Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teachtaireacht Cábla
Title
Teachtaireacht Cábla
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Teachtaireacht Cábla Is dóighide nach bhfuil aon mheitheal daoine in aon áit san domhan a éistigheas leis an oiread de sgéalta rúnmhara an tsaoghail leis na fir in Oifig an Chábla, North Sydney, i nAlbain Nuadh, nó mar is gnáthach a rádh, Nova Scotia. Creidim go mbeadh sé chomh fíor céadna a rádh nach bhfuil le fághail ar an talamh aon sgata eile daoine a chuireas níos lugha suime, ná chuireas a laighead caidéis, ins na sgéalta rúnmhara seo ná mar chuireas an leath chéad fear san oifig roimhráidte. Ní mór le rádh an teach céadna le breathnughadh air. Tá sé i bhfuirm dronuille (a) dhá stór ar áirde, déanta de adhmad, agus ar thaobh na talmhan agus ar thaobh na mara de tá sgríobhtha síos a litireacha móra, ar fhad an tigh, ainm chinn de na Cumannacha Aibhleacha is mó san Oileán Úr. Tá an teach suidhte ar ghuaire gainimh réidhtigh le ciúmhais na mara agus i bhfogus cúpla céad slat do Theach an Phosda. Ins an stór íochtarach de'n teach tá seomra mór fada agus é lán le boird, nó táblaí, agus ar na táblaí seo tá óirnis a gcuimridheacht na hóirnise a bhíos ins gach oifig téadagáin(b) Thiocfá thairis ar do shibhalóid duit gan aon siúntas a thabhairt dó muna ndéanfaidh tagairt dó agus muna neósfaidh duit cé le'n aghaidh é. Is thríd an oifig seo a théidheas an chuid is mó de nuaidheacht an domhain. Is thríd a nuaidheacht Margadh an Airgid (c) i Lonndain agus nuaidheacht Margadh an Airgid i nEabhrac Nuadh; is thríd a théidheas an nuaidh- eacht chuig na páipéir mhóra laetheamhla agus seachtmhanala ar fuid an domhain; is thríd a théidheas teachtaireachta rúmhara Righte agus Impireacht agus prionsaí; téid amach as an oifig seo agus síos go doimhneacht na fairrge dóibh, nó suas ar chuaillibh móra árda dóibh ar thalamh tirim. Ní bhíonn feara caoin fáilte roimh lucht cuartacht san teach seo; is doicheallach na buachaillí iad lé dul isteach chuca ar “cuairt,” acht ar an taobh eile, má bhíonn aon gnótha sonnradhach agat le déanamh leó ní bheidh easbadh fáilte romhat agus tasbánfar gach uile chúinne agus pruchóg sa teach duit. Níl aon teachtaireacht a curtar ó Eabhrac Nuadh go Lonndain nach gcaithfidh dul go Tuath Sydney ar an téadagán. Eidir na teachtair- eachta fada agus na teachtaireachta gearra le chéile, má mheastar iad do réir comhthrom, ní bhíonn níos mó ná deich bhfocal ins gach teachtair- eacht. Ní fada a coinnightear na sgéalta san oifig seo, acht tugtar tús áite do gach nuaidh- eacht a bhaineas le Margaidh an Airgid i Lonndain agus le Margadh an Airgid san Eabhrac Nuadh; agus téidheann a bhfad níos mó de'n chineál sin nuaidheacht tríd an oifig seo ná mar théidhtear thríd aon Stad eile san Oileán Úr. Fosgaltar Margadh an Airgid in Eabhrac Nuadh ag an 10 chlog gach maidin, agus má bhíonn an nuaidheacht níos mó ná dhá mhóiméad a dul eidir Margadh an Airgid a Lonndain, beidh ar dhuine eicint inn- seacht cé badh cionntach leis. Tá fear in a sheasamh de oidhche agus de ló i dTuath Sydney chun an teachaireacht a sgíobhadh síos do réir mar thagas sé ar na sreangaibh ó Eabhrac Nuadh. Tá fear eile in sheasamh lé taobh an fhir seo agus é dá sgíobhadh síos focal ar fhocal ar an taobh eile thall de'n bhord beag agus dhá sheoladh ar an téadagán go dtí áit a dtugtar Hearts Content air i dTalamh an Éisg, agus ar an gcuma seo is beag nach féidir a rádh nach dtógann an chuid sin de'n obair achar ar bith. Ar shroichteáil Hearts Content dó i dTalamh an Éisg tá fear eile annsain a ghnidheas an rud céadna a dhéanamh ag Tuath Sydney, an dá luádh is thagas an teachtaireacht, acht an méid seo amháin go gcuireann sé díreach ar an gcábla é, bog te tar éis a theacht dó ó'n tsreang, agus ar an gcuma seo bíonn muinntir Lonndain ag sgríobhadh síos an chéad chuid de'n teachtaireacht sula bíos leath teachtaireacht deich bhfocal ar an tsreang aca ar an taobh thall. Agus dá bhrigh sin beidh an teachtaireacht i Lonndain Shasana i gceann dhá mhóiméad, agus amanna in níos lugha ná dhá mhóiméad. Mar dúbhras cheana tugtar tús áite de nuaidheacht Mhargadh an Airgid, agus déantar iarracht ar é chur chun bealaigh chomh sgiobtha le dúnadh na súl. Seo mar curtar nuaidheacht an Stoic amach: Nuair a fosgaltar Margadh an Airgid ar maidin cuirtear ó 400 go dtí 500 teachtaireacht ar a srangáin príomháideach féin. Tá cúig chábla i gcóir na dteachtaireacht seo ó Thuath Sydney go Talamh an Éisg. Nuair a fhágas an