Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teachtaireacht Cábla

Title
Teachtaireacht Cábla
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Teachtaireacht Cábla



Is dóighide nach bhfuil aon mheitheal daoine in
aon áit san domhan a éistigheas leis an oiread
de sgéalta rúnmhara an tsaoghail leis na fir
in Oifig an Chábla, North Sydney, i nAlbain
Nuadh, nó mar is gnáthach a rádh, Nova Scotia.
Creidim go mbeadh sé chomh fíor céadna a rádh
nach bhfuil le fághail ar an talamh aon sgata
eile daoine a chuireas níos lugha suime, ná
chuireas a laighead caidéis, ins na sgéalta
rúnmhara seo ná mar chuireas an leath chéad fear
san oifig roimhráidte.



Ní mór le rádh an teach céadna le breathnughadh
air. Tá sé i bhfuirm dronuille (a) dhá stór ar
áirde, déanta de adhmad, agus ar thaobh
na talmhan agus ar thaobh na mara de tá
sgríobhtha síos a litireacha móra, ar fhad an
tigh, ainm chinn de na Cumannacha Aibhleacha is mó
san Oileán Úr. Tá an teach suidhte ar ghuaire
gainimh réidhtigh le ciúmhais na mara agus i
bhfogus cúpla céad slat do Theach an Phosda.
Ins an stór íochtarach de'n teach tá seomra mór
fada agus é lán le boird, nó táblaí, agus
ar na táblaí seo tá óirnis a gcuimridheacht
na hóirnise a bhíos ins gach oifig téadagáin(b)
Thiocfá thairis ar do shibhalóid duit gan aon
siúntas a thabhairt dó muna ndéanfaidh tagairt
dó agus muna neósfaidh duit cé le'n aghaidh é.



Is thríd an oifig seo a théidheas an chuid is
mó de nuaidheacht an domhain. Is thríd a
nuaidheacht Margadh an Airgid (c) i
Lonndain agus nuaidheacht Margadh an Airgid
i nEabhrac Nuadh; is thríd a théidheas an nuaidh-
eacht chuig na páipéir mhóra laetheamhla agus
seachtmhanala ar fuid an domhain; is thríd a
théidheas teachtaireachta rúmhara Righte agus
Impireacht agus prionsaí; téid amach as an
oifig seo agus síos go doimhneacht na fairrge
dóibh, nó suas ar chuaillibh móra árda dóibh ar
thalamh tirim.



Ní bhíonn feara caoin fáilte roimh lucht
cuartacht san teach seo; is doicheallach na
buachaillí iad lé dul isteach chuca ar “cuairt,”
acht ar an taobh eile, má bhíonn aon gnótha
sonnradhach agat le déanamh leó ní bheidh easbadh
fáilte romhat agus tasbánfar gach uile chúinne
agus pruchóg sa teach duit.



Níl aon teachtaireacht a curtar ó Eabhrac
Nuadh go Lonndain nach gcaithfidh dul go Tuath
Sydney ar an téadagán. Eidir na teachtair-
eachta fada agus na teachtaireachta gearra le
chéile, má mheastar iad do réir comhthrom, ní
bhíonn níos mó ná deich bhfocal ins gach teachtair-
eacht. Ní fada a coinnightear na sgéalta san
oifig seo, acht tugtar tús áite do gach nuaidh-
eacht a bhaineas le Margaidh an Airgid i Lonndain
agus le Margadh an Airgid san Eabhrac Nuadh;
agus téidheann a bhfad níos mó de'n chineál sin
nuaidheacht tríd an oifig seo ná mar théidhtear
thríd aon Stad eile san Oileán Úr. Fosgaltar
Margadh an Airgid in Eabhrac Nuadh ag an
10 chlog gach maidin, agus má bhíonn an nuaidheacht
níos mó ná dhá mhóiméad a dul eidir Margadh an
Airgid a Lonndain, beidh ar dhuine eicint inn-
seacht cé badh cionntach leis.



