Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Canamhna Chúige Uladh
Title
Canamhna Chúige Uladh
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Canamhna Chúige Uladh. Ní dóigh liom go dtig liom-sa ceist Sheagháin Uí Mhaoláin d'fhuasgailt ar fad, mar is cinnte dearbhtha nach bhfuil eolas agam féin ar gach fhó-chanamhain nó gach mhion-chanamhain i gCúige Uladh, acht léigh mé cuid mhaith do stair Chúige Uladh ar an mallaibh agus tá mé deanamh gur ins an stair a gheobhthar préamhacha na gcanamhan. Ní éigin dúinn dul ró-fhada siar ins an stair mar nach bhfuil fhios againn an raibh canamhna ann ins an tsean-aimsir nó an iad na canamhna céadna atá againn anois. Is cinnte go raibh an teanga liteardha coitchionn ag aos foghluma ar fud na tíre agus is deacair dúinne dul taoibh istigh do sin agus a fhághail amach an tuaim do chuir na daoine ar na foclaibh. Chan aithneochadh aon duine duithbhir ar fiú trácht air eadar Ghaedhilg Mhig Liaig, chur i gcás, agus Gaedhilg Ghiolla-chomhghail Uí Shléibhín i n-aimsir Bhriain Boróimhe; agus cúig chéad bhliadhain i ndéidh an ama sin badh dheacair tuigbhéail ó fhilidheacht na mbárd cé'n áird do'n tír a raibh baint aca léithe, acht fá'n am deirionnach seo .i. an seiseamhadh aois déag, tá sé soiléir go leor is dóigh liom go raibh duithbhir mhór i gcainnt na ndaoine coitchionnta. Tá cuma ar an sgéal fosda go raibh canamhain nó fó-chanamhain ag muinntir gach mór-thuatha ar a raibh sí. Cuir i gcás Tír Chonaill. Cha raibh aon cheangail nó cumann eadar Thír Chonaill agus Tír-Eoghain agus iad go minic i ngruaigibh a chéile. Cha mbéidís ró-fhonnmhar an chanamhain céadna bheith aca agus i rud ar bith a raibh éagsamhail i gceachtar do'n dá chanamhain sin is amhlaidh is roighne agus is bródamhla leanfadh gach dream aca dá nósaibh féin. Acht bhí baint ag Tír Chonaill le Connach- taibh. Ba mhinic smacht agus ceannas ag taoiseachaibh Thíre Chonaill ar leadhb mhór do'n tír sin agus bhíodh tráchtáil agus comhluadar eatartha agus ar an adhbhar sin is cosamhla Gaedhilg Thíre Chonaill le Gaedhilg Chonnacht 'ná le Gaedhilg Thíre Eoghain. Acht ins an comhairm sin caithfimid Inis Eoghain d'fhágail taobh amuigh de Thír Chonaill. Ar feadh abhfad bhí Inis Eoghain faoi Fhlathaibh Thíre Eoghain agus bhí a n-áit comhnuidhe siúd ag Aileach Néid i nInis Eoghain. Tá an rian ar an chanamhain go dtí an lá indiú. Is neise do Ghaedhilg Chontae Dhoire 'ná do Ghaedhilg Thíre Chonaill an chanamhain labhartar i nInis Eoghain. I dTír Eoghain féin bhí righthe agus flatha comasacha Uí Néill ar feadh na gcéadta bliadhan. Bí cinnnte go raibh canamhain láidir líomhtha éag- samhail sa dúthaigh sin. Acht ní hí an Tír Eoghain céadna atá ar an léirsgáil anois a bhíodh ann sa tsean-aimsir. Athruigheadh teoranna Thíre Eoghain go mion minic do réir mar bhorraigh nó mheith cumhacht Chinidh Néill, acht an chuid is mó do'n am d'fhéadfá a rádh gur roic duthaigh Uí Néill ó Rinn Mháilín budh thuaidh go dtí Iubhar Cinn Trágha budh dheas; agus bheadh súil agam nach mór an duithbhir atá ar an chanamhain Gaedhilge ar fud na tíre sin. Acht ní dúthaigh Uí Néill i gceart oirthear Chúige Uladh ó'n abhainn Bhanna go muir. Bhí, ar ndóighe, ceannas