teachtair- eacht Talamh an Éisg téidheann sí tré mhuir is mhórfhairrge agus tagann sí i dtír i nOileán Dairbhre, i gCondae Chiarruighe; agus as sin arís go Lonndain. Má bhíonn an cábla fada, mar an gcábla atá sínte ó Thalamh an Éisg go hÉirinn, ní thógann sé acht tamaillín beag bídeach níos fuide leis an teachtaireacht a chur. Déantar an Cáblacht ar an gcuma céadna, beag nach, is déantar téadagán Mhórs, acht amháin an méid seo de, go bhfuil sé riachtanach a bheith go beacht, agus ar an adhbhar sin tá na fir is fearr ag an Stad sin. Is tig le'n a lán de na fir seo ó 40 go dtí 45 focail a chur chun bealaigh gach móimint, agus tá sé ionnta coin- neál ortha ar an táirm sin ar feadh uair an chloig, agus go minic níos fuide ná sin, gan stad gan staona. Tá sé riachtanach do na hoibridhthibh go leór cleachta a bheith aca sul bhéas siad oilte go ceart. Tagann cuid aca isteach glic go maith ar i gceann tamaill. Ní bhíonn níos mó ná ceathair nó cúig d'fhoclaibh, do réir comhthrom, i dteachtaireacht mhargadh an stoic, agus cosnuigheann siad sgilling an focal a gcur go Lonndain. Bíonn teachtair- achta eile agus ní chóimhionann fad dóibh; cuid aca fada go maith agus cuid eile giortach go leor. Ní chosnuigheann nuaidheacht páipéir ó Lonndain go Tuath Sydney acht ochtmhadh cuid feóirling an focal. Fágann siad eidir 3,000 agus 4,000 focal i gcóir na bpáipéir nuaidheacht gach uile lá. Anois is arís cuireann na sruthana-talmhan(e) nó na soillse ó thuaidh (f) moill ar an nuaidh- eacht, acht níl a fhios ag aon duine fós cad fáth. An oidhche a bhfeicfear na soillse ó thuaidh i Sydney beidh na sranga miansuighthe. Agus chun an mhiansughadh seo a leigheas lúbann siad an dá chábla a thagas isteach go Sydney agus déanann na hoibridhthe in Hearts Content an cleas céadna. Ar an dóigh seo tá na cáblaí in aon mhórlúib amháin ag tangáil le'n a chéile, i n-ionaid dóibh a bheith in a gcúpla sranga comh- threórmhara (g) ag tanbháil na talmhan. Bíonn trioblóid amhail mar é sin aca cor am ar na línte os cionn na talmhan idir Sydney agus Eabhrac Nuadh, agus cuireann sin cion seacht- mhaine de mhoill ar na sgéaltaibh. Tá leath chéad fear eidir chléireach is eile san Stáisiún seo. Tá an Stáisiún i Sydney ó leagadh an cábla treasna na mara i dtosach, tuairim le deich mbliadhna fichead ó shoin. Bhíodhar chomh sgioptha agus chomh hoilte céadna ag cur na dteachtaireacht chun sibhail an tráth sin is tá siad indiu acht amháin go mbíonn níos mó deifre ortha anois, de bhrígh go bhfuil níos mó oibre aca le déanamh. Nuair a bhristear an cábla eidir Sydney agus Hearts Content tá na hoibidhthe sa oifig i n-an innseacht go beacht an áit a briseadh é agus an áit san bhfairrge a bhfuil dhá cheann an chábla ina luighe. Cuireann soitheach an cábla fúithe ag Halifacs nuair nach mbíonn sí gnóthach acht is annamh nach mbíonn a dubhlan mhór ar a haire ag tóruigheacht agus ag snadhmadh na gcáblaí. Is minic a bhriseann soithigh an cábla ar tharraingt an ancoire dóibh nuair a théidheann sé i bhfastó. Is gnáthach le soithigh an t-ancoire, nó is cirte a rádh slábhra an ancoire, a ghearradh ar a dhul i bhfastó sa gcábla dó, mar is tig leó luach an ancoire a bhaint amach ó Chumann an Chábla. Ní dhéantar seo i gcomhnuidhe mar is fearr leó an dorugha fada a ghreamas Mór-roinn na hEórpa agus an tOileán Úr a ghearradh. Is iondamhail go ndéantar gearradh mar sin gach uile Earrach. Is minic mar an gcéadna go mbrúghann an leac-oidhre, le tús an Earraigh, na cáblaí. Tuiteann sé amach anois agus arís go dtugann míolmór túnáiste dó féin agus do'n chábla, nó b'fhéidir go rachadh an cábla ar charraig storánach is go mbeadh sé ag sgríobadh ar na storáin go mbeadh sé snuidhte, agus nuair a bhéas sé snuighte níl sé deacair é réabadh agus í stróice ó chéile. An dá luadh is fhághtar dhá cheann an chábla cuirtear fleádruinn, nó buadhanta, os cionn gach ceann díobh chun iad do mharcáil, annsain déantar an snaidhmeadh, agus is gnáthach nach mbíonn siad níos fuide ná dhá uair an cluig i n-éadan na hoibre. Tá cáil ar an loing seo go ndéanann sí an snadhmadh go han sgioptha, agus níl aon am dá mbíonn sí ag Stáisiún Chansó nach dtéidheann a lán daoine amach chuice ag féachaint uirthe ag cur snaidhme atá a bhfad níos deacra a chur ná “snadihm na bpéiste.” Tomás Ua Concheanainn. [Senza filo an Eadálaigh in áit Senza file an Eadaláigh badh chóir a bheith a nóitín na haiste eile a bhí sa gClaidheamh, Iúl 15. Níl ciall ar bith le file.— T. Ua'C.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services