Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cáin an Oileáin Úir agus Déantúisí na hÉireann - II.
Title
Cáin an Oileáin Úir agus Déantúisí na hÉireann - II.
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cáin an Oileáin Úir agus Déantúisí na hÉireann — II. Mholfainn do Chonnradh na Gaedhilge an obair do thógaint idir lámha a dtosach. Taréis sinne ag cur dlúthas leis badh chóir dúinn iarraidh ar Chumannacha na nDéantúisí, lucht Féisireachata, Sinne Fein, A.O.H., na Comhairleoirí Condaethe agus na Comhairleoirí Ceanntair, agus gach aicme i nÉirinn rúin do chur a bhfeidhm ag iarraidh ar mhuinntir Mheiriocá nuair a bhéas siad ag aith- cheardughadh Dlighe na Cánach san bhliadhain seo chugainn, gan dearmad ar earraidhe na tíre seo do leigean isteach saor ó cháin, nó ar chuma ar bith níos saoire ná mar leigfear isteach na hearraidhe céadna as aon tír eile. Déarfainn go mba mhaith an rud cruinniughadh do ghairmiughadh, agus teachtairí ó na Bóird Puiblidhe agus na Cumannacha seo roimhráidhte a bheith i láthair, chun go gcuirfidís i gcomhairle le chéile ar an gceist; agus dá mbeadh gádh leis tosgairí ughdarásacha do chur amach go dtí an tOileán Úr chun athchuinge de leagan go fuirmeamhail os comhair muinntir na tíre móire sin, agus ár ndaoine féin go sonnradhach. Muna gcuirfidhe tosgairí amach, sé an chaoi eile is fearr a dhéanamh ná an athchuinge do chur chuig na A.O.H,, Clann na nGaedheal, U.I.L., Friendly Sons of St. Patrick, na páipéir laetheamhla, agus na páipéir seachtmhanamhla atá faoi stiúrúghadh ár muinntire féin, maille le cóip chuig daoine mar an Dochtúir Eabhrach, Árd Easbog Ó Faircheallaigh, An Breitheamh Mac Eóchaidh, etc. Dá dtiucfaidhe i n-éadan na hoibre ar an gcuma seo tasbáinfidhe dóibh go raibh sinn dháiríre píre san sgéal, agus níl aon duine is fearr a thaitnigheas leis an bPúncán ná is mó a thabharfadh sé cluas dó ná an té atá dháiríre. B'fhéidir go n-abróchaidh duine eicínt liom “Is beag an baoghal go ndéanfaidh an Púncán tada dá shórt.” Níl fhios ag duine ar bith beo an ndéanadh siad é nó nach ndéanadh, acht tá seans maith go ndéanadh má iarrtar ortha é mar is ceart. Acht tá aon rud amháin cinnte ní gheobhfar é sin, ná aon rud eile, muna n-éileóchaidh sinn é. Tá trí réasúin agam lé tabhairt faoi go gceapaim féin go mba dóighde go dtabharfaidís an tús áite dúinn. (1.) Thug Riaghaltas Mheiriocá tús áite do'n tír seo againne in aimsir Grattan, agus má rinne sí sin ós cionn céad bliadhan ó shoin, goidé an fáth nach ndéanfadh sí arís é? (2.) Tá cúmhacht mhór ag ár mbunadh sinne san tír; tá i bhfad níos mó aca lé déanamh anois le Uachtaráin, agus Seanadóirí, agus Féisirí do chur isteach nó do chur amach ná mar bhí aca san am úd. Tá lucht polaitidheacht an Oileáin Úir ar nós lucht polaitidheachta ins gach tír san domhan, tá sé níos fusa gealladh a bhainnt díobh roimh aimsir an togha ná mar tá sé aon am eile, agus is anois an t-am leis an gealladh do bhainnt asta. (3.) Níl againn le cur amach chuig na Puncáin acht líonéadach, lásaí, éadach olna, runacháil, sgadáin agus b'fhéidir bagún. Ní mór gur fiú áirimh an méid de na hearraidhe seo atá san Oileán Úr, agus nuair atá an sgéal mar seo, níl aon chomórtas idir iad agus earraidhe i dtíre féin, agus nuair nach bhfuil níl sé chomh dóighide go mbeidhfidhe in a gcoinne. Bhí mé ag cainnt le fear an lá faoi dheireadh agus bhí sé ag cur síos ar chomh cáirdeamhail is bhí sé dá chomharsa bhéal dorais, agus chomh maith is bhí sé dó. “I am always ready” ar seisean “to do my friend a good turn, provided I do not lose anything by it myself.” Sin é fearacht Uncle Sam linne agus ó tharla nach gcaillfidh sé féin rud ar bith leis an so-leas beag seo a dhéanamh dúinn, is dóigh go ndéanfadh sé é. Bheadh sé furasda go leór earraidhe na hÉireannn a dhíol san Oileán Úr dá mbadh rud é go leigfidhe isteach iad níos saoire ná mar leigtear faoi láthair. Tá an cháin chomh hárd sin faoi láthair is go mbíonn siad ó cheannach ar a dhul isteach dóibh tá siad chomh daor sin. Cuir i gcás go gcosnóchaidh slat éadaigh 8s. an tslat in nÉirinn, tá 7s agat lé'n íoc ar an tslat sin le Uncle Sam sul leigfidh sé duit é thabhairt amach as Teach an Chustaim. Sé sin le rádh an tslat éadaigh a gheobhfaidhe annso ar 8s. béidh chúig sgilleacha déag le'n íoc ar san Oileán Úr. An iongantas nach bhfuil mórán do éadach na hÉireann ar chlann na hÉireann ar an taobh eile de'n Fhairrge Mhóir? Tomás Ua Concheanainn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services