, agus creidim go bhfuilid ann go fóill. Ní rachaidh mé chomh fada chun tosaigh agus go ndéarfaidh mé go bhfuil sé chomh dóigh leis an Chásg tuitim ar an Domhnach gur síoguidhthe cuid de na strain- séiridhibh a chastar orrainn gach lá, a n-éirigheann sinn amach. Ní rachad, leoga, acht deirim go bhfuilid ann, agus ní h-é sin amháin, acht go bhfuilid ag bun mórán de na rudaibh do- mhínighthe a thárlaidheas i mbealach cuid de na daoinibh, ó bhliadhain go bliadhain. Duine ar leith nach gcreideann seo léigheadh sé an sgéilín seo: Lá amháin tá cúpla bliadhain ó shoin bhí mé féin agus buachaill eile i mbaile mhór atá naoi nó deich de mhíle ó'n áit seo. Cia chasadh orainn i mbéal na sgéibe acht comhursa as na sléibhtibh. Chuir sé speic orainne agus chaith sinn ceath- ramha uaire nó tuilleadh b'fhéidir ag comhrádh leis. Fá dheireadh sgaramar-ne leis agus ní fhaca sinn ní ba mhó an lá sin é. Nuair a tháinig sinn a bhaile an oidhche sin chuireamar seanchasg a raibh sé i bhfad ó chuaidh an leithéid seo de dhuine(d'á ainmnighadh) thart. Acht dubhradh linn nach raibh an fear sin 'san mbaile mhór án lá sin ar chor ar bith, óir go raibh se fein agus a bhean ag cur cáil 'san chuibhreann ó mhaidin go dtí'n oidhche. Acht ní rabhas féin sásta leis an oiread seo d'fhios: chuaidh mé chum an fhir é féin lá ar n-a bhárach, agus dubhairt mé leis gur fhead sé fanamhaint ar an mbaile mór an lá roimhe sin go mbéidheadh sinne leis. Acht dubhairt seisean liom nár fhág sé a bhaile féin an lá sin ar aon chor, agus nach é do chonnaic sinne ar chor ar bith. Dubhairt mise leis gurb é agus d'fhágamar mar sin é. Tá mé cinnte go leor anois ó meud tuairisg a chuir mé ar a chuid comhursan nachar fhág sé an baile a lá úd, agus tá buachaill eile agus mé féin lán chomh cinnte gurbh' é a thaise do chonnaic sinn ar an mbaile mór. Anois fuair mé baramhail na sean-daoine ar an rúin-diamhair seo, agus go deimhin, ní ag déanamh beagán de'n Psychical Research Society tá mé nuair adeirim go bhfuil baramhail sean-mhná nó sean-fhir as croidhe sléibhteadh Dhúin na nGall chomh maith lá ar bith le baramhail an tsíc-chumainn is foghlumtha ó seo go hAitheán, ar cheisteannaibh a bhaineas de spioradaibh an uisge agus an aeir agus an talaimh. Ach is é an rud adubhairt na sean-daoine liom gur sidheog do bhí ann a d'imthigh an lá sin i gcosamhlacht an fhir úd. Go dtí ar na mallaibh adéarfadh gach uile dhuine ins an tír seo a labharfadh ar sidheogaibh, “glacamuid a gcoimirce agus nár theidhmid choidhche ar a n-imirce.” Gan amhras shíl na daoine go raibh brigh mhór ins na foclaibh seo, agu bhí. Acht is fíor-annamh a chluintear anois iad. Ámhach ghnímh féin úsáid díobh go fóill, acht bhí dearmad mór orm nuair nár dhubhairt mé iad i dtús an chaidearnaigh seo. Seaghan Mac Meanman Tírchonaill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services