ag Uibh Néill Clanna Buidhe ar thír leathan ar an taoibh abhfus do'n tearainn úd acht chár mhair a réim ró-fhada agus bhí dreamanna láidre eile sa' duthaigh seo agus b'éidir a gcanamhna féin aca i dtólamh. Mhair Clanna Rudhraighe i sean-Uladh .i. i gConndae an Dúin agus i ndeisceart Chonndae Aontroma faoi na righthibh féin agus gan báidh agus gan beann aca ar Shliocht Néill. Bhíodh smacht poilitidheach ag riththibh Uí Néill ortha acht is dóigh liom gur leanadar dá gcainnt agus dá mbéasaibh féin. Acht ní bhaineann seo leis an sgéal. Measaim nach maireann canamhain Chlanna Rudhraighe ó d'éag an Ghaedhilg i gCo. an Dúin tuairim is céad bliadhain ó shoin. Acht fá dtaoibh de Ghaedhilg Chleannta Aon- troma agus Ghaedhilg Reachrann tá cor fufail eile ar an sgéal. Gaedhil Dhálriada do bhí san duthaigh sin ar dtús agus tá mé deanamh gur do Chlanna Rudhraighe iad agus bhíodh comhluadar agus tráchtáil eatartha féin agus Gaedhil Alban. San ceathramhadh aois déag fuair Seaghán Mór Mac Domhnaill lá seilbh ar chúpla gleann de na gleanntaibh seo mar spré le n-a mhnaoi, Mairghread Bisset, agus bhí comh- luadar níos dlúithe ag Gaedhil Dálriada agus Gaedhil Inse Gall .i. na hoileáin ar iarthar Alban. Acht is i ndeireadh na seiseamhadh aoise déag chuaidh Clann Domhnaill Alban i neart ar fad i nDálriada go haithrid faoi Shomhairle Buidhe agus a dhearbhráithreacha agus a chlann mac. Tháinig siad seo ó Albain agus Gaedhilg Alban a bhíodh dhá labhairt aca. Chár labhair siad focal Béarla. Bhíodh Séamas Mac Somhairle ag cúirt ríogh Alban agus fomós mór ag an righ air acht sí “Erse” an teanga amháin a labharadh sé. Tháinig drong mhór Albanach isteach i nDál- riada i n-aimsir Shomhairle Buidhe agus i n-aimsir a mhic agus a ní agus bhí a gcanamhain féin leobhtha. Acht tá le rádh nár dhíbir siad na Gaedhil duthchais mar rinneadh i n-áiteachaibh eile i gCúige Uladh aimsear na planndála. Nuair bhí Gaedhil Uladh i gcruadhchás agus a náimhde ar a dtóir ba mhinic d'fhóir Iarla Aontroma ortha agus thug gabhaltas talmhan dóbhtha nó slighe mhaireachtála eile. Tig sé de seo uilig go raibh an dá dhream i nGleanntaibh Aontroma .i. Gaedhil Alban agus Gaedhil Éireann, agus bheadh tuairim agam go bhfuil an dá chanamhain suaidhte agus sáithte ina chéile i nGaedhilg Ghleann Ártheach nó Gleann Airimhe. Chan amhlaidh 'sa chás do Reachrainn. Gaedhil Alban ar fad atá i Reachrainn do réir mar thuigim an cheist agus Gaedhilg Alban ar fad. Bhíodh i gcomhnuidhe níos mó baint ag Reachrainn le hAlbain ná le hÉirinn. Bhí an oileán faoi smacht ag Somhairle Buidhe acht san bhliadhain 1575 rinneadh dúnmharbhadh agus dithláithreadh ar mhuintir an oileáin go léir ag Gallaibh. B'iad Gaedhil Alban d'áithreabhaigh an oileán arís agus fágann sin gurbh í Gaedhilg Alban an teanga dhuthchais i Reachrainn. 'Tchidhfimid an méid seo níos soiléire nuair cuirfear amach an leabhrán fá choinne sgoláirí Reachrann atá an Laoideach ag cur i n-eagar fá láthair. Anois, a Sheagháin, seo teoir na gcanamhn i gCúige Uladh mar cheapaim-se í ó stair Uladh; goidé mar a réidhtigheann sí le do chuid eolais ar na canamhnaibh céadna? Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services