Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí Léighinn. III.

Title
Cúrsaí Léighinn. III.
Author(s)
Ó Donnchadha, Éamonn,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí Léighinn.
III.



Sara dtéidhim níosa shia isteach i gcúrsaibh
léighinn, badh mhaith liom pas tagartha a dhéanamh
annso don oide re léigheann go mbíonn riar
na hóige fé. 'Sé an t-oide an taca is tabhach-
taighe i n-aon tsuidheamh sgolaidheachta do
cuirtar ar siúbhal. Do réir a fheabhas a thagann
leis slacht do chur ar a ghnó shaoghail sa sgoil,
bíonn a thoradh ar an léigheann. Is féidir le
deagh-oide an suidheamh léighinn is meathta do
chasadh chun leasa an leinbh, acht dhéanfadh droch-
mhúineadh an fhoghluim a b'fhearr do lot.



San am fadó nuair a bhí cáil an léighinn amuigh
ar an nGaedheal ba mhór le rádh an t-oide
múinte. D'fhéachtí suas chuige le hurraim agus
do tugtí onóir dhó. Fé Dhia amháin do b'é an
duine re léigheann an duine ba mheasa leis an
gcoitcheantacht. Do chuadhthas i n-oighreacht
na foghlumtha agus do lean an cháilidheacht ar
an dtréibh do ghaibh leis an léigheann ó aois go
haois. Cad é mar fhéachas ANUAS ar fhear an
léighinn indiu! Cad chuige an [...] , go léir ar
an léigheann? Cad chuige an t-atharrughadh i
n-aigne an Ghaedhil chun an duine do dheineadh
a threorughadh i rith a shaoghail agus do bhéaradh
gradam agus onóir dá thalamh dhúthchais. An
túisge a tuigtear an fáth atá leis an atharrughadh
sain iompóchar ar an sean-shaoghal arís.



An duine ghabhann leis an múineadh, ní mór
dó tréith an mhúinte a bheith ann de dhúthchas. In
fhochair sin, ní fuláir dó an léigheann a bheith
aige agus í bheith 'n-a chumas aige, gach eolas
atá aige do thabhairt uaidh go saoráideach so-
thuigsionach. Ní mór dó bheith go foidhneach,
báidheamhail leis an óige. An tréith is mó is
riachtanaighe a bheith ann: bheith leanbhaidhe 'n-a
mheon agus 'n-a aigne, ionnus go mb'fhéidir leis
comh-cheangal a dhéanamh idir é féin agus an
leanbh a bhíonn fá n-a riar. An fhaid do
fhéachtar chun an múineadh mar módh maireamhna
amháin, ní féidir a rádh go bhfuil an bail is dual
dó ag gabháil leis. Is uasal thar meon an
saoghal a chaitheann an duine a ghabhann leis an
mhúineadh. Bíonn anam agus aigne na hóige
fé n-a riar. Ní bhfuighfí obair ní b'uaisle
a dh'fhagáil ná obair a bhíonn ar láimh ag an
nduine a thugann fé aigne a bhráthar d'árdughadh
a hadhgán an ainbheasa agus a dheineann a
threoradh chun Dé fé sgáth an léighinn. Fé'n
deagh-oide bíonn bás nó beatha anma gach duine
a seoltar chuige. Fé lucht múinte na tíre
bíonn beatha nó bás na tíre. Ní féidir le
duine múineadh a dhéanamh gan tamall a chur
isteach foghluim 'n-a chóír. Ní leor an
léigheann amháin chun an deagh mhúneadh a
dhéanamh. Ní mór don duine atá ag cuimhneamh
ar dhul le múineadh, gach taobh de'n sgéal do
mheabhrughadh roimh ré féachaint an n-oireann
an saoghal sin dó. Aoinne ná fuil tugtha
de dhúthchas do'n bhfoghluim agus do thaithighe an
léighinn ní ceart dó glacadh leis an múineadh.
Badh chóir óige na tíre do bheith dá riaradh ag an
ndream is mó léigheann sa tír. Ní leor an
fhíor-óige d'fhágaint fé stiúradh an duine
ar bheagán foghlumtha. Is i n-óige an leinbh
is usa a aigne do chasadh agus do lúbadh. Is
le linn a leanbhaidheachta is féidir síol gach
subháilce do chur. Na smaointe agus na
héirmí cuirtar an uair sin, téidheann fás
agus neart dóibh i n-aghaidh an lae. Is le linn
na ré sin ba chóir croidhe agus aigne an leinbh
do bhogadh agus do bhréagadh ó'n saoghaltacht
sain do bhíonn dá shíor-tharrach chun uile an dá
lá as an fhaid do mhaireann sé. I ré na hóige
badh chóir síol gach maitheasa do phlanndughadh
sa chroidhe. Má deintear faillighe ann an uair
sin, ní chúiteochas go deo ar an easnamh.

