Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ag Súgradh Gaedheal
Title
Ag Súgradh Gaedheal
Author(s)
Maine,
Pen Name
Maine
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Súgradh Gaedheal. Céim suas do Chonnradh na Gaedhilge is eadh an chaoi ar éirigh leis an Súgradh Dia Domhnaigh. Thug Dia lá breágh le n-a aghaidh, agus chuidigh an Choiste Leis .i. rinneadar a gcuid féin de'n obair. Is maith a rinneadar é freisin. Bhí suas le 7,000 duine sa láthair ar na hárdáin agus thart timcheall na páirce. Ba mhór an sásadh aigne agus an congnadh do'n Choiste plód daoine chomh mór sin bheith ag cuidiú leo. D'íoc gach duine, beagnach, raol nó sgiling as acht a leigint isteach sa bpáirc. Frith tuilleadh agus £200 ar fad. Íocfaidh an méad sin gach costas do bhain leis an Súgradh agus fágfar roinnt mhaith dhe i dtaisge ag Coiste Ceanntar Bhaile Átha Cliath. Bheadh muinighin ag fear ar bith as Ghaedhealaibh tar éis an Súgradh do fheiceál dó. 7,000 duine do bhí sa bpáirc agus gan cosamhlacht an óil ar dhuine de'n mhéid sin. Ní raibh achrann ná troid ar siubhal ar feadh an lae agus má bhí corr rud gan bheith i gcóir ba rudaí iad nach raibh neart ortha. Tosuigheadh ar na cleasa lúith ar bhuille an dó dhéag agus níor staon na gaisgidhigh go dtí gur chuireadar gach aon chomórtas díobhtha. Is minic do bhí dhá chomórtas ar sibhal san am chéadna. Shámháíl sé sin mórán ama agus coithfear a rádh go ndearnadh an mhaoracht agus an stiúrthóireacht go healadhanta. Bhí obair an lae críochnuighthe ar a seacht a chlog. Bhí gaisgidhigh as gach áird de Éirinn fruilthighthe i n-aghaidh a chéile i gcomórtasaibh an tSúgraidh. Na fir is lúthmhaire cos agus is áirde léim bhíodar ann agus thaisbeánadar go bhfuil acluigheacht ailt agus éasguigheacht agus lúthmhaireacht baill ag fearaibh Éireann go fóill. B'áluinn an radharc na fir ag caitheamh árd-léime. D'éirightí chomh éanamhail aedhearach le eilit agus tigtí anuas chomh éadtrom le girrfhiadh. Bhí An Craoibhín ag féachaint ortha go grinn agus suim an domhain aige ionnta. “Níl rud ar bith is fearr liom,” ar seisean, “ná an árd- léim.” Bhí mórán ar aon inntinn leis agus ní raibh aon chomóritas eile ar tugadh an oiread suaitheantais dó ná an comórtas sin. Corcaigheach caol árd do ghnothuigh. Léim sé sé troighthe de'n talamh chothrom. Bhí rásaí rothaidheachta agus mórán rothaidhthe ag rith ionnta. Bhí comórtas coisdheachta .i. fir ag siubhal i n-aghaidh a chéile. Bhí comórtasaí reatha agus faid na sgríbe ó 100 slat go dtí ocht míle. Ocht míle d'fhaid do bhí san rás mór. Mac Énrí as Baile Átha Chliath do ghnothaigh an rás sin. Fear tanaidhe rithte é. Tá a chom chomh caol le com mná, acht tá leithead maith idir dhá bhois a shlinneáin, agus cliabhrach teann aige, i gcruthamhnas go bhfuil a scábhóga go maith is go láidir. Cheapthá nár bhain an obair faic brighe as. Ghluais sé go mín réidh agus coiscéim amháin níor shiubhail sé ó thús go deireadh. D'éaluigh sé ó na fearaibh eile do réir a chéile go dtí gur fhág sé i bhfad siar iad, acht amháin an fear ruadh. Cró, do ghnothuigh an rás mór anuraidh. Theann seisean le Mac Enrí tamall acht bualadh é sa deireadh. Is maith an obair do rinne lucht an tSúgraidh agus na gaisgidhigh do thabhairt do láthair a chéile ar fhaithche Bhaile Átha Cliath, ionad a bhfeicfeadh cách iad. Is dual do bhunadh na tuaithe an acluigheacht agus an láidreacht. Leigtear na nósa agus na cleasa lúith do chleachtuigh ar sinnsear ariamh ó'n dílinn do léig ag muintir na cathrach. Tá a shliocht sin ortha. Tá cosamhlacht na sláinte ar chuid aca, acht tá cuid eile agus iad caol-íosgadach agus gan cuma na caoi ortha mar fhearaibh. Cuireann siad cruach fhéir an Cheithearnaigh do thuit ar Mhaitiú Ó Donnabháin i gcuimhne dúinn. Is é an chaoi a raibh an chruach sin: “Bhí sí lag i n-íochtar de bharr na gcaorach. Bhí sí leathan san gconablach acht caol-íosgadach, agus thug sí uaithe as a híochtar sa deireadh.” Bhí comórtas píobaireachta ann leis, agus chuir deich mbuidhean phiobairí isteach air. D'fhága sé sin go raibh sluagh mór píobairí ar an bhfaithche. Cultacha Gaedhealacha a bhí ghá gcaitheamh aca agus ní raibh cultacha aon dá bhuidhean ar aon dath ná ar aon déanamh. Ba áluinn a gcuid éaduigh agus ba bhinn a gceol. Is iondamhail go mbíodh buidhean eicínt aca i gcomhnaidhe ag seineamhaint agus iad ag siubhal timcheall, a mbrat ag follumhain os a gcionn san aer agus ainm na buidhne sgríobhtha ar an mbrat sin. Dearbhráithreacha agus deirbhshiúracha - muintir aon mhuirighine — do bhí i n-aon bhuidhin amháin de na buidheantaibh. As Fearna dóibh agus De Lacy a sloinneadh. Is iongantach mar thug Dia buadh an cheoil do gach duine aca. Beirt fhear — Domhnall Ó Murchadha agus Micheál Ó Foghludha — do chuir dlúthas leis an Súgradh. Bhí mórán daoine eile ag cuidiú leo acht badh iad an bheirt seo na taoisigh do riar agus do chuir an Súgradh chun tosaighthe ó thús. Tá de bhuadh ag Domhnall go dtig leis obair a roinnt idir congantóirí sa gcaoi go dtig le gach duine a chuid féin do dhéanamh má thog- ruigheann sé é agus má chromann sé air. Bhí beirt nó triúr de na maoir failligheach Dia- Domhnaigh, agus ní bréag a rádh nár thaithnigh sin le Domhnall. Is duine é a níonns a obair féin go sásamhail agus i dtráth, agus cuireann fear na faillighe múisiam air i gcómhnuidhe. Is dóigh leis, ámh, go dtiocfaidh feabhas ar na Gaedhealaibh leis an gcleachtadh. Má dhéanann siad faillighe ina gcuid oibre agus muna ndéanann siad i dtráth é i gcomhnaidhe tá fáth leis. Nuair a bhéas bobhta maith oibre curtha díobhtha aca faoi sgáth an Chonnartha agus Cumainn na gCleas Lúith beidh tuigsint agus nósa nío fearr aca ná mar atá anois. Maine.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services