Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Canamhna Chúige Uladh
Title
Canamhna Chúige Uladh
Author(s)
Mac Maoláin, Seaghan,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Canamhna Chúige Uladh Is breagh, soiléir a rinne Cú Uladh a bharramhail féin de theoir na gcanamhain i gCúige Uladh a chur romhainn; agus tá mé an-bhuidheach de ar a shon. D'fhiafruigh sé díom féin caidé mar réidhteochadh an bharramhail sin leis an eolas atá agam ar na canamhna céadna. Maise, tig siad le chéile go han-mhaith, ach i n-aon rud amháin. “Is cosamhla Gaedhilg Thíre Chonaill le Gaedhilg Chonnachta ná le Gaedhilg Thíre Eoghain,” a deir sé. Is fada mé ag éisteach leis an sgéal céadna, agus is minic mé ag cur ina éadan, agus ní fhéadaim gan é bhréagnughadh uair eile. Tá's agam nach nglacann Cú Uladh go mór uaim é ; agus cé gur olc an dóigh é bheith ag síor- chainnt ar chanamhnaibh, níl dochar ar bith dúinn fios na fírinne bheith againn. Cuirfidh mé síos annseo cuid de'n difridheacht atá eadar Ghaedhilg Thíre Chonaill, Thíre Eoghain agus Chúige Uladh ar fad agus Gaedhilg Chonnacht. Na meastar go bhfuil mé ag ráidht gur ionann amach na somplaí as an Bhéarla atá mé a chur i gcás agus fuaimeanna a chuirfeadh Gaedhgeoir leis na foclaibh. Ál At bó cos féar aol aghaidh árdán éireochaidh 1. Ál. Cuirtear tuaim eile leis seo i nInis Eoghain agus in lán áiteach i dTír Chonaill. Tá sí rud beag níos caoile na an t-“a” i bh “far”. 2. Tá an tuaim seo eadar “i” agus “ú.” 3. Tá sí seo eadar “á” agus “éa.” Ní mheasaim go bhfuil aon cheann de'n dá cheann deareannacha seo le faghail nÉirinn taobh amuigh de Chúige Uladh. Ní'l muill ar bith oiread de ghaol anns na foclaibh agus cora-chainnt a thaisbeáin eadar Gaedhilg Thíre Chonaill agus an Ghaedhilg atá coitcheannta ar fad Chúige Uladh, agus an oiread céadna de éagsamhlacht eadar iad agus Gaedhilg Chonnacht; ach chonnaictheas domh go ndéanfadh an méad seo cúis. Rud eile de, ní sheasuigheann focal ach dó féin, agus bíonn an tuaim chéadna anns an iomad focal. Ná síltear go mbeadh a dhath de mhuill ar Ghaedhilgeoir ar bith as Connachtaibh Gaedhil- geoirí Chúige Uladh a thuigbheái, siocair na héagsamhlachta seo, ach oiread 's dá mbeadh siad ag labhairt Béarla le chéile, dá mbeadh an oiread sin féin. Seaghan Mac Maoláin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services