Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí Léighinn. III.
Title
Cúrsaí Léighinn. III.
Author(s)
Ó Donnchadha, Éamonn,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí Léighinn. III. Sara dtéidhim níosa shia isteach i gcúrsaibh léighinn, badh mhaith liom pas tagartha a dhéanamh annso don oide re léigheann go mbíonn riar na hóige fé. 'Sé an t-oide an taca is tabhach- taighe i n-aon tsuidheamh sgolaidheachta do cuirtar ar siúbhal. Do réir a fheabhas a thagann leis slacht do chur ar a ghnó shaoghail sa sgoil, bíonn a thoradh ar an léigheann. Is féidir le deagh-oide an suidheamh léighinn is meathta do chasadh chun leasa an leinbh, acht dhéanfadh droch- mhúineadh an fhoghluim a b'fhearr do lot. San am fadó nuair a bhí cáil an léighinn amuigh ar an nGaedheal ba mhór le rádh an t-oide múinte. D'fhéachtí suas chuige le hurraim agus do tugtí onóir dhó. Fé Dhia amháin do b'é an duine re léigheann an duine ba mheasa leis an gcoitcheantacht. Do chuadhthas i n-oighreacht na foghlumtha agus do lean an cháilidheacht ar an dtréibh do ghaibh leis an léigheann ó aois go haois. Cad é mar fhéachas ANUAS ar fhear an léighinn indiu! Cad chuige an [...] , go léir ar an léigheann? Cad chuige an t-atharrughadh i n-aigne an Ghaedhil chun an duine do dheineadh a threorughadh i rith a shaoghail agus do bhéaradh gradam agus onóir dá thalamh dhúthchais. An túisge a tuigtear an fáth atá leis an atharrughadh sain iompóchar ar an sean-shaoghal arís. An duine ghabhann leis an múineadh, ní mór dó tréith an mhúinte a bheith ann de dhúthchas. In fhochair sin, ní fuláir dó an léigheann a bheith aige agus í bheith 'n-a chumas aige, gach eolas atá aige do thabhairt uaidh go saoráideach so- thuigsionach. Ní mór dó bheith go foidhneach, báidheamhail leis an óige. An tréith is mó is riachtanaighe a bheith ann: bheith leanbhaidhe 'n-a mheon agus 'n-a aigne, ionnus go mb'fhéidir leis comh-cheangal a dhéanamh idir é féin agus an leanbh a bhíonn fá n-a riar. An fhaid do fhéachtar chun an múineadh mar módh maireamhna amháin, ní féidir a rádh go bhfuil an bail is dual dó ag gabháil leis. Is uasal thar meon an saoghal a chaitheann an duine a ghabhann leis an mhúineadh. Bíonn anam agus aigne na hóige fé n-a riar. Ní bhfuighfí obair ní b'uaisle a dh'fhagáil ná obair a bhíonn ar láimh ag an nduine a thugann fé aigne a bhráthar d'árdughadh a hadhgán an ainbheasa agus a dheineann a threoradh chun Dé fé sgáth an léighinn. Fé'n deagh-oide bíonn bás nó beatha anma gach duine a seoltar chuige. Fé lucht múinte na tíre bíonn beatha nó bás na tíre. Ní féidir le duine múineadh a dhéanamh gan tamall a chur isteach foghluim 'n-a chóír. Ní leor an léigheann amháin chun an deagh mhúneadh a dhéanamh. Ní mór don duine atá ag cuimhneamh ar dhul le múineadh, gach taobh de'n sgéal do mheabhrughadh roimh ré féachaint an n-oireann an saoghal sin dó. Aoinne ná fuil tugtha de dhúthchas do'n bhfoghluim agus do thaithighe an léighinn ní ceart dó glacadh leis an múineadh. Badh chóir óige na tíre do bheith dá riaradh ag an ndream is mó léigheann sa tír. Ní leor an fhíor-óige d'fhágaint fé stiúradh an duine ar bheagán foghlumtha. Is i n-óige an leinbh is usa a aigne do chasadh agus do lúbadh. Is le linn a leanbhaidheachta is féidir síol gach subháilce do chur. Na smaointe agus na héirmí cuirtar an uair sin, téidheann fás agus neart dóibh i n-aghaidh an lae. Is le linn na ré sin ba chóir croidhe agus aigne an leinbh do bhogadh agus do bhréagadh ó'n saoghaltacht sain do bhíonn dá shíor-tharrach chun uile an dá lá as an fhaid do mhaireann sé. I ré na hóige badh chóir síol gach maitheasa do phlanndughadh sa chroidhe. Má deintear faillighe ann an uair sin, ní chúiteochas go deo ar an easnamh. Dá thoisg sin tá fiachaibh ar an mháighistir léighinn an mhaith do chleachtadh uaidh féin agus