Tá fear in a sheasamh de oidhche agus de ló i dTuath
Sydney chun an teachaireacht a sgíobhadh síos
do réir mar thagas sé ar na sreangaibh ó Eabhrac
Nuadh. Tá fear eile in sheasamh lé taobh an fhir
seo agus é dá sgíobhadh síos focal ar fhocal
ar an taobh eile thall de'n bhord beag agus
dhá sheoladh ar an téadagán go dtí áit a dtugtar
Hearts Content air i dTalamh an Éisg, agus
ar an gcuma seo is beag nach féidir a rádh nach
dtógann an chuid sin de'n obair achar ar bith.
Ar shroichteáil Hearts Content dó i dTalamh an
Éisg tá fear eile annsain a ghnidheas an rud
céadna a dhéanamh ag Tuath Sydney, an dá luádh
is thagas an teachtaireacht, acht an méid seo
amháin go gcuireann sé díreach ar an gcábla é,
bog te tar éis a theacht dó ó'n tsreang, agus
ar an gcuma seo bíonn muinntir Lonndain
ag sgríobhadh síos an chéad chuid de'n teachtaireacht
sula bíos leath teachtaireacht deich bhfocal ar an
tsreang aca ar an taobh thall. Agus dá bhrigh
sin beidh an teachtaireacht i Lonndain Shasana i
gceann dhá mhóiméad, agus amanna in níos lugha
ná dhá mhóiméad. Mar dúbhras cheana tugtar
tús áite de nuaidheacht Mhargadh an Airgid, agus
déantar iarracht ar é chur chun bealaigh chomh
sgiobtha le dúnadh na súl.



Seo mar curtar nuaidheacht an Stoic amach:
Nuair a fosgaltar Margadh an Airgid ar
maidin cuirtear ó 400 go dtí 500 teachtaireacht
ar a srangáin príomháideach féin. Tá cúig chábla
i gcóir na dteachtaireacht seo ó Thuath Sydney
go Talamh an Éisg. Nuair a fhágas an teachtair-
eacht Talamh an Éisg téidheann sí tré mhuir is
mhórfhairrge agus tagann sí i dtír i nOileán
Dairbhre, i gCondae Chiarruighe; agus as sin
arís go Lonndain. Má bhíonn an cábla fada,
mar an gcábla atá sínte ó Thalamh an Éisg go
hÉirinn, ní thógann sé acht tamaillín beag
bídeach níos fuide leis an teachtaireacht a chur.
Déantar an Cáblacht ar an gcuma céadna,
beag nach, is déantar téadagán Mhórs, acht
amháin an méid seo de, go bhfuil sé riachtanach
a bheith go beacht, agus ar an adhbhar sin tá na fir
is fearr ag an Stad sin. Is tig le'n a lán de
na fir seo ó 40 go dtí 45 focail a chur chun
bealaigh gach móimint, agus tá sé ionnta coin-
neál ortha ar an táirm sin ar feadh uair an chloig,
agus go minic níos fuide ná sin, gan stad
gan staona. Tá sé riachtanach do na hoibridhthibh
go leór cleachta a bheith aca sul bhéas siad oilte
go ceart. Tagann cuid aca isteach glic go
maith ar i gceann tamaill.



Ní bhíonn níos mó ná ceathair nó cúig d'fhoclaibh,
do réir comhthrom, i dteachtaireacht mhargadh
an stoic, agus cosnuigheann siad sgilling an
focal a gcur go Lonndain. Bíonn teachtair-
achta eile agus ní chóimhionann fad dóibh; cuid
aca fada go maith agus cuid eile giortach go
leor. Ní chosnuigheann nuaidheacht páipéir ó
Lonndain go Tuath Sydney acht ochtmhadh cuid
feóirling an focal. Fágann siad eidir 3,000
agus 4,000 focal i gcóir na bpáipéir nuaidheacht
gach uile lá.



