Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deagh-obair i gCill Áirne
Title
Deagh-obair i gCill Áirne
Author(s)
Peadar Ó hAnnracháin,
Pen Name
Maine
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Árd-Fheis agus an Ghaedhealtacht. Ní thagann Árd-Fheis nach mbíonn ceist le réidhteach ag Gaedhealaibh. Ní feasach dúinn go fóill na rúin a bheas os comhair na dTeach- tairí i mbliana, acht tá 'fhios againn go bhfuil muintir na hÉireann uile ag súil le comhairle i dtaobh na Gaedhilge san nGaedhealtacht. Maidir le obair an Chonnradhtha ins an nGalldacht, tá sí sin réidh go leor. Cuirfear an teanga ar bun arís m'ás é toil na ndaoine é, acht bheith foighdeach agus duthrachtacht. Ins an nGaedhealtacht tá a mhalairt de chúram orainn. Tá an teanga go binn bríoghmhar ag na Gaedhilgeoiríbh annsin acht tá siad 'ghá ceilt ar an gcloinn agus tá an Bhéarlóireacht ag brúgh isteach ar chaoi go gcuireann sí sgannradh ar gach duine a bhfuil a chroidhe sa nGaedhilg. Níl rud sa domhan chomh dona le droch-nós. An droch-nós atá ag Gaedhilgeoiríbh ní fuasta é a leigheas. Cloiseann siad Béarla insa an séipéal Dia Domhnaigh, an áit a bhfhághann siad an chomhairle is binne leo. Múintear an Gaedhilg ins na sgoltachaibh, acht tá an Béarla i n-uachtar i n-obair na sgoile. Labhartar leis le daltaibh ar feadh an laé tríd an mBéarla, agus an t-oideachas atá ar bun fá láthair tá sé chomh gallda go bhfuil sé ag sgaradh na ndaoine óna gcloinn féin. Tá an Béarla bacach ins na siopaí agus gach dochtúir agus teagasgthóír atá ag obair faoi na Comhairlidhthibh Conndae is é a Béárla a bhíos dhá labhairt aca. Tá an drochshompla dá thabhairt do na páistibh ag gach duine a bhfuil siad urramach dó. Tá na páistidhe gan meas aca ar thréithibh a n-athardha agus tá na haithreacha agus na máith- reacha ag iarraidh an teanga iasachta a labhairt, mar nach bhfuil meas ag mórán ar an nGaedhilg. Tá mórán ráidhte againn le muintir na Gaedhealtachta fá'n an meas atá againn ar an nGaedhilg, acht is fearr an sompla ná an teagasg, agus béidh sé fánach againn a bheith ag iarraidh an teanga do choinneál ar bun má leanann na sagairt, na hoidí, agus na daoine a bhfuil oideachas aca agus tabhairt suas ortha do'n Bhéarla. Caithfear oidí agus sagairt na Gaedhealtachta do mhealladh sa gcaoi go mbéidh a gcroidhe san obair agus is ar an obair sin a chaithfear sinn cromadh feasta. Dá mbeadh na hoidí deontach chun na daltaí do mhealladh agus do theagasg i gceart is gearr a bheadh na páistí ag mealladh na ndaoise chun Gaedhilgeoireacht arís. Tá oidí sgoile san nGaedhealtacht agus iad gan eolas ar an nGaedhilge, agus níl iarracht ar bith dá déanamh ag cuid aca teacht isteach uirthi. Caithfidh na Teachtairí cuimhne ortha sin. An ceart iad a bheith i mbun sgoltacha a bhfuil Gaedhilg ag gach dalta a thagas ionnta? Tá teagasgthóírí ag Cumann na gCeanntar mBeag agus luch ealadhan do mhúnadh agus tá siad chomh dona leis na hoidíbh fánacha atá luaidhte shuas. Thiocfadh le duine ar bith beagán Gaedhilge do thógáil ionnus go mbeadh sé ábalta ar chomhradh do dhéanamh innti acht an dream atá i gceist againn níl iarracht dá laghad dhá déanamh aca chun a dhéanta. Caithfidh an Árd-Fheis seo an Bhéarlóireacht san nGaedhealtacht d'fhuagairt. Caithfear cur i n-umhail do chách, do shagairt agus do bhráthair, do mhór agus do bheag, go bhfuil sé orainn an teanga do shábháil. Obair ar son na tíre uile an obair seo na Gaedhilge agus níl duine ar bith chomh mór sin nach mbéidh a chuid féin de'n mhilleán air má leigtear an teanga do léigh, agus níl fear nó bean ar bith chomh suarach nach dtig leo a gcuid féin de'n tsaothar do dhéanamh. Má thig leis an Árd-Fheis an chomhairle seo chur i gcéill gan fearg nó múisiam do chur ar éinne is amhlaidh is fearr a rachas an ghluaiseacht ar aghaidh agus is mó an tairbhe a thiocfas dhuithe, acht má bhíonn orainn troid do dhéanamh agus cogadh d'fhuagairt ar aon dream, tá adhbhar maith againn agus ní hadhbhar náire dúinné é, acht a mhalairt. Maine.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services