Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deagh-obair i gCill Áirne

Title
Deagh-obair i gCill Áirne
Author(s)
Peadar Ó hAnnracháin,
Pen Name
Maine
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Árd-Fheis agus an Ghaedhealtacht.



Ní thagann Árd-Fheis nach mbíonn ceist le
réidhteach ag Gaedhealaibh. Ní feasach dúinn
go fóill na rúin a bheas os comhair na dTeach-
tairí i mbliana, acht tá 'fhios againn go bhfuil
muintir na hÉireann uile ag súil le comhairle
i dtaobh na Gaedhilge san nGaedhealtacht. Maidir
le obair an Chonnradhtha ins an nGalldacht,
tá sí sin réidh go leor. Cuirfear an teanga
ar bun arís m'ás é toil na ndaoine é, acht
bheith foighdeach agus duthrachtacht. Ins an
nGaedhealtacht tá a mhalairt de chúram orainn.
Tá an teanga go binn bríoghmhar ag na
Gaedhilgeoiríbh annsin acht tá siad 'ghá ceilt
ar an gcloinn agus tá an Bhéarlóireacht ag
brúgh isteach ar chaoi go gcuireann sí sgannradh
ar gach duine a bhfuil a chroidhe sa nGaedhilg.



Níl rud sa domhan chomh dona le droch-nós.
An droch-nós atá ag Gaedhilgeoiríbh ní fuasta
é a leigheas. Cloiseann siad Béarla insa an
séipéal Dia Domhnaigh, an áit a bhfhághann siad
an chomhairle is binne leo. Múintear an
Gaedhilg ins na sgoltachaibh, acht tá an Béarla i
n-uachtar i n-obair na sgoile. Labhartar
leis le daltaibh ar feadh an laé tríd an
mBéarla, agus an t-oideachas atá ar bun fá
láthair tá sé chomh gallda go bhfuil sé ag
sgaradh na ndaoine óna gcloinn féin. Tá an
Béarla bacach ins na siopaí agus gach dochtúir
agus teagasgthóír atá ag obair faoi na
Comhairlidhthibh Conndae is é a Béárla a bhíos
dhá labhairt aca. Tá an drochshompla dá thabhairt
do na páistibh ag gach duine a bhfuil siad urramach
dó. Tá na páistidhe gan meas aca ar thréithibh a
n-athardha agus tá na haithreacha agus na máith-
reacha ag iarraidh an teanga iasachta a labhairt,
mar nach bhfuil meas ag mórán ar an nGaedhilg.



Tá mórán ráidhte againn le muintir na
Gaedhealtachta fá'n an meas atá againn ar
an nGaedhilg, acht is fearr an sompla ná an
teagasg, agus béidh sé fánach againn a
bheith ag iarraidh an teanga do choinneál
ar bun má leanann na sagairt, na hoidí,
agus na daoine a bhfuil oideachas aca agus
tabhairt suas ortha do'n Bhéarla. Caithfear
oidí agus sagairt na Gaedhealtachta do mhealladh
sa gcaoi go mbéidh a gcroidhe san obair agus
is ar an obair sin a chaithfear sinn cromadh
feasta. Dá mbeadh na hoidí deontach chun na
daltaí do mhealladh agus do theagasg i gceart
is gearr a bheadh na páistí ag mealladh na
ndaoise chun Gaedhilgeoireacht arís.



Tá oidí sgoile san nGaedhealtacht agus iad
gan eolas ar an nGaedhilge, agus níl iarracht
ar bith dá déanamh ag cuid aca teacht isteach
uirthi. Caithfidh na Teachtairí cuimhne ortha sin.
An ceart iad a bheith i mbun sgoltacha a bhfuil
Gaedhilg ag gach dalta a thagas ionnta? Tá
teagasgthóírí ag Cumann na gCeanntar mBeag
agus luch ealadhan do mhúnadh agus tá siad
chomh dona leis na hoidíbh fánacha atá luaidhte
shuas. Thiocfadh le duine ar bith beagán
Gaedhilge do thógáil ionnus go mbeadh sé
ábalta ar chomhradh do dhéanamh innti acht an
dream atá i gceist againn níl iarracht dá laghad
dhá déanamh aca chun a dhéanta.



Caithfidh an Árd-Fheis seo an Bhéarlóireacht
san nGaedhealtacht d'fhuagairt. Caithfear cur
i n-umhail do chách, do shagairt agus do bhráthair,
do mhór agus do bheag, go bhfuil sé orainn an
teanga do shábháil. Obair ar son na tíre
uile an obair seo na Gaedhilge agus níl duine
ar bith chomh mór sin nach mbéidh a chuid féin de'n
mhilleán air má leigtear an teanga do léigh,
agus níl fear nó bean ar bith chomh suarach
nach dtig leo a gcuid féin de'n tsaothar do
dhéanamh. Má thig leis an Árd-Fheis an
chomhairle seo chur i gcéill gan fearg nó
múisiam do chur ar éinne is amhlaidh is fearr
a rachas an ghluaiseacht ar aghaidh agus is mó
an tairbhe a thiocfas dhuithe, acht má bhíonn orainn
troid do dhéanamh agus cogadh d'fhuagairt ar
aon dream, tá adhbhar maith againn agus ní
hadhbhar náire dúinné é, acht a mhalairt.



Maine.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services