Canamhna Chúige Uladh
Is breagh, soiléir a rinne Cú Uladh a bharramhail
féin de theoir na gcanamhain i gCúige Uladh
a chur romhainn; agus tá mé an-bhuidheach de ar a
shon. D'fhiafruigh sé díom féin caidé mar
réidhteochadh an bharramhail sin leis an eolas
atá agam ar na canamhna céadna. Maise,
tig siad le chéile go han-mhaith, ach i n-aon rud
amháin. “Is cosamhla Gaedhilg Thíre Chonaill le
Gaedhilg Chonnachta ná le Gaedhilg Thíre Eoghain,”
a deir sé. Is fada mé ag éisteach leis an
sgéal céadna, agus is minic mé ag cur ina éadan,
agus ní fhéadaim gan é bhréagnughadh uair eile.
Tá's agam nach nglacann Cú Uladh go mór
uaim é ; agus cé gur olc an dóigh é bheith ag síor-
chainnt ar chanamhnaibh, níl dochar ar bith dúinn
fios na fírinne bheith againn.
Cuirfidh mé síos annseo cuid de'n difridheacht
atá eadar Ghaedhilg Thíre Chonaill, Thíre Eoghain
agus Chúige Uladh ar fad agus Gaedhilg Chonnacht.
Na meastar go bhfuil mé ag ráidht gur ionann
amach na somplaí as an Bhéarla atá mé a chur
i gcás agus fuaimeanna a chuirfeadh Gaedhgeoir
leis na foclaibh.
Ál
At
bó
cos
féar
aol
aghaidh
árdán
éireochaidh
1. Ál. Cuirtear tuaim eile leis seo i nInis Eoghain
agus in lán áiteach i dTír Chonaill. Tá
sí rud beag níos caoile na an t-“a” i bh “far”.
2. Tá an tuaim seo eadar “i” agus “ú.”
3. Tá sí seo eadar “á” agus “éa.” Ní
mheasaim go bhfuil aon cheann de'n dá cheann
deareannacha seo le faghail nÉirinn taobh
amuigh de Chúige Uladh.
Ní'l muill ar bith oiread de ghaol anns na
foclaibh agus cora-chainnt a thaisbeáin eadar
Gaedhilg Thíre Chonaill agus an Ghaedhilg atá
coitcheannta ar fad Chúige Uladh, agus an oiread
céadna de éagsamhlacht eadar iad agus Gaedhilg
Chonnacht; ach chonnaictheas domh go ndéanfadh
an méad seo cúis. Rud eile de, ní sheasuigheann
focal ach dó féin, agus bíonn an tuaim chéadna
anns an iomad focal.
Ná síltear go mbeadh a dhath de mhuill ar
Ghaedhilgeoir ar bith as Connachtaibh Gaedhil-
geoirí Chúige Uladh a thuigbheái, siocair na
héagsamhlachta seo, ach oiread 's dá mbeadh siad
ag labhairt Béarla le chéile, dá mbeadh an
oiread sin féin.
Seaghan Mac Maoláin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11