Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tadhg a' Dá Thaobh
Title
Tadhg a' Dá Thaobh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tadhg a' Dá Thaobh. Is fada ó do bhí mé ar mhaithibh na tíre, Ba mhír é mo mhaoidheamh is mo mheas orm féin, Acht anos tá mé claoidhte, níl tapa ná brígh 'nam, 'sé 'n t-ainm do ghaodhadh orm Tadhg an dá thaobh. Curfa:- Is óró, a bhuachaillí, tá mé go brónach, Is óró mo bhrón ar an nGaedhilg go léir. Mar d'fhágadar tréith mé, do bhuaileadar caoch mé, Sé 'n t-ainm do ghaodhadh orm Tadhg a dhá Thaobh. II. Is fada do bhí mé mar cheann ar na daoinibh, Do gheall a bheith dílis do Éirinn na naomh. Do dhéanfainn-se speech duit go ndéarfá le fíre gur patriot ceart mé thar tuisgint gach n-aon. Curfá:- Is óró, &c. III. Ba bhreagh é mo shaoghal-sa gur tháinig an Ghaedhilg, Tá athrughadh méin ar an ndúthaigh go léir, Do ghlaodhan siad “raiméis” ar mo eloquence néata, Is orm do bhaisteann siad Tadhg a Dá thaobh. Curfá:- Is órá, &c. IV. Is minic do bhíos-sa Dia Satharn isdoidhche, na cártaí dá líonadh agam suas do gach n-aon, acht ba chruaidh é mo chroidhe-se dho'n té úd ná díolfadh, gur báitheadh mé síos ins an Temperance Wave. Curfá:- Is Óró, &c. V. Bhí gráin ar an dligh 'gam is fuath dos na peelers, do chuirfinn-se síos iad dá gcreidfeá mé féin, Is fíochmhar do bhíos-sa i n-aghaidh gach dlighe 'ca Gur deineadh J.P. díom is dúnadh mo bhéal. Curfá:- Is Óró, &c. VI. Do labharfainn go séimh ar dhéanfúsaibh na hÉireann, ar theangan na Gaedhilge is Oileán na Naomh. Acht do dhíolas im' áit bheag gach earradh dá mb'fhéidir Gur tháinig an Trade Mark is milleadh mo chéird. Curfá:- Is Óró, &c. VII. Anois táim im'cheap is im'sport ges na neigh- bours, Ní chreideann siad éan rud dhá dtuiteann óm,' bhéal Is caithfead-sa éolódh as Oileán na hÉireann go bhfuighidh mé áit éigin ná haithneófar mé Curfá:- Is óró, a bhuachaillí, tá mé go brónach, Is óró mo bhrón ar an nGhaedhilg go léir, Mar d'fhágadar tréith mé, do bhuaileadar caoch mé, Sé'n t-ainm do ghlaodhadh or Tadhg a' dá thaobh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services