Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ag Súgradh Gaedheal

Title
Ag Súgradh Gaedheal
Author(s)
Maine,
Pen Name
Maine
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Súgradh Gaedheal.



Céim suas do Chonnradh na Gaedhilge is eadh
an chaoi ar éirigh leis an Súgradh Dia Domhnaigh.
Thug Dia lá breágh le n-a aghaidh, agus chuidigh
an Choiste Leis .i. rinneadar a gcuid féin de'n
obair. Is maith a rinneadar é freisin. Bhí
suas le 7,000 duine sa láthair ar na hárdáin
agus thart timcheall na páirce. Ba mhór an
sásadh aigne agus an congnadh do'n Choiste
plód daoine chomh mór sin bheith ag cuidiú leo.
D'íoc gach duine, beagnach, raol nó sgiling
as acht a leigint isteach sa bpáirc. Frith
tuilleadh agus £200 ar fad. Íocfaidh an méad
sin gach costas do bhain leis an Súgradh agus
fágfar roinnt mhaith dhe i dtaisge ag Coiste
Ceanntar Bhaile Átha Cliath.



Bheadh muinighin ag fear ar bith as Ghaedhealaibh
tar éis an Súgradh do fheiceál dó. 7,000
duine do bhí sa bpáirc agus gan cosamhlacht
an óil ar dhuine de'n mhéid sin. Ní raibh achrann
ná troid ar siubhal ar feadh an lae agus má
bhí corr rud gan bheith i gcóir ba rudaí iad
nach raibh neart ortha. Tosuigheadh ar na cleasa
lúith ar bhuille an dó dhéag agus níor staon
na gaisgidhigh go dtí gur chuireadar gach aon
chomórtas díobhtha. Is minic do bhí dhá chomórtas
ar sibhal san am chéadna. Shámháíl sé sin mórán
ama agus coithfear a rádh go ndearnadh an
mhaoracht agus an stiúrthóireacht go healadhanta.
Bhí obair an lae críochnuighthe ar a seacht a chlog.



Bhí gaisgidhigh as gach áird de Éirinn fruilthighthe
i n-aghaidh a chéile i gcomórtasaibh an tSúgraidh.
Na fir is lúthmhaire cos agus is áirde léim bhíodar
ann agus thaisbeánadar go bhfuil acluigheacht
ailt agus éasguigheacht agus lúthmhaireacht baill
ag fearaibh Éireann go fóill. B'áluinn an
radharc na fir ag caitheamh árd-léime. D'éirightí
chomh éanamhail aedhearach le eilit agus tigtí
anuas chomh éadtrom le girrfhiadh. Bhí An
Craoibhín ag féachaint ortha go grinn agus
suim an domhain aige ionnta. “Níl rud ar
bith is fearr liom,” ar seisean, “ná an árd-
léim.” Bhí mórán ar aon inntinn leis agus
ní raibh aon chomóritas eile ar tugadh an oiread
suaitheantais dó ná an comórtas sin. Corcaigheach
caol árd do ghnothuigh. Léim sé sé troighthe
de'n talamh chothrom.



Bhí rásaí rothaidheachta agus mórán rothaidhthe
ag rith ionnta. Bhí comórtas coisdheachta .i.
fir ag siubhal i n-aghaidh a chéile. Bhí comórtasaí
reatha agus faid na sgríbe ó 100 slat go dtí
ocht míle. Ocht míle d'fhaid do bhí san rás mór.
Mac Énrí as Baile Átha Chliath do ghnothaigh
an rás sin. Fear tanaidhe rithte é. Tá a chom
chomh caol le com mná, acht tá leithead maith idir
dhá bhois a shlinneáin, agus cliabhrach teann aige,
i gcruthamhnas go bhfuil a scábhóga go maith is
go láidir. Cheapthá nár bhain an obair faic
brighe as. Ghluais sé go mín réidh agus coiscéim
amháin níor shiubhail sé ó thús go deireadh.
D'éaluigh sé ó na fearaibh eile do réir a chéile
go dtí gur fhág sé i bhfad siar iad, acht amháin
an fear ruadh. Cró, do ghnothuigh an rás mór
anuraidh. Theann seisean le Mac Enrí tamall
acht bualadh é sa deireadh.



Is maith an obair do rinne lucht an tSúgraidh
agus na gaisgidhigh do thabhairt do láthair a
chéile ar fhaithche Bhaile Átha Cliath, ionad a
bhfeicfeadh cách iad. Is dual do bhunadh na
tuaithe an acluigheacht agus an láidreacht.
Leigtear na nósa agus na cleasa lúith do
chleachtuigh ar sinnsear ariamh ó'n dílinn do
léig ag muintir na cathrach. Tá a shliocht
sin ortha. Tá cosamhlacht na sláinte ar chuid
aca, acht tá cuid eile agus iad caol-íosgadach
agus gan cuma na caoi ortha mar fhearaibh.
Cuireann siad cruach fhéir an Cheithearnaigh do
thuit ar Mhaitiú Ó Donnabháin i gcuimhne dúinn.
Is é an chaoi a raibh an chruach sin: “Bhí sí lag
i n-íochtar de bharr na gcaorach. Bhí sí leathan
san gconablach acht caol-íosgadach, agus thug
sí uaithe as a híochtar sa deireadh.”



Bhí comórtas píobaireachta ann leis, agus
chuir deich mbuidhean phiobairí isteach air. D'fhága
sé sin go raibh sluagh mór píobairí ar an
bhfaithche. Cultacha Gaedhealacha a bhí ghá gcaitheamh
aca agus ní raibh cultacha aon dá bhuidhean ar aon
dath ná ar aon déanamh. Ba áluinn a gcuid
éaduigh agus ba bhinn a gceol. Is iondamhail
go mbíodh buidhean eicínt aca i gcomhnaidhe
ag seineamhaint agus iad ag siubhal timcheall,
a mbrat ag follumhain os a gcionn san aer agus
ainm na buidhne sgríobhtha ar an mbrat sin.
Dearbhráithreacha agus deirbhshiúracha - muintir
aon mhuirighine — do bhí i n-aon bhuidhin amháin
de na buidheantaibh. As Fearna dóibh agus De
Lacy a sloinneadh. Is iongantach mar thug
Dia buadh an cheoil do gach duine aca.



Beirt fhear — Domhnall Ó Murchadha agus
Micheál Ó Foghludha — do chuir dlúthas leis an
Súgradh. Bhí mórán daoine eile ag cuidiú leo
acht badh iad an bheirt seo na taoisigh do riar
agus do chuir an Súgradh chun tosaighthe ó thús.
Tá de bhuadh ag Domhnall go dtig leis obair a
roinnt idir congantóirí sa gcaoi go dtig le
gach duine a chuid féin do dhéanamh má thog-
ruigheann sé é agus má chromann sé air. Bhí
beirt nó triúr de na maoir failligheach Dia-
Domhnaigh, agus ní bréag a rádh nár thaithnigh sin le
Domhnall. Is duine é a níonns a obair féin
go sásamhail agus i dtráth, agus cuireann fear
na faillighe múisiam air i gcómhnuidhe. Is dóigh
leis, ámh, go dtiocfaidh feabhas ar na Gaedhealaibh
leis an gcleachtadh. Má dhéanann siad faillighe
ina gcuid oibre agus muna ndéanann siad
i dtráth é i gcomhnaidhe tá fáth leis. Nuair a
bhéas bobhta maith oibre curtha díobhtha aca faoi
sgáth an Chonnartha agus Cumainn na gCleas
Lúith beidh tuigsint agus nósa nío fearr aca
ná mar atá anois.



Maine.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services