An Sagart agus an Ghaedhealtacht.
Feictear domh go raibh stáid na Gaedhilge
faoi dhíopóireacht ag an Oireachtas. Feictear
domh fós gur cuireadh rúin i bhfeidhm le cur i
n-iúl do na hEasbuig gur chóir dóbhtha gan
acht sagairt ag a raibh Gaedhealg do chur go
paráistibh ina raibh a thrian nó mar sin de'n
háitightheoiridhibh ábalta ar an nGaedhilg do
labhairt. I n-ainm Dé cia'n mhaith 'bheith ag cur
baoth-rún neimh-éifeachtach mar sin le chéile?
Cá bhfuil na sagairt le na gcur go ceanntaraibh
Gaedhealacha? Cá bhfuil na sagairt atá i
n-inmhe seanmóir Ghaedhealach do thabhairt a
thuigfidhear? Cuir […] ar aon fhairche is mian
leat ar fad agus leathad na hÉireann, agus
cuir i bhfios dom cé mhéid sagart 'san bhfairche
sin ábalta ar usáid do dhéanamh de'n Ghaedhilg
'na seanmóireacht agus 'na n-obair laetheamhail
ar fud an pharáiste? Nuair a bhéas sé sin
déanta agat fágh amach é mhéid aca atá dhá
dhéanamh; agus feicfidhear annsin an tairbhe
thiocfas chugainn de chionn na rún seo. Má's
iad na sagairt atá de chúram ar an gCoiste
Gnótha faoi láthair agus má's mian leis na
sagairt iad féin bheith thar locht agus toibhéim
'san gceist seo, cuirtear rún i bhfeidhm ag
iarraidh ar lucht ceannais na gColáiste a háit
cheart do thabhairt do'n teangain 'sna Coláistibh
— go mór-mhór i gColáistibh na bhFairche. Atá
'fhios againn go maith an múineadh suarach atá
dá thabhairt ionnta faoi láthair. Go dtí go
dtugtar tús onóra agus áite do'n Ghaedhilg
'sna gColáistibh atá sé chomh maith 'bheith ag
cainnt leis an ngealach le 'bheith ag iarraidh
sagart nGaedhealach le haghaidh ceanntar
nGaedhealach. Deirim nach bhfuil ár sáith
sagart againn leis an usáid sin do bhaint as
an nGaedhilg atá ag teastáil. Agus gidh
náireach liom a rádh, a bhfurmhór aca seo atá i
n-inmhe usáid do dhéanamh de'n teangain i
seanmóireacht, ní dhéineann siad é —
cuid aca de théinn náire atá siad ag éirghe
chomh postamhail sin, cuid aca de dhroim leisge,
agus cuid eile aca ag leigint ortha féin nach
bhfuil Gaedhilg aca ar fhaitchios go n-athróchar
go háit fhiadháin iad ina raibh an Gaedhilg.
Rud eile, tugtar malairt oibre do na
múinteóiridhibh taisdil má atá fúinn ní
hamháin an teanga do chongbháil beo 'sna ceann-
taraibh Gaehdealacha acht má's mian linn meas
do bheith ag na daoinibh ar an dteangain. Ní
theastuigheann múinnteóirí taisdil 'sna ceann-
taraibh Gaedhealacha. Atá mise 'mo chomhnuidhe
le dhá bhliadhain anuas 'san limistéireacht is
Ghaedhealaighe i nÉirinn .i. Iorras, agus deirim
go dearbhtha gan aon agó go bhfuil an
teanga ag dul i laige agus i ndísg chomh cinnte
ar atá an peann seo 'mo ghlaic agam. Céard
atá uainn le na chongbháil beo? Múinnteóirí
taisdil an eadh? Ní headh. Tugtar faoi an
mBórd Náisiúnta agus bristear a chomhacht,
tugtar faoi na Coláistibh agus na sgoilteachaibh
Meadhonacha go dtí go dtuigidh siad a ndual-
gas, cuirtear craobheacha ar bun i ngach paróiste
'san tír faoi chúram agus uachtaránach na sagart
na múinnteóir sgoile agus daoine n-úghdar-
thásach eile. Bíodh aeridheacht, cuirmeacha ceóil
agus feis bheag ag 'chuile pháraiste gach bliadhain
dóbhtha féin. Bíodh cnuasacht airgid aca in
gach paráiste agus tugtar gach aon phighinn de'n
airgead i duaiseannaibh ag an bhfeis — agus do
mhuinntir an pharáiste amháin.
Tugtar limistéireacht mhór tíre do'n mhúinnteóir
taisdil agus cuirtear mar obair air congnamh
do thabhairt ag an aeridheacht, ag an bhfeis agus
ag gcuirm ceóil.
Muna ndéantar rud eicínt mar seo feic-
fidhear go luath go mbeidh na ceanntair
Gheadhealacha chomh Gallda i gcanamhaint leis na
Gaill iad féin.
Ní ag cáineadh agus ag caitheamh milleáin ar
na sagairt a dhéanfas aon mhaitheas do'n chúis.
Ní ag moladh do sgríbhneóiridhibh an fhoirm focal
do chuirfidh siad ar a smaointibh a bheidheas
tairbheach do'n nGaedhilg. Ní ó sgríobhadh
litreacha faoi “Simplified Spelling” a thiocfas
aon bhrabach — “Simplified Spelling” go deimhin!
Ní ghlacfidhear an “Simplidheacht” seo go deo!
Leanadh lucht an “Simplidheachta” a chluasa
má's maith leobhtha, acht leanfaidh sgíobhneóirí
na Gaedhilge a gciall agus a dteanga.
Ní headh. Ní ag cáineadh 'ná ag moladh foirme
litridheachta a dhéanfar gnáithe. Ná bac leis
na sgríobhbéoribh, ná bac leis na sagairt, acht
tugtar aire do na páisdíbh agus do na sean-
daoinibh. Ní bhfuighthear greim ar na sean-
daoinibh acht tré fheis an pharáiste, ní bhfuighthear
greim ar na páisdibh acht tré an mBórd
Náisiúnta. Má cuirtear craobh ar bun le
haghaidh an aosa fhásta, múintear stair na
hÉireann ann — ná bac leis an teangain. Dlúth-
cheangail beag agus mór, óg agus sean, bocht
agus saidhbhir ag an aeridheacht agus ag an bhfeis.
Muna ndéantar rud eicínt mar seo go luath
slán leis an nGaedhilg sna Ceanntaraibh
Gaedhealacha.
Pádraig Mac Aodha, Sagart.