Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Canamhna Chúige Uladh

Title
Canamhna Chúige Uladh
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Canamhna Chúige Uladh.



Ní dóigh liom go dtig liom-sa ceist Sheagháin
Uí Mhaoláin d'fhuasgailt ar fad, mar is cinnte
dearbhtha nach bhfuil eolas agam féin ar gach
fhó-chanamhain nó gach mhion-chanamhain i gCúige
Uladh, acht léigh mé cuid mhaith do stair Chúige
Uladh ar an mallaibh agus tá mé deanamh gur ins
an stair a gheobhthar préamhacha na gcanamhan. Ní
éigin dúinn dul ró-fhada siar ins an stair mar
nach bhfuil fhios againn an raibh canamhna ann ins
an tsean-aimsir nó an iad na canamhna céadna
atá againn anois. Is cinnte go raibh an
teanga liteardha coitchionn ag aos foghluma
ar fud na tíre agus is deacair dúinne dul
taoibh istigh do sin agus a fhághail amach an
tuaim do chuir na daoine ar na foclaibh. Chan
aithneochadh aon duine duithbhir ar fiú trácht air
eadar Ghaedhilg Mhig Liaig, chur i gcás, agus
Gaedhilg Ghiolla-chomhghail Uí Shléibhín i n-aimsir
Bhriain Boróimhe; agus cúig chéad bhliadhain i
ndéidh an ama sin badh dheacair tuigbhéail ó
fhilidheacht na mbárd cé'n áird do'n tír a raibh
baint aca léithe, acht fá'n am deirionnach seo .i.
an seiseamhadh aois déag, tá sé soiléir go leor
is dóigh liom go raibh duithbhir mhór i gcainnt na
ndaoine coitchionnta. Tá cuma ar an sgéal
fosda go raibh canamhain nó fó-chanamhain ag
muinntir gach mór-thuatha ar a raibh sí. Cuir
i gcás Tír Chonaill. Cha raibh aon cheangail nó
cumann eadar Thír Chonaill agus Tír-Eoghain
agus iad go minic i ngruaigibh a chéile. Cha
mbéidís ró-fhonnmhar an chanamhain céadna bheith
aca agus i rud ar bith a raibh éagsamhail i gceachtar
do'n dá chanamhain sin is amhlaidh is roighne agus
is bródamhla leanfadh gach dream aca dá nósaibh
féin. Acht bhí baint ag Tír Chonaill le Connach-
taibh. Ba mhinic smacht agus ceannas ag
taoiseachaibh Thíre Chonaill ar leadhb mhór do'n
tír sin agus bhíodh tráchtáil agus comhluadar
eatartha agus ar an adhbhar sin is cosamhla
Gaedhilg Thíre Chonaill le Gaedhilg Chonnacht
'ná le Gaedhilg Thíre Eoghain. Acht ins an
comhairm sin caithfimid Inis Eoghain d'fhágail
taobh amuigh de Thír Chonaill. Ar feadh abhfad
bhí Inis Eoghain faoi Fhlathaibh Thíre Eoghain agus
bhí a n-áit comhnuidhe siúd ag Aileach Néid i
nInis Eoghain. Tá an rian ar an chanamhain
go dtí an lá indiú. Is neise do Ghaedhilg
Chontae Dhoire 'ná do Ghaedhilg Thíre Chonaill
an chanamhain labhartar i nInis Eoghain. I
dTír Eoghain féin bhí righthe agus flatha comasacha
Uí Néill ar feadh na gcéadta bliadhan. Bí cinnnte
go raibh canamhain láidir líomhtha éag-
samhail sa dúthaigh sin. Acht ní hí an Tír
Eoghain céadna atá ar an léirsgáil anois a
bhíodh ann sa tsean-aimsir. Athruigheadh
teoranna Thíre Eoghain go mion minic do réir
mar bhorraigh nó mheith cumhacht Chinidh Néill,
acht an chuid is mó do'n am d'fhéadfá a rádh
gur roic duthaigh Uí Néill ó Rinn Mháilín
budh thuaidh go dtí Iubhar Cinn Trágha budh dheas;
agus bheadh súil agam nach mór an duithbhir atá
ar an chanamhain Gaedhilge ar fud na tíre sin.
Acht ní dúthaigh Uí Néill i gceart oirthear Chúige
Uladh ó'n abhainn Bhanna go muir. Bhí, ar
ndóighe, ceannas ag Uibh Néill Clanna Buidhe
ar thír leathan ar an taoibh abhfus do'n tearainn
úd acht chár mhair a réim ró-fhada agus bhí
dreamanna láidre eile sa' duthaigh seo agus
b'éidir a gcanamhna féin aca i dtólamh. Mhair
Clanna Rudhraighe i sean-Uladh .i. i gConndae
an Dúin agus i ndeisceart Chonndae
Aontroma faoi na righthibh féin agus gan báidh
agus gan beann aca ar Shliocht Néill. Bhíodh
smacht poilitidheach ag riththibh Uí Néill ortha
acht is dóigh liom gur leanadar dá gcainnt agus
dá mbéasaibh féin. Acht ní bhaineann seo leis
an sgéal. Measaim nach maireann canamhain
Chlanna Rudhraighe ó d'éag an Ghaedhilg i gCo.
an Dúin tuairim is céad bliadhain ó shoin.



