Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caoire agus Aibhleach
Title
Caoire agus Aibhleach
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Caoire agus Aibhleach. “Gaoth anoir bíonn sí shoir is baineann sí uain as caoire”, ar deireas an sean-fhocal. Tá Ollamh darab ainm Wentworth i gCalifórnia atá ag féachaint le bliadhain nó dhó le uain a bhainnt as caoire, acht, go hábhail, ní bhaineann sé na huain as na caoire ar an gcuma chéadna a bhaineas an Ghaoth Anoir asta iad. Tá Experimental Farm ag an ollamh Wentworth i n-áit i dtugann siad Roseville air, i Státa Chailifórnia. An fheilm seo roinnte ina dhá leith - dhá bhuaile déanta dí, agus ins gach ceann de na buailte tá 1,000 caora. Tá sreangáin aibhligh an Great Western Power Company sínte ar chuaillí móra treasna ceann de na buailte a bhaineas leis an fheilm. Chuir an t-ollamh 1,000 caora sa mbuaile ina bhfuil na sreangáin aibhligh dul treasna, agus chuir sé 1,000 caora san mbuaile eile nach bhfuil aon chuaillí aibhligh dul treasna innti. Rugadh breis agus 2 uan i n-aghaidh gach caorach do na caoire a bhí san mbuaile raibh na téadracha aibligh dul treasna. San mbuaile nach raibh aon téad aibligh, beag ná mór, ní baileach go raibh cion aon uan amháin i n-aghaidh gach caora, do réir cothrom. Deir an t-Ollamh Wentworth go raibh an difridheacht chéadna ins na lomraí olna bhí ar na caoire san dá bhuaile. Bhí gach lomra olna ar gach caora a bhí ar féarach i mbuaile an aibhligh 20% níos mó ná mar bhí sé ar na caoire a bhí ar féarach sa mbuaile eile nach raibh aon aibhleach. Tá rún aca anois an dá bhuaile a threabhadh agus cruithneacht do chur ionnta; agus tá fútha iarraidh ar an gCumann Aibhligh na sreangáin, nó na téadracha do shíneadh treasna na feilme go léir i riocht is go méaduighe siad an sochar a thiocfas do bharr an chúmhacht aibhligh. Deir an t-ollamh Wentworth go bhfuil se cinnte go mbeidh faoi dhó an oiread cruithneacht san mbuaile ina ndeachaidh na téadracha aibhligh tríotha ná mar bhéas san mbuaile eile nach ndeachaidh. Tá suim mhór dhá chur ins na h-Experiments seo ag na feilméaraí agus ag lucht na mbeitheadhach, maille le lucht ealadhan agus an pobal go coitcheannta. Is follusach ó'n gcruthughadh atá déanta cheana féin gur féidir le aibleach go leór, leor feabhais do chur ar ainmhidhe agus ar lusraidhe. Déanamh a lán Experiments lé seal bliadhanta chun féachaint lé feabhas do chur ar phlandaí leis an aibleach, ach chomh fada agus is léir dom sé an t-Ollamh Wentworth an chéad duine a fuair amach go bhfuil sé i gcumas aibhligh an feabhas céadna do chur ar na hainmhidhe is tá sé ar na plandaí. Cúpla bliadhain ó shoin thasbáin Sir Oliver Lodge agus a mhac go mb'fhéidir le aibleach, toradh plandaí súgh talmhan a bhí dhá bhliadhain d'aois a mhéadughadh 80%; go mb'fhéidir plandaí sugh talmhan a bhí 5 bhliadhana d'aois a mhéadughadh 36%; agus go mb'fhéidir 17% do mhéid do chur ar chiúcumbarr. Níl tús na deireadh le cumhachta Dé, moladh go deó leis. Tomás Ua Concheanainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services