Anois is arís cuireann na sruthana-talmhan(e)
nó na soillse ó thuaidh (f) moill ar an nuaidh-
eacht, acht níl a fhios ag aon duine fós cad fáth.
An oidhche a bhfeicfear na soillse ó thuaidh i
Sydney beidh na sranga miansuighthe. Agus
chun an mhiansughadh seo a leigheas lúbann siad an
dá chábla a thagas isteach go Sydney agus
déanann na hoibridhthe in Hearts Content an
cleas céadna. Ar an dóigh seo tá na cáblaí in
aon mhórlúib amháin ag tangáil le'n a chéile, i
n-ionaid dóibh a bheith in a gcúpla sranga comh-
threórmhara (g) ag tanbháil na talmhan. Bíonn
trioblóid amhail mar é sin aca cor am ar na
línte os cionn na talmhan idir Sydney agus
Eabhrac Nuadh, agus cuireann sin cion seacht-
mhaine de mhoill ar na sgéaltaibh.



Tá leath chéad fear eidir chléireach is eile san
Stáisiún seo. Tá an Stáisiún i Sydney
ó leagadh an cábla treasna na mara i dtosach,
tuairim le deich mbliadhna fichead ó shoin. Bhíodhar
chomh sgioptha agus chomh hoilte céadna ag cur
na dteachtaireacht chun sibhail an tráth sin
is tá siad indiu acht amháin go mbíonn níos mó
deifre ortha anois, de bhrígh go bhfuil
níos mó oibre aca le déanamh.



Nuair a bhristear an cábla eidir Sydney
agus Hearts Content tá na hoibidhthe sa oifig
i n-an innseacht go beacht an áit a briseadh é
agus an áit san bhfairrge a bhfuil dhá cheann
an chábla ina luighe. Cuireann soitheach an
cábla fúithe ag Halifacs nuair nach mbíonn
sí gnóthach acht is annamh nach mbíonn a
dubhlan mhór ar a haire ag tóruigheacht agus
ag snadhmadh na gcáblaí. Is minic a bhriseann
soithigh an cábla ar tharraingt an ancoire dóibh
nuair a théidheann sé i bhfastó. Is gnáthach le
soithigh an t-ancoire, nó is cirte a rádh slábhra an
ancoire, a ghearradh ar a dhul i bhfastó sa gcábla
dó, mar is tig leó luach an ancoire a bhaint
amach ó Chumann an Chábla. Ní dhéantar seo i
gcomhnuidhe mar is fearr leó an dorugha fada a
ghreamas Mór-roinn na hEórpa agus an tOileán
Úr a ghearradh. Is iondamhail go ndéantar
gearradh mar sin gach uile Earrach. Is minic
mar an gcéadna go mbrúghann an leac-oidhre,
le tús an Earraigh, na cáblaí. Tuiteann sé
amach anois agus arís go dtugann míolmór
túnáiste dó féin agus do'n chábla, nó b'fhéidir
go rachadh an cábla ar charraig storánach is go
mbeadh sé ag sgríobadh ar na storáin go mbeadh
sé snuidhte, agus nuair a bhéas sé snuighte níl
sé deacair é réabadh agus í stróice ó chéile.
An dá luadh is fhághtar dhá cheann an chábla
cuirtear fleádruinn, nó buadhanta, os cionn
gach ceann díobh chun iad do mharcáil, annsain
déantar an snaidhmeadh, agus is gnáthach nach
mbíonn siad níos fuide ná dhá uair an cluig
i n-éadan na hoibre. Tá cáil ar an loing seo
go ndéanann sí an snadhmadh go han sgioptha,
agus níl aon am dá mbíonn sí ag Stáisiún
Chansó nach dtéidheann a lán daoine amach chuice
ag féachaint uirthe ag cur snaidhme atá a bhfad
níos deacra a chur ná “snadihm na bpéiste.”



Tomás Ua Concheanainn.



[Senza filo an Eadálaigh in áit Senza file an
Eadaláigh badh chóir a bheith a nóitín na haiste
eile a bhí sa gClaidheamh, Iúl 15.
Níl ciall ar bith le file.— T. Ua'C.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services