Tadhg a' Dá Thaobh.
Is fada ó do bhí mé ar mhaithibh na tíre,
Ba mhír é mo mhaoidheamh is mo mheas orm féin,
Acht anos tá mé claoidhte, níl tapa ná brígh 'nam,
'sé 'n t-ainm do ghaodhadh orm Tadhg an dá
thaobh.
Curfa:-
Is óró, a bhuachaillí, tá mé go brónach,
Is óró mo bhrón ar an nGaedhilg go léir.
Mar d'fhágadar tréith mé, do bhuaileadar
caoch mé,
Sé 'n t-ainm do ghaodhadh orm Tadhg a
dhá Thaobh.
II.
Is fada do bhí mé mar cheann ar na daoinibh,
Do gheall a bheith dílis do Éirinn na naomh.
Do dhéanfainn-se speech duit go ndéarfá le fíre
gur patriot ceart mé thar tuisgint gach n-aon.
Curfá:- Is óró, &c.
III.
Ba bhreagh é mo shaoghal-sa gur tháinig an Ghaedhilg,
Tá athrughadh méin ar an ndúthaigh go léir,
Do ghlaodhan siad “raiméis” ar mo eloquence
néata,
Is orm do bhaisteann siad Tadhg a Dá thaobh.
Curfá:- Is órá, &c.
IV.
Is minic do bhíos-sa Dia Satharn isdoidhche,
na cártaí dá líonadh agam suas do gach n-aon,
acht ba chruaidh é mo chroidhe-se dho'n té úd ná
díolfadh,
gur báitheadh mé síos ins an Temperance Wave.
Curfá:- Is Óró, &c.
V.
Bhí gráin ar an dligh 'gam is fuath dos na peelers,
do chuirfinn-se síos iad dá gcreidfeá mé féin,
Is fíochmhar do bhíos-sa i n-aghaidh gach dlighe 'ca
Gur deineadh J.P. díom is dúnadh mo bhéal.
Curfá:- Is Óró, &c.
VI.
Do labharfainn go séimh ar dhéanfúsaibh na
hÉireann,
ar theangan na Gaedhilge is Oileán na Naomh.
Acht do dhíolas im' áit bheag gach earradh dá
mb'fhéidir
Gur tháinig an Trade Mark is milleadh mo chéird.
Curfá:- Is Óró, &c.
VII.
Anois táim im'cheap is im'sport ges na neigh-
bours,
Ní chreideann siad éan rud dhá dtuiteann óm,'
bhéal
Is caithfead-sa éolódh as Oileán na hÉireann
go bhfuighidh mé áit éigin ná haithneófar mé
Curfá:- Is óró, a bhuachaillí, tá mé go brónach,
Is óró mo bhrón ar an nGhaedhilg go léir,
Mar d'fhágadar tréith mé, do bhuaileadar
caoch mé,
Sé'n t-ainm do ghlaodhadh or Tadhg
a' dá thaobh.