Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cáin an Oileáin Úir agus Déantúisí na hÉireann - I.
Title
Cáin an Oileáin Úir agus Déantúisí na hÉireann - I.
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cáin an Oileáin Úir agus Déantúisí na hÉireann — I. Nuair a bhíos san Oileán Úr anuraidh chualas a lán daoine, idir Éireannaighibh agus eile, ag cur síos ar Dhlighe na Cánach. Cias is maoite de na Coinghil Shasannach-Phuncánach (má's sé sin an leagan ceart air an Anglo-American Alliance) ní'l aon nídh eile in a gcuireann na daoine go hiomlán an oiread suime is chuireann siad i nDlighe na Cánach. Níl na Republicans ná na Democrats ná aon aicme eile polaiteidheachta sásta leis an Dlighe mar atá sé faoi láthair. Is ceart a rádh annso go bhfuil muinntir Mheiriocá ar fad a bhfabhar cáin do chur ar gach earraidh a tugtar isteach san tír, acht an dream ata i gceannas le suas agus anuas le sgór bliadhan anois, siad sin na Republicans, tá siad-san i bhfabhar Cáin ana-árd ar fad; síleann na Democrats go mba chóir an cháin a laigheadughadh go dtí an méid difrigheacht' ata idir an pháighe a tugtar do na hoibrightheóirí thar lear agus an pháighe a tugtar dóibh san Oileán Úr. Ní shásuigheann seo na Republicans ar fad. Badh mhaith leó é bheith i bhfad níos áirde; acht mar dúbhras cheana admhuigheann siad agus gach aicme eile go mba chóir an Cháin do ísliúghadh seachas mar atá sé. Deireann na Democrats gurab í an Cháin árd is cionntach leis an bheatha a bheith chomh daor is atá sí. Chuaidh an bheatha suas agus chuaidh an cíos suas agus an t-éadach suas, agus gach rud eile riachtanach chun an t-anam agus an cholainn a choinneáil le chéile, cion 50% le 20 bliadhain, agus ní dheachaidh an pháighe suas dá réir sin. Deireann daoine eile gurab iad na Cumannacha Móra sin in a dtugtar na Trusts ortha is cionntach leis an gcosdas do árdúghadh. Creidim go bhfuil cuid de'n cheart aca araon, acht is dóighide go mba goire de'n fhírinne a rádh go bhfuil cuid de'n chionnta ag baint leis an gCáin <04> Árd a chur na Republicans i bhfeidhm, agus cuid de'n chionnta leis na Trusts. Sé baramhail gach n-aon go mbéidh Uachdarán Democratic in áit Taft an bhliadhain seo chugainn nuair a bhéas an Togha Coitcheannta aca. Tá furmhór Baill Chongress ina nDemocrats cheana féin, agus is dóighide freisin nach fada go mbéidh furmhór na Seanaide de'n 'aicme chéanna polaitidheacht'. Má thuiteann na nithidhe seo amach roimh bhliadhain ó indiu (agus do réir gach cosamhlacht' tuitfidh) béidh Cáin an Oileáin Úir dá hísliúghadh. Beidh athrúghadh bunudhasach curtha ar an dlighe agus sin é an t-am tráthamhail dúinne féachaint leis an dlíghe athrúghadh sa gcaoi go rachfadh sé chun tairbhe dá'r dtírín féin. Cuireann cuid mhaith de na Gaedhil sa Oileán Úr suim mhór i nÉirnn. Cuireann siad níos mór suime ins na Déantúisí, b'fhéidir, ná mar chuireann siad in aon roinn eile de náisiúntacht, cia is maoite de Fhéin-Riaghaltas, agus níl aimhreas ar bith agam nach dtabharfaidís gach congnamh uatha, dá gcuirfidhe an sgéal rompa mar is ceart. Bhí mé ag cainnt le Éireannach darab ainm Séamus MacThomáis as Louisville, Kentucky, agus sé a thuairim seisean go mbeadh seans maith go dtabharfaidhe tús áite sa Dlighe nuadh do Earraidhe na hÉireann dá dtiucfaidhe in éadan na hoibre mar is ceart. Tá an fear seo ag cur suim san teanga agus 'ins na Déantúisí le bliadhanta. Tá ainm i n-áirde aige ar a theach mhór gnótha i nGaedhilg agus tá níos mó de earraidhe na hÉireann ina theach ná mar tá i dteach an té is Gaedhealaighe againn san mbaile. Tomás Ua Concheanainn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services