Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Imeacht na Sidheoga

Title
Imeacht na Sidheoga
Author(s)
Mac Meanman, Seaghan,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Imeacht na Sidheoga.



Cá ndeachaidh na sidheoga do bhí i nÉirinn
riamh anuas go dtí deich mbliadhna fiche
ó shoin. Seo ceist do chualas canta go minic
ag fairidhibh, bainseachaibh, agus cruinniththibh
de'n tseort sin, imeasg na seanóiridhe agus na
sean-bhan — daoine do bhí in inmhe trácht ar cheist-
teannaibh cruaidhe de'n chineál seo. D'innseochadh
sean-duine liath éigin a raibh cliú fhírinneach
aige, go bhfaca sé féin “le n-a dhá shúil” fosta
taise nó síoguidhe i leithéid seo áit' i n-am
an-tráth oidhche éigin, nuair do bhí sé 'na bhuachaill
óg, agus chuirfeadh sé leis go ndeachaidh sé
thart ins an áit chéudna oidhche le gairid, agus
nach bhfaca sé dadaí. Agus d'innseochadh
daoine aosta eile sgeulta de'n tseort cheudna.
Is minic d'éist mé le comhrádh ar na áitigh
theóiridhibh seo do chuaidh as amharc, agus shonnruigh
mé i gcomhnuidhe gur ceann éigin de na trí
réasúnaibh seo do-bheirthí mar mhíniughadh ar
imeacht na sidheog:



1. Tháinig athrughadh ar a ríoghacht nach dtuig-
eann daoine saoghalta.



2. D'imthigheadar leo go réagún éigin eile a
bhfuil níos lugha challáin ann 'na tá i nÉirinn.



3. Táid ann go fóill, agus iad ar siubhal trés
an tsaoghal, fá chosamhlacht daoine saoghalta.



Is minic do chuir mé fearg ar lucht na
míniughadh seo nuair a deárfainn go mb'fhéidir go
bhfuair na huaisle bás le h-ocras i n-aimsir
an ghorta.



Creidim féin go diongbhálta go raibh sidheoga
le feicsin go dtí ar na mallaibh, agus creidim
go bhfuilid ann go fóill. Ní rachaidh mé chomh
fada chun tosaigh agus go ndéarfaidh mé
go bhfuil sé chomh dóigh leis an Chásg tuitim ar an
Domhnach gur síoguidhthe cuid de na strain-
séiridhibh a chastar orrainn gach lá, a n-éirigheann
sinn amach. Ní rachad, leoga, acht deirim go
bhfuilid ann, agus ní h-é sin amháin, acht go
bhfuilid ag bun mórán de na rudaibh do-
mhínighthe a thárlaidheas i mbealach cuid de na
daoinibh, ó bhliadhain go bliadhain. Duine ar leith
nach gcreideann seo léigheadh sé an sgéilín seo:
Lá amháin tá cúpla bliadhain ó shoin bhí mé féin
agus buachaill eile i mbaile mhór atá naoi nó
deich de mhíle ó'n áit seo. Cia chasadh orainn
i mbéal na sgéibe acht comhursa as na sléibhtibh.
Chuir sé speic orainne agus chaith sinn ceath-
ramha uaire nó tuilleadh b'fhéidir ag comhrádh
leis. Fá dheireadh sgaramar-ne leis agus ní
fhaca sinn ní ba mhó an lá sin é. Nuair a
tháinig sinn a bhaile an oidhche sin chuireamar seanchasg
a raibh sé i bhfad ó chuaidh an leithéid seo de
dhuine(d'á ainmnighadh) thart. Acht dubhradh
linn nach raibh an fear sin 'san mbaile mhór án
lá sin ar chor ar bith, óir go raibh se fein agus
a bhean ag cur cáil 'san chuibhreann ó mhaidin go
dtí'n oidhche. Acht ní rabhas féin sásta leis an
oiread seo d'fhios: chuaidh mé chum an fhir é féin
lá ar n-a bhárach, agus dubhairt mé leis gur
fhead sé fanamhaint ar an mbaile mór an lá
roimhe sin go mbéidheadh sinne leis. Acht
dubhairt seisean liom nár fhág sé a bhaile féin
an lá sin ar aon chor, agus nach é do chonnaic
sinne ar chor ar bith. Dubhairt mise leis gurb
é agus d'fhágamar mar sin é. Tá mé cinnte
go leor anois ó meud tuairisg a chuir mé ar a
chuid comhursan nachar fhág sé an baile a lá úd,
agus tá buachaill eile agus mé féin lán
chomh cinnte gurbh' é a thaise do chonnaic sinn
ar an mbaile mór. Anois fuair mé baramhail
na sean-daoine ar an rúin-diamhair seo, agus
go deimhin, ní ag déanamh beagán de'n Psychical
Research Society tá mé nuair adeirim go bhfuil
baramhail sean-mhná nó sean-fhir as croidhe
sléibhteadh Dhúin na nGall chomh maith lá ar bith
le baramhail an tsíc-chumainn is foghlumtha ó
seo go hAitheán, ar cheisteannaibh a bhaineas
de spioradaibh an uisge agus an aeir agus
an talaimh. Ach is é an rud adubhairt na
sean-daoine liom gur sidheog do bhí ann a
d'imthigh an lá sin i gcosamhlacht an fhir úd.



Go dtí ar na mallaibh adéarfadh gach uile
dhuine ins an tír seo a labharfadh ar sidheogaibh,
“glacamuid a gcoimirce agus nár theidhmid
choidhche ar a n-imirce.” Gan amhras shíl na
daoine go raibh brigh mhór ins na foclaibh seo,
agu bhí. Acht is fíor-annamh a chluintear anois
iad. Ámhach ghnímh féin úsáid díobh go fóill, acht
bhí dearmad mór orm nuair nár dhubhairt mé iad
i dtús an chaidearnaigh seo.



Seaghan Mac Meanman
Tírchonaill.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services