dul i dtaithighe na subháilce d'fhonn as go bhféachfaí suas chuige agus go ndéanfaí aithris air dá réir. Badh cheart dó a intleacht agus a aigne d'iompódh chun an leinbh agus gach nidh atá aige le cur i n-iúil do'n dalta a chur os a chomhair ar chuma ná raghaidh an t-eolas i n-achrann le n-a thuigsint acht go ndéanfaidh sé a shúghadh go breagh réidh, taithneamhach, agus go bfanfaidh gach eolas a tugtar dó 'n-a thaca i n-aigne aige chun breis a sholáthar thar a cheann agus chun é féin a sheoladh níosa shia ar bhealach a leasa. An Chéad nidh ná a chéile atá riachtanach i n-aos oide .i. a dtalamh dhúthchais do ghrádhughadh le grádh doimhin dáiríribh. Ní féidir an grádh soin do chimeád ar cheilt ó'n óige má's grádh dáiríribh e. Ní mó is féidir a mhúineadh dho'n óige connus a dtalamh dúthchais do ghrádhughadh gan tréith an tírghrádha do bheith sa oide múinte, agus foillsiughadh á dhéanamh aige ar an dtréith sin, gach uair a gheibhtear caoi air. Is ag ar n-aos oide is fearr fhios connus is féidir teacht ar an ndílseacht so. A heolas na tíre a thiocfaidh sí. Ní fuláir dul siar ar an sheanchus agus é sgrúdadh. Ní mór eolas a teangan do chur. An túisge a fhoghluimightear an teanga sain, ní fuláir na daoine do mheabhrughadh; a saoghal agus a réimh-bheatha do thuigsint; an chuma a bhféachann siad ar an tsaoghal; gach deagh-thréith atá de dhúthchas ionnta do thabhairt fé ndeara d'fhonn a moladh agus gach olc atá tagaithe abhaile chuca de dheasgaibh a gcoidrimh leis an iasacht do mheabhrughadh d'fhonn a dhíthphréamhuighthe. Taobh amuigh de'n ghnáth- léighinn nach fuláir a sholáthar le haghaidh a mhúinte dhon óige tá sruthanna eolais i n-áirighthe ag an nGaedheal; eolas atá oighrighthe air ó n-a sinsear, agus sin é an fhoghluim seo go léir dá séanadh ar ár gcineadh, toisg gan ár lucht múinte do bheith oilte innti d'fhonn a chraobh- sgaoilte n-ár measg. Cad iad na tréithe, mar sin, is mó is riachta- naighe i máighistir léighinn a ghabhann le múineadh? Ní fuláir dó uaisleacht a shaoghail do thuigsint. Agus maille leis an léighinn a bheith aige, ní mór dó an tréith mhúinte do bheith ann agus dúil a bheith aige n-a ghnó. An t-oide múinte a thuigeann i gceart uaisleacht na hoibre a bhíonn dá déanamh aige i measg na hóige ní mór; connus mar atá a bheatha dá chaitheamh aige ag iarraidh a bhráthar d'árdughadh thar dríb an dorchadais agus a thabhairt fé sholas an léighinn; connus mar atá an t-olc agus an mhaith ag breith buaidh ar a chéile gach eile seal i n-aigne an duine atá fé bhráca an aineolais agus, sa deire, bíonn an lá go hiomlán ag an mhaitheas de bhárr an eolais. Sid iad na nidhthe a ghríosann an deagh-oide chun breis suime do chur n-a ghnó. Is maith leis an tréad atá fe n-a riar do dh'fheiscint ar thaobh an tséin. Is eol dó a ghabhátaraighe atá aos léigheanta dár gcineadh uainn; aos a dh'eireochas suas le stuaim agus le tuigsint; aos do bheadh dílis dá dtír agus dá chéile; do gheabhadh leis an gcóir de bhrigh gurab í an chóir í; do bhuadhfadh saoirse agus neamhspleádhachas d'Éirinn mar ná fuilingeo- chaidís an éagcóir da dhéanamh uirthi oiread agus lá; agus ní mó dhéanfaidís féin an éagcóir ar eagla a chúiteamh ortha lá éigin. An túisge dh'eirigheann an dream sain beidh meas ar an léigheann agus ar a lucht leanamhna. Fé n-ár lucht múinte atá réidhteach an sgéil. Is co dóibh an meartha a bheith i mball éigin sa léigheann atá againn. Dá mb'áil leo cloidheadh le chéile agus casadh a bhaint as, d'fhonn as go n-oirfeadh sé dhúinn. Tá seasamh na tíre ar a haos múinte; ar an ndream atá ag tabhairt suas ár n-óige. Is do réir mar oiltear an óige a dh'eireochaidh leis an dtír ar ball. Bronn- far maitheasaí ar an dtír, fiú a saoirse amháin, tráth is fiú sinn é. Éamonn Ó Donnchadha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services