Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caoire agus Aibhleach

Title
Caoire agus Aibhleach
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Caoire agus Aibhleach.



“Gaoth anoir bíonn sí shoir is baineann sí
uain as caoire”, ar deireas an sean-fhocal.



Tá Ollamh darab ainm Wentworth i
gCalifórnia atá ag féachaint le bliadhain nó
dhó le uain a bhainnt as caoire, acht, go hábhail,
ní bhaineann sé na huain as na caoire ar an
gcuma chéadna a bhaineas an Ghaoth Anoir asta
iad.



Tá Experimental Farm ag an ollamh
Wentworth i n-áit i dtugann siad Roseville
air, i Státa Chailifórnia. An fheilm seo roinnte
ina dhá leith - dhá bhuaile déanta dí, agus ins
gach ceann de na buailte tá 1,000 caora. Tá
sreangáin aibhligh an Great Western Power
Company sínte ar chuaillí móra treasna ceann
de na buailte a bhaineas leis an fheilm.



Chuir an t-ollamh 1,000 caora sa mbuaile ina
bhfuil na sreangáin aibhligh dul treasna, agus
chuir sé 1,000 caora san mbuaile eile nach bhfuil
aon chuaillí aibhligh dul treasna innti.



Rugadh breis agus 2 uan i n-aghaidh gach
caorach do na caoire a bhí san mbuaile raibh na
téadracha aibligh dul treasna. San mbuaile
nach raibh aon téad aibligh, beag ná mór, ní
baileach go raibh cion aon uan amháin i n-aghaidh
gach caora, do réir cothrom.



Deir an t-Ollamh Wentworth go raibh an
difridheacht chéadna ins na lomraí olna bhí ar na
caoire san dá bhuaile. Bhí gach lomra olna ar
gach caora a bhí ar féarach i mbuaile an aibhligh
20% níos mó ná mar bhí sé ar na caoire a bhí
ar féarach sa mbuaile eile nach raibh aon
aibhleach.



Tá rún aca anois an dá bhuaile a threabhadh
agus cruithneacht do chur ionnta; agus tá fútha
iarraidh ar an gCumann Aibhligh na sreangáin,
nó na téadracha do shíneadh treasna na feilme
go léir i riocht is go méaduighe siad an sochar
a thiocfas do bharr an chúmhacht aibhligh. Deir
an t-ollamh Wentworth go bhfuil se cinnte go
mbeidh faoi dhó an oiread cruithneacht san
mbuaile ina ndeachaidh na téadracha aibhligh
tríotha ná mar bhéas san mbuaile eile nach
ndeachaidh. Tá suim mhór dhá chur ins na
h-Experiments seo ag na feilméaraí agus
ag lucht na mbeitheadhach, maille le lucht ealadhan
agus an pobal go coitcheannta.



Is follusach ó'n gcruthughadh atá déanta
cheana féin gur féidir le aibleach go leór,
leor feabhais do chur ar ainmhidhe agus ar
lusraidhe.



Déanamh a lán Experiments lé seal
bliadhanta chun féachaint lé feabhas do chur ar
phlandaí leis an aibleach, ach chomh fada agus
is léir dom sé an t-Ollamh Wentworth an chéad
duine a fuair amach go bhfuil sé i gcumas
aibhligh an feabhas céadna do chur ar na
hainmhidhe is tá sé ar na plandaí.



Cúpla bliadhain ó shoin thasbáin Sir Oliver
Lodge agus a mhac go mb'fhéidir le aibleach,
toradh plandaí súgh talmhan a bhí dhá bhliadhain d'aois
a mhéadughadh 80%; go mb'fhéidir plandaí sugh
talmhan a bhí 5 bhliadhana d'aois a mhéadughadh
36%; agus go mb'fhéidir 17% do mhéid do chur
ar chiúcumbarr.



Níl tús na deireadh le cumhachta Dé, moladh
go deó leis.



Tomás Ua Concheanainn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services