Dá thoisg sin tá fiachaibh ar an mháighistir
léighinn an mhaith do chleachtadh uaidh féin agus
dul i dtaithighe na subháilce d'fhonn as go
bhféachfaí suas chuige agus go ndéanfaí aithris
air dá réir. Badh cheart dó a intleacht agus
a aigne d'iompódh chun an leinbh agus gach nidh
atá aige le cur i n-iúil do'n dalta a chur os a
chomhair ar chuma ná raghaidh an t-eolas i n-achrann
le n-a thuigsint acht go ndéanfaidh sé a shúghadh
go breagh réidh, taithneamhach, agus go bfanfaidh
gach eolas a tugtar dó 'n-a thaca i n-aigne aige
chun breis a sholáthar thar a cheann agus chun
é féin a sheoladh níosa shia ar bhealach a leasa.



An Chéad nidh ná a chéile atá riachtanach i n-aos
oide .i. a dtalamh dhúthchais do ghrádhughadh le
grádh doimhin dáiríribh. Ní féidir an grádh soin
do chimeád ar cheilt ó'n óige má's grádh dáiríribh
e. Ní mó is féidir a mhúineadh dho'n óige
connus a dtalamh dúthchais do ghrádhughadh gan
tréith an tírghrádha do bheith sa oide múinte,
agus foillsiughadh á dhéanamh aige ar an dtréith
sin, gach uair a gheibhtear caoi air. Is ag ar
n-aos oide is fearr fhios connus is féidir
teacht ar an ndílseacht so. A heolas na tíre
a thiocfaidh sí. Ní fuláir dul siar ar an sheanchus
agus é sgrúdadh. Ní mór eolas a teangan
do chur. An túisge a fhoghluimightear an teanga
sain, ní fuláir na daoine do mheabhrughadh; a
saoghal agus a réimh-bheatha do thuigsint; an
chuma a bhféachann siad ar an tsaoghal; gach
deagh-thréith atá de dhúthchas ionnta do thabhairt
fé ndeara d'fhonn a moladh agus gach olc atá
tagaithe abhaile chuca de dheasgaibh a gcoidrimh
leis an iasacht do mheabhrughadh d'fhonn a
dhíthphréamhuighthe. Taobh amuigh de'n ghnáth-
léighinn nach fuláir a sholáthar le haghaidh a
mhúinte dhon óige tá sruthanna eolais i n-áirighthe
ag an nGaedheal; eolas atá oighrighthe air ó n-a
sinsear, agus sin é an fhoghluim seo go léir dá
séanadh ar ár gcineadh, toisg gan ár lucht
múinte do bheith oilte innti d'fhonn a chraobh-
sgaoilte n-ár measg.



Cad iad na tréithe, mar sin, is mó is riachta-
naighe i máighistir léighinn a ghabhann le múineadh?
Ní fuláir dó uaisleacht a shaoghail do thuigsint.
Agus maille leis an léighinn a bheith aige, ní
mór dó an tréith mhúinte do bheith ann agus
dúil a bheith aige n-a ghnó. An t-oide múinte
a thuigeann i gceart uaisleacht na hoibre a
bhíonn dá déanamh aige i measg na hóige ní mór; connus
mar atá a bheatha dá chaitheamh aige ag iarraidh
a bhráthar d'árdughadh thar dríb an dorchadais
agus a thabhairt fé sholas an léighinn; connus
mar atá an t-olc agus an mhaith ag breith buaidh
ar a chéile gach eile seal i n-aigne an duine atá
fé bhráca an aineolais agus, sa deire, bíonn
an lá go hiomlán ag an mhaitheas de bhárr an
eolais. Sid iad na nidhthe a ghríosann an
deagh-oide chun breis suime do chur n-a ghnó.
Is maith leis an tréad atá fe n-a riar do
dh'fheiscint ar thaobh an tséin. Is eol dó a
ghabhátaraighe atá aos léigheanta dár gcineadh
uainn; aos a dh'eireochas suas le stuaim agus
le tuigsint; aos do bheadh dílis dá dtír agus
dá chéile; do gheabhadh leis an gcóir de bhrigh
gurab í an chóir í; do bhuadhfadh saoirse agus
neamhspleádhachas d'Éirinn mar ná fuilingeo-
chaidís an éagcóir da dhéanamh uirthi oiread
agus lá; agus ní mó dhéanfaidís féin an
éagcóir ar eagla a chúiteamh ortha lá éigin.
An túisge dh'eirigheann an dream sain beidh
meas ar an léigheann agus ar a lucht leanamhna.
Fé n-ár lucht múinte atá réidhteach an sgéil.
Is co dóibh an meartha a bheith i mball éigin sa
léigheann atá againn. Dá mb'áil leo cloidheadh
le chéile agus casadh a bhaint as, d'fhonn as
go n-oirfeadh sé dhúinn. Tá seasamh na tíre ar
a haos múinte; ar an ndream atá ag tabhairt
suas ár n-óige. Is do réir mar oiltear an
óige a dh'eireochaidh leis an dtír ar ball. Bronn-
far maitheasaí ar an dtír, fiú a saoirse amháin,
tráth is fiú sinn é.



Éamonn Ó Donnchadha

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services