Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Sagart agus an Ghaedhealtacht
Title
An Sagart agus an Ghaedhealtacht
Author(s)
Mac Aodha, Pádraig,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Sagart agus an Ghaedhealtacht. Feictear domh go raibh stáid na Gaedhilge faoi dhíopóireacht ag an Oireachtas. Feictear domh fós gur cuireadh rúin i bhfeidhm le cur i n-iúl do na hEasbuig gur chóir dóbhtha gan acht sagairt ag a raibh Gaedhealg do chur go paráistibh ina raibh a thrian nó mar sin de'n háitightheoiridhibh ábalta ar an nGaedhilg do labhairt. I n-ainm Dé cia'n mhaith 'bheith ag cur baoth-rún neimh-éifeachtach mar sin le chéile? Cá bhfuil na sagairt le na gcur go ceanntaraibh Gaedhealacha? Cá bhfuil na sagairt atá i n-inmhe seanmóir Ghaedhealach do thabhairt a thuigfidhear? Cuir […] ar aon fhairche is mian leat ar fad agus leathad na hÉireann, agus cuir i bhfios dom cé mhéid sagart 'san bhfairche sin ábalta ar usáid do dhéanamh de'n Ghaedhilg 'na seanmóireacht agus 'na n-obair laetheamhail ar fud an pharáiste? Nuair a bhéas sé sin déanta agat fágh amach é mhéid aca atá dhá dhéanamh; agus feicfidhear annsin an tairbhe thiocfas chugainn de chionn na rún seo. Má's iad na sagairt atá de chúram ar an gCoiste Gnótha faoi láthair agus má's mian leis na sagairt iad féin bheith thar locht agus toibhéim 'san gceist seo, cuirtear rún i bhfeidhm ag iarraidh ar lucht ceannais na gColáiste a háit cheart do thabhairt do'n teangain 'sna Coláistibh — go mór-mhór i gColáistibh na bhFairche. Atá 'fhios againn go maith an múineadh suarach atá dá thabhairt ionnta faoi láthair. Go dtí go dtugtar tús onóra agus áite do'n Ghaedhilg 'sna gColáistibh atá sé chomh maith 'bheith ag cainnt leis an ngealach le 'bheith ag iarraidh sagart nGaedhealach le haghaidh ceanntar nGaedhealach. Deirim nach bhfuil ár sáith sagart againn leis an usáid sin do bhaint as an nGaedhilg atá ag teastáil. Agus gidh náireach liom a rádh, a bhfurmhór aca seo atá i n-inmhe usáid do dhéanamh de'n teangain i seanmóireacht, ní dhéineann siad é — cuid aca de théinn náire atá siad ag éirghe chomh postamhail sin, cuid aca de dhroim leisge, agus cuid eile aca ag leigint ortha féin nach bhfuil Gaedhilg aca ar fhaitchios go n-athróchar go háit fhiadháin iad ina raibh an Gaedhilg. Rud eile, tugtar malairt oibre do na múinteóiridhibh taisdil má atá fúinn ní hamháin an teanga do chongbháil beo 'sna ceann- taraibh Gaehdealacha acht má's mian linn meas do bheith ag na daoinibh ar an dteangain. Ní theastuigheann múinnteóirí taisdil 'sna ceann- taraibh Gaedhealacha. Atá mise 'mo chomhnuidhe le dhá bhliadhain anuas 'san limistéireacht is Ghaedhealaighe i nÉirinn .i. Iorras, agus deirim go dearbhtha gan aon agó go bhfuil an teanga ag dul i laige agus i ndísg chomh cinnte ar atá an peann seo 'mo ghlaic agam. Céard atá uainn le na chongbháil beo? Múinnteóirí taisdil an eadh? Ní headh. Tugtar faoi an mBórd Náisiúnta agus bristear a chomhacht, tugtar faoi na Coláistibh agus na sgoilteachaibh Meadhonacha go dtí go dtuigidh siad a ndual- gas, cuirtear craobheacha ar bun i ngach paróiste 'san tír faoi chúram agus uachtaránach na sagart na múinnteóir sgoile agus daoine n-úghdar- thásach eile. Bíodh aeridheacht, cuirmeacha ceóil agus feis bheag ag 'chuile pháraiste gach bliadhain dóbhtha féin. Bíodh cnuasacht airgid aca in gach paráiste agus tugtar gach aon phighinn de'n airgead i duaiseannaibh ag an bhfeis — agus do mhuinntir an pharáiste amháin. Tugtar limistéireacht mhór tíre do'n mhúinnteóir taisdil agus cuirtear mar obair air congnamh do thabhairt ag an aeridheacht, ag an bhfeis agus ag gcuirm ceóil. Muna ndéantar rud eicínt mar seo feic- fidhear go luath go mbeidh na ceanntair Gheadhealacha chomh Gallda i gcanamhaint leis na Gaill iad féin. Ní ag cáineadh agus ag caitheamh milleáin ar na sagairt a dhéanfas aon mhaitheas do'n chúis. Ní ag moladh do sgríbhneóiridhibh an fhoirm focal do chuirfidh siad ar a smaointibh a bheidheas tairbheach do'n nGaedhilg. Ní ó sgríobhadh litreacha faoi “Simplified Spelling” a thiocfas aon bhrabach — “Simplified Spelling” go deimhin! Ní ghlacfidhear an “Simplidheacht” seo go deo! Leanadh lucht an “Simplidheachta” a chluasa má's maith leobhtha, acht leanfaidh sgíobhneóirí na Gaedhilge a gciall agus a dteanga. Ní headh. Ní ag cáineadh 'ná ag moladh foirme litridheachta a dhéanfar gnáithe. Ná bac leis na sgríobhbéoribh, ná bac leis na sagairt, acht tugtar aire do na páisdíbh agus do na sean- daoinibh. Ní bhfuighthear greim ar na sean- daoinibh acht tré fheis an pharáiste, ní bhfuighthear greim ar na páisdibh acht tré an mBórd Náisiúnta. Má cuirtear craobh ar bun le haghaidh an aosa fhásta, múintear stair na hÉireann ann — ná bac leis an teangain. Dlúth- cheangail beag agus mór, óg agus sean, bocht agus saidhbhir ag an aeridheacht agus ag an bhfeis. Muna ndéantar rud eicínt mar seo go luath slán leis an nGaedhilg sna Ceanntaraibh Gaedhealacha. Pádraig Mac Aodha, Sagart.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services