Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cáin an Oileáin Úir agus Déantúisí na hÉireann - II.

Title
Cáin an Oileáin Úir agus Déantúisí na hÉireann - II.
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cáin an Oileáin Úir agus Déantúisí
na hÉireann — II.



Mholfainn do Chonnradh na Gaedhilge an obair
do thógaint idir lámha a dtosach. Taréis sinne
ag cur dlúthas leis badh chóir dúinn iarraidh ar
Chumannacha na nDéantúisí, lucht Féisireachata,
Sinne Fein, A.O.H., na Comhairleoirí Condaethe
agus na Comhairleoirí Ceanntair, agus gach aicme
i nÉirinn rúin do chur a bhfeidhm ag iarraidh ar
mhuinntir Mheiriocá nuair a bhéas siad ag aith-
cheardughadh Dlighe na Cánach san bhliadhain seo
chugainn, gan dearmad ar earraidhe na tíre
seo do leigean isteach saor ó cháin, nó ar chuma
ar bith níos saoire ná mar leigfear isteach na
hearraidhe céadna as aon tír eile.



Déarfainn go mba mhaith an rud cruinniughadh
do ghairmiughadh, agus teachtairí ó na Bóird
Puiblidhe agus na Cumannacha seo roimhráidhte
a bheith i láthair, chun go gcuirfidís i gcomhairle
le chéile ar an gceist; agus dá mbeadh gádh leis
tosgairí ughdarásacha do chur amach go dtí
an tOileán Úr chun athchuinge de leagan go
fuirmeamhail os comhair muinntir na tíre móire
sin, agus ár ndaoine féin go sonnradhach.



Muna gcuirfidhe tosgairí amach, sé an chaoi
eile is fearr a dhéanamh ná an athchuinge do chur
chuig na A.O.H,, Clann na nGaedheal, U.I.L.,
Friendly Sons of St. Patrick, na páipéir
laetheamhla, agus na páipéir seachtmhanamhla atá
faoi stiúrúghadh ár muinntire féin, maille le
cóip chuig daoine mar an Dochtúir Eabhrach,
Árd Easbog Ó Faircheallaigh, An Breitheamh
Mac Eóchaidh, etc. Dá dtiucfaidhe i n-éadan
na hoibre ar an gcuma seo tasbáinfidhe dóibh
go raibh sinn dháiríre píre san sgéal, agus níl
aon duine is fearr a thaitnigheas leis an bPúncán
ná is mó a thabharfadh sé cluas dó ná an té atá
dháiríre.



B'fhéidir go n-abróchaidh duine eicínt liom
“Is beag an baoghal go ndéanfaidh an Púncán
tada dá shórt.” Níl fhios ag duine ar bith
beo an ndéanadh siad é nó nach ndéanadh, acht
tá seans maith go ndéanadh má iarrtar ortha
é mar is ceart. Acht tá aon rud amháin cinnte
ní gheobhfar é sin, ná aon rud eile, muna
n-éileóchaidh sinn é.



Tá trí réasúin agam lé tabhairt faoi go
gceapaim féin go mba dóighde go dtabharfaidís
an tús áite dúinn.



(1.) Thug Riaghaltas Mheiriocá tús áite do'n
tír seo againne in aimsir Grattan, agus má
rinne sí sin ós cionn céad bliadhan ó shoin,
goidé an fáth nach ndéanfadh sí arís é?
(2.) Tá cúmhacht mhór ag ár mbunadh sinne san
tír; tá i bhfad níos mó aca lé déanamh anois
le Uachtaráin, agus Seanadóirí, agus Féisirí
do chur isteach nó do chur amach ná mar bhí aca
san am úd. Tá lucht polaitidheacht an Oileáin
Úir ar nós lucht polaitidheachta ins gach tír san
domhan, tá sé níos fusa gealladh a bhainnt díobh
roimh aimsir an togha ná mar tá sé aon am eile,
agus is anois an t-am leis an gealladh do
bhainnt asta.
(3.) Níl againn le cur amach chuig na Puncáin
acht líonéadach, lásaí, éadach olna, runacháil,
sgadáin agus b'fhéidir bagún. Ní mór gur
fiú áirimh an méid de na hearraidhe seo atá
san Oileán Úr, agus nuair atá an sgéal mar
seo, níl aon chomórtas idir iad agus earraidhe
i dtíre féin, agus nuair nach bhfuil níl sé chomh
dóighide go mbeidhfidhe in a gcoinne.



Bhí mé ag cainnt le fear an lá faoi dheireadh
agus bhí sé ag cur síos ar chomh cáirdeamhail is bhí
sé dá chomharsa bhéal dorais, agus chomh maith
is bhí sé dó. “I am always ready” ar
seisean “to do my friend a good turn, provided
I do not lose anything by it myself.”
Sin é fearacht Uncle Sam linne agus ó tharla nach
gcaillfidh sé féin rud ar bith leis an so-leas
beag seo a dhéanamh dúinn, is dóigh go ndéanfadh
sé é.



Bheadh sé furasda go leór earraidhe na
hÉireannn a dhíol san Oileán Úr dá mbadh rud é go
leigfidhe isteach iad níos saoire ná mar leigtear
faoi láthair. Tá an cháin chomh hárd sin faoi
láthair is go mbíonn siad ó cheannach ar a dhul
isteach dóibh tá siad chomh daor sin. Cuir i gcás
go gcosnóchaidh slat éadaigh 8s. an tslat in
nÉirinn, tá 7s agat lé'n íoc ar an tslat sin le
Uncle Sam sul leigfidh sé duit é thabhairt amach
as Teach an Chustaim. Sé sin le rádh an tslat
éadaigh a gheobhfaidhe annso ar 8s. béidh chúig
sgilleacha déag le'n íoc ar san Oileán Úr. An
iongantas nach bhfuil mórán do éadach na
hÉireann ar chlann na hÉireann ar an taobh
eile de'n Fhairrge Mhóir?



Tomás Ua Concheanainn

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services