Acht fá dtaoibh de Ghaedhilg Chleannta Aon-
troma agus Ghaedhilg Reachrann tá cor fufail
eile ar an sgéal. Gaedhil Dhálriada do bhí san
duthaigh sin ar dtús agus tá mé deanamh gur
do Chlanna Rudhraighe iad agus bhíodh comhluadar
agus tráchtáil eatartha féin agus Gaedhil
Alban. San ceathramhadh aois déag fuair
Seaghán Mór Mac Domhnaill lá seilbh ar chúpla
gleann de na gleanntaibh seo mar spré le
n-a mhnaoi, Mairghread Bisset, agus bhí comh-
luadar níos dlúithe ag Gaedhil Dálriada agus
Gaedhil Inse Gall .i. na hoileáin ar iarthar
Alban. Acht is i ndeireadh na seiseamhadh aoise
déag chuaidh Clann Domhnaill Alban i neart
ar fad i nDálriada go haithrid faoi Shomhairle
Buidhe agus a dhearbhráithreacha agus a chlann
mac. Tháinig siad seo ó Albain agus
Gaedhilg Alban a bhíodh dhá labhairt aca. Chár
labhair siad focal Béarla. Bhíodh Séamas Mac
Somhairle ag cúirt ríogh Alban agus fomós
mór ag an righ air acht sí “Erse” an teanga
amháin a labharadh sé.



Tháinig drong mhór Albanach isteach i nDál-
riada i n-aimsir Shomhairle Buidhe agus i n-aimsir
a mhic agus a ní agus bhí a gcanamhain féin
leobhtha. Acht tá le rádh nár dhíbir siad na
Gaedhil duthchais mar rinneadh i n-áiteachaibh
eile i gCúige Uladh aimsear na planndála.
Nuair bhí Gaedhil Uladh i gcruadhchás agus a
náimhde ar a dtóir ba mhinic d'fhóir Iarla
Aontroma ortha agus thug gabhaltas talmhan
dóbhtha nó slighe mhaireachtála eile. Tig sé de
seo uilig go raibh an dá dhream i nGleanntaibh
Aontroma .i. Gaedhil Alban agus Gaedhil
Éireann, agus bheadh tuairim agam go bhfuil an
dá chanamhain suaidhte agus sáithte ina chéile i
nGaedhilg Ghleann Ártheach nó Gleann Airimhe.



Chan amhlaidh 'sa chás do Reachrainn. Gaedhil
Alban ar fad atá i Reachrainn do réir mar
thuigim an cheist agus Gaedhilg Alban ar fad.
Bhíodh i gcomhnuidhe níos mó baint ag Reachrainn
le hAlbain ná le hÉirinn. Bhí an oileán faoi
smacht ag Somhairle Buidhe acht san bhliadhain
1575 rinneadh dúnmharbhadh agus dithláithreadh
ar mhuintir an oileáin go léir ag Gallaibh.
B'iad Gaedhil Alban d'áithreabhaigh an oileán
arís agus fágann sin gurbh í Gaedhilg Alban
an teanga dhuthchais i Reachrainn. 'Tchidhfimid
an méid seo níos soiléire nuair cuirfear
amach an leabhrán fá choinne sgoláirí Reachrann
atá an Laoideach ag cur i n-eagar fá láthair.



Anois, a Sheagháin, seo teoir na gcanamhn i
gCúige Uladh mar cheapaim-se í ó stair Uladh;
goidé mar a réidhtigheann sí le do chuid eolais
ar na canamhnaibh